Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Naile (Author: [unknown])

section 8

Cid tra acht as í-sin uair & aimser {folio 131r} tarla Mo Laisi Daimh-Innsi ina áird-legaid oireghdha, & da náomh deg da muinntir a n-ionad na n-apstol ina timcell. 'Ar sin ro gabh galar gaibhtech grod-urlamh Mo Laisi ar in lathair, & do bí aga thiomna do Dhía & do na degh-naomhaibh gan tuisel. Ocus at-bertatar na clérig: ‘Cia 'ga b-fágba h-ionadh, a aird-erlaimh?


p.104

nó cía bús mac díadha d'ar n-degh-múnadh, do sccrios ar b-peactach, & do dhíorgadh ar n-díadhachta?’ ‘Cia ámh aga f-fúicfinn?’ ar Mo Laisi, ‘acht ag nan éo fhosaightech ullamh-ghlic, & ag an coinnill diadha degh-craibhtigh .i. 'gum dalta, & 'gum degh-brathair .i. ag Naile nósmhar-ghlic? & muna chreitidh-si an cleirech do chaomh-togha damh-sa & do Dhia, an clocc céoil-bhinn corp-slan-sa fam cionn-sa lingfidh ar ucht anti dárab diongmala an deigh-ionad’.

Cid tra acht a h-aithle na h-iomaccallma-sin do sccar a anam re a cholainn, go ruccadh a anam gan amharus do coimhlíonadh na náoi n-ord n-ainglidhi. Ocus mar do bhattar aga coisreccadh, & na naoimh aga niamh-torramha, as ann tainic Naile da ionadh 'sin airm i r-raibhe; mar do battar ann, gur ling an clocc ceoilbhind caoimh-fertach ó chionn Mo Laisi a b-fiadnuse na c-cléirech, gur thoirnestair ar ucht an naoimh-chléirigh, gur canatar na cleirigh ag fertain failte: