Feachtus do-deachaidh Cairpre Crom, mac Criomtain, go Dun Tulcha Aird .i. go tech Fínáin righ Fer Muighi do chuinghidh inghine a mathar fair .i. Cranatan, inghen Buicin meic Cain Moir. Ocus ro ba maith le Finán sin; & rolá dá ghilla uadh go Dísert Cranatan ar lar Duibh-fedha .i. Cuainir & a brathair; & at-bertatar ria, tíachtain do accallaimh Fináin. Tainic leo sísd ón m-baile, & ro foillsighedh dhi an toiscc, & ro fhiarfaigh cidh ar a rabhus di. Ocus ro raidh andara fer: Bidh fada go f-finnfa uaim-si. Ní rabh dot síol nech fhiarfóchus sccel, ar issi. Ferg lai-siumh sin, & do-cuaidh rompa go fada. Ocus ro innis an fer oile .i. Cuanir, scéla dhi-si; & tainicc si don t-slighidh síar; & ros-creid go diocra do Dia, & ro chinn ina menmain na raghadh go fer, & nach millfedh a h-oige, & ro athain nach leiccfidhe ar a comhairle féin h-i. Ocus ro bhen a dí súil as a cinn & dos-fucc i l-laimh na dí chailleach battar ina farradh .i. Mael Bracha & Laithche. Ocus do-ratt Maol Bracha an t-súil tuccadh dhi ina leine aici, & tucc Laithche an t-suil ele h-i crann, & cáennach becc fuirre.
Ocus do-chuaidh an gilla rompu; & ro innis sgela d' Finánus; & eirgidh Finán go solamh, & léiccidh an fhithcill bai d' imirt ar lár, & ticc i n-acchaid na caillighe. Ocus an tan at-concatar na mná Finán, ro raidh Cranait:
- A Fínáin, gé bé go tenn, et reliqua.
Ocus ro impo Finán, & ro innis scela do Chairpre; & fa fercc
- A rí Chaisil, an maith lat
O Chulchan a n-at-connac?
Barr biruir, in faemha an proinn?
Ocus arán briscc Bithlaind.
Ro ob Cairpre sin, & ro troiscc; {folio 129r} & ro raidh Culchan gurab bith-trosccadh; & ro raidh Cairpri gurab bith-fásach do cheall-sa, & na tí neach di. Ocus ba marbh an oidhche-sin Cairpre tre breithir Chulcáin & Chranatan; & ruccadh-somh go Cill Cromglaisi ar matain; & ro raidh araile fer ann-saidhe:
- Inmhain corpán súd uainn soir,
Corpan Cairpre meic Criomhtain,
Corpán do bidh fó mhaisi,
Berar do Choill Chrom-ghlaisi.
Tucc Fínán immorro do Chranatain a shíol dia foghnamh, & a dhún cona ferann .i. o Dobernaitt a túaidh, & ó Árd Ratha go Nem lind-maighrigh risan abar Abhann Mór. Ocus for-faccaibh si búadha móra dó, gé ro ben righe fair, .i. buaidh laoch & cleirech, & datha ar édach, & buaidh n-gaisccidh & ferainn, & a shíl féin dia c-caithemh. Ocus tainic roimpe conuicce an Scath derc.
In annso, ol siatt, talladh do roscc as do chind. Reccmaitt a les anossa h-é, ar Cranat. Mairidh accum-sa do leth-roscc, ar Máel Bracha. Tabhair im chind, ar Cránait, go ma lughaitte damh na gona. Tucc-si fo cetóir, & ro len
- Mo dherc-sa, gidh dercc a dath,
As mór a fercc is a crith;
Antí da t-táinicc a crádh
Ní raibh go sámh ar an m-bith.- Ro fáccbus mo shile sunn
Ar daigh righ na ruine tall;
For-fettar a dic a teach,
Ge adera nech is am dall.- Dom déoin ro chuires amach
Do rinn mo mhéoir ina rith,
As tall fo-gebhainn mo cradh
Dia m-beinn go samh ar in m-bith.- Bith ro bhuaidhir síl n-Adhaimh
Da crith ocus da chéolaibh,the line has a syllable too many
Ní má tabhar dó an dá ceill
Gibe na caithind deolaidh.- Maircc deolaidh caithes a mhír
Do reir anéolais go h-án,
Maircc nach faichlenn lá na cith,
Maircc bís ar bith gan a cradh.
- Ni crádh lém menmain anocht
Gan lucht an teghlaigh fom smacht;
At-lochar dontí do-gní
Mar atá mo clí fó smacht.- Martra, as ionmain an monur,
Daigh rígh na carcra carair;
Treabhlaitt fhotta ó Mhac Muire,
Mochin duine da t-tabair.- Gibe na fuisme ar bith ce
Daigh Dé, 's na tuicfi cech día
Imned do gorus dá cli,
Righ-neam glan-solus ni ría.- Fuisidin chinadh do neoch
As iodhan, 's ni báeth an breth;
Cuingid dílgadh dibh go moch
Nárab croch cir-dubh mo derc.Mo