Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Naile (Author: [unknown])

section 14

Ocus amhail do bhattar ann ag córuccadh a c-cadaigh, & ag daingniuccadh a n-deigh-ríaghla, & ag mosccladh dá móir-fhertaibh, 7 ann at-conncatar an m-buidhin c-crodha c-cosccraigh, & ócc macamh díles deigh-dhealbhdha a t-tús na tréun-bhuidhne-sin, & ro bennaighedh léo go cobsaidh ceill-feichemhanta do na cleircibh; & do freccradh aca-somh sin go blasta binn-briathrach, & ro fiarfaighetar na cleirigh a n-aoin-feacht cuich í an óccshlat il-delbach anaithnidh út. Ocus ro freccradh na h-aithescca-sin aca-san, & adubhratar gur mhac {folio 135r} d'Irghalach, mac Eignigh, mic Fergusa, mic Aodha, mic Corbmaic, mic Coirbre an Daimh-airgitt, mic Féicc, mic Deghadh Duirn, mic Rochada, mic Colla Focrich, mic Eachach Doimhléin, mic Cairpri Lifechair, ro búi ann.

Ocus do fiarfaighettar na cleirigh a n-aoin-fecht: ‘Cred adhbar a n-gluasachta go grod-urlamh, & a t-toscca go tinnesnach?’ Ocus ro fhreccair an macaomh go milis-briathrach an comhrádh-sin, & is edh adubairt: ‘Ar bhar c-comairce-si damh’, ar sé, ‘& ann bar c-coinne do ghluaises, & is slan mo se bliadna déc re a n-deghairemh, & nir baistedh o m-breith gusan m-búan-áois a


p.111

b-fuilim aníu. Ocus is edh is áil damh, mo bhaistedh on bhoirb-diabhal, & togha chum na Trinoide’.

Ocus do raidsettar na cléirigh, as cubaidh an comhairle, & as aithesc rioghdamna, & do fhíarfaighettar na cléirigh do Shinell shoigniomhach cía do dhénadh an baistedh gan bhréccnuccadh, óir is é ba h-eapscop ar na h-uasal-naomuibh, & fa shine do na saoir-cléirchibh. Ocus do freccair Sinell sochar-mór & adubhairt gurb é Naile búd córa da dhénamh, úair ni raibhe benefís a m-buan-talmain ina pinginn ag an b-prímh-cléirech acht daingen a dhíadhachta aga dlúth-coimhétt. Ocus do freccair Naile an naoimh-epscop & adubairt gurab dó féin do chedaigh an t-aóin-Día a dhlúth-bhaisttedh.

Ocus do gabh tnuth & trom-format na cleirigh fan {folio 135v} m-baisttedh do chettuccadh do Naile nairech-binn, & asa h-aithle-sin tuccadh a ghlain-leabhar búain-fhertach baistte go Naile, & do chanustair a bhúain-leighionn brioghmar baistthe os cionn an macaoimh a b-fiadhnaisi na n-aird-cleirech. Ocus tárraidh a lámh-clocc, & tucc a trí lan do ghlan-uiscce an grian-locha fa cenn an macáoimh 'gá mór-bhaistedh, gur bo h-e an clocc cruth-fhalláin sin rob athair, & ro ba topar búan-oirderc baistte do Lúán 'ga leasuccadh.

Ocus asa h-aithle sin do ghabhustair Naile an macáemh ina ucht, no idir a dá laimh, 'ga leasuccadh, gur cuir fon uiscce, & is amlaidh tainic an macáomh aníos, & bradán ball-chorcra i n-gach ladhair leis, & do tógustair an náomh ar leic nosmair Naile é. Ocus at-connairc Flannan, mac Fiachna, mic Fergusa, & na cléirich ar chena na ferta-sin, & at-bert Flannán go fuasáidech: ‘Is lúthamail, nó is ionlogha tainic an ghein ghruadh-chorcra ghnúis-nárach gorm-rosccach ó ghlan-biastedh’. Ocus do fhreccair Naile co nós-oirrdheirc na h-aithescca-sin, & is edh adubairt: ‘As buadhach ro bhaistes an bhláth-choindeal, oir búdh Lúán a ainm gan amharus on lúth do rinne an macaomh 'ga bhaistedh.’