Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Naile (Author: [unknown])

section 2

Is don Eitne-sin tarfás an aisling inggnáthach iongantach .i. toirrces do theccmáil di, & a follamhnuccadh go lán-urlamh, & cuilén feidhm-nertmhar fer-chon do breith don toirrces-sin, & a fortraccadh a lemhlacht gur bo lan d'as & d'fir-lemlacht, gach aird & gach uchtach i n-Eirinn da éis. Ocus bedhgais an ríogan as a codladh re h-iongantaighe na h-aislinge, & ro dúisigh sí an rí go ro-urlamh, & do-ronsat na roinn-si:

    1. Aisling at-connarc gan col,
      A Aongais na nech n-athlamh,
      A rí Clíach, as ríoghdha an goil,
      Tucc imsniomh mór im menmain.
    2. At-connarc ben torrach trom,
      A Aongais na roscc ro-mall,
      A rí Muman, as mór cairt,
      Re h-edh náoi míos gan malairt.
    3. Ro lamnadh me da eis soin,
      A meic Nadfraoich feidm-nertmair,
      Assedh ruccus, a ded geal,
      Cuilén feramhail fer-chon.

    4. p.101

      {folio 129v}
    5. Fothraiccther a lemhnacht lán
      An cuilen cona becc snámh,
      Gur' bó lán gach íath re a linn
      Do lemhlacht uile i n-Eirinn.
    6. Do raid Aongas fa geal cnes:
      Bérair mac, budh é do les,
      Lionfaidh an Éire gan fheall
      Da chrábudh 's dá caoimh-leigeann.
    7. Do-rad Patraicc bennacht m-buain
      Duit is damh i c-Caiseal crúaidh,
      An uair tucsam an baile binn
      Do Patraicc mor mac Calpuirnn.
    8. Do raidh riot go m-bérta mac
      Damh, a inghen as geal glac,
      Gomadh lan beoil f-fer n-Eirenn
      Da chrabhadh 's da cháoimh-léighenn.
    9. A inghen Criomhtainn na neach n-ard,
      Bí go subhach, a gheal gharg,
      Ag sin duit, gid geal do lí,
      Breth urlamh na h-aislingi.

      Aisling.