Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 18

60

Do mholatar cách a c-coitcinne gur maith gach ní da n-dubairt an t-eccnaidhe. Ocus atbert Blathmac gur mor na míorbuile & na ferta doronadh annsin. ‘As fír éiccin,’ ol Mac Creiche, ‘úair bidh Druim na f-Ferta ainm an droma sa óníu go bráth, & bidh é Loch m-Broicsidhe in loch sa thios go bráth.’ Ocus doronsat na cleirigh a c-codach & a n-áontaidh re 'roile; & doroine Mac Creiche ulaidh & adradh, & tuccadh a chána & a chumhala go {folio 97r} Mac Creiche; & do gabh acc ceilebradh don tír, & acc techt tar a chánaibh; & isedh asbert: ‘Maith an turus tangamar don tir-si da cabair; & bidh maith doibhsiumh é, dia c-coimhlit mo chana sa rim fein, & rém comharbaibh tar éis a chele go brath, & bidh olc muna coimhlit.’

61

Ocus atbert an laoidh ann:

    Mac Creiche

    1. Maith an turus tangamar
      Do dhéoin coimsigh cáimh,
      Do chobair shluaigh Fhermhacach
      As gach tír do thir.
    2. Broicseach aga sluccadh san
      Uille na gach olc,
      Uil-peist uathmar anaithnidh
      Nír fétadh a coscc.
    3. Maoldala is Mac Aiblen
      Is Blatmac as cáidh corp,
      Ocus náoimh in tíre so
      Nír fhétsat dibhsi a coscc.

    1. Do raidhset na naoimh
      A n-aithesc go grod:
      'Fáccbaidh uile an tír;
      Ni thicc dhinn a coscc.'

    p.46

    1. Fiarfaighit flaithe Fermacach
      Do Bhlathmac blaith-bán:
      'Re furtacht in m-bia ar súil
      No an f-fuil duin a n-dán?'

    1. 'Eirgidh co mac ochta Ailbhe,'
      Ar Blathmac co m-brigh,
      'As esin gan breicc
      Diongbhus an plaigh díbh.
    2. As dó do deonaigh Día
      Do ched choimsigh cáimh,
      Gach teidhm is gach tres
      Do chor as bhar t-tír.'

    1. Tiacchait flaithe Fermacach
      Dom iarraidh budhdhes,
      Da f-furtacht da f-foiridin;
      Turus dob é ar les.
    2. Fuaratar me ar clar-mhaghaibh
      Ar brú Locha Léin;
      Damhsa, mar búdh lan-mhanaigh,
      Do shlechtsat go léir.

    1. Adubhratar uile,
      An sluagh féta finn:
      'Do breth dheit, a naoimh-cléirigh,
      Tar is cabair sinn.'

    1. Do ghellsat damh uile,
      Feraibh, macaibh, mnaibh,
      Sgreapall gacha duine,
      Is beith uile fam' cáin.
    2. Teccar damh Día a rathachus,
      Orra as fír an fath,
      Imon m-breith neoch do fhaccbus sa
      Do comhall go brath.

    3. p.47

    4. Ticcim-si leo anall
      Tar Sionainn na sreabh,
      Teccait —óir as fír —
      'Sa tir leth ar leth.
    5. Teccait uile an tír
      Cugainn inar n-dáil,
      Ocus slechtait damh,
      Feraibh, macaibh, mnaibh.
    6. Ticc an peist 'na n-diaid
      'Sa choraidh gan cosg,
      Ticcit ar mo chul,
      Is geibhim mo clocc.
    7. Aitcim Iosa oll
      Go ro coiscc an peist,
      Ticc caor asin clocc
      Go n-deachaid 'na cráos.
    8. Lasaidh a brú bailc,
      Ar ba glan in rún,
      Gan bréicc, is na ceil,
      Téid a neimh ar cúl.
    9. Tionntaidh tara h-ais
      Gusan loch budhdein
      Mar rainic a bruach,
      Beiridh 'na lar léim.
    10. Téid fan loch budhdéin,
      Tic cathir 'na sproc,
      Donít an sluagh uile
      Altuccadh buidhe a coiscc.
    11. Ticc 'sa loch arís
      'Na sesamh, fa grain,
      Eighit uile an sluagh;
      Uch, fa truagh an gháir.

    12. p.48

    13. An fad do bí an peist
      'Na sesamh mar sin,
      Fa furtacht domria
      Aitchim Dia do nimh.
    14. Ticcim urcor dhi,
      Oir fa luinne lem,
      Do chumhdach mo chinn
      Cuiridh é fa a cend.
    15. Gabhais fós 'ga h-iombathadh
      Mo bharrain —réim raith —
      Ba réil do chach uile
      'Na choire mhór maith.
    16. Dingis ina cam-lubaibh
      Isin loch co léir,
      Gan eirghe fá cách
      Go t-ti bráth don peist.
    17. Slechtait damh na slúaigh,
      Feraibh, macaibh, mnaibh;
      Teccait damh co léir
      Mo breath féin do cháin.
    18. Teccar damh annsin
      On t-sluag féta fhinn
      Cáin gacha treas bliadhna
      Ar riaradh mo mhinn.
    19. A each is a erredh
      Ro dam fia sa on flaith;
      Rot fia sa ón anos
      Asa los gach maith.
    20. Mo screapall bec bith-beo
      Damh do dhéonaigh Día,
      Ni berar marbh anabaidh
      Asin tigh i m-bia.

    21. p.49

    22. Pinginn cíos mo cleirigh
      Nech tucus on Róimh,
      'Sa h-íc do réir riaghla
      Gacha bliadhna doibh.
    23. Faccbhaim buaidh tigerna
      Foran tír búdhdéin,
      Buaidh rioghna, buaid rechtaire,
      Cén rabhat dom réir.
    24. {folio 97v}Buaidh riogh, buaidh rechtaire,
      Búaidh c-cleirigh h-i c-cill;
      Búaidh maisi, búaidh marcaidhechta,
      Búaidh óla gach linn.
    25. Faccbaim ith is bliocht
      Isin tír-si attáim;
      Faccbaim mes is mor-toradh
      Cén coimhlit mo cháin.
    26. Faccbaim-si buaidh n-gaisccidh
      Da laochaibh gan fhell;
      Cen coimhlit mo cháin
      Ní berthar a n-geall.
    27. Urnaighthe mo mháoir,
      Dínech mo cluicc cáidh,
      Síad dibh ar gach m-beirn
      Diongbus teidm is pláigh.
    28. Trí fáidhe mo cluicc
      Romhaibh h-i c-cath cruaidh,
      Acht go c-coimhle a gheis,
      Bérthái leis gach búaidh.
    29. Céd-laogh, ced-úan, céd-mennán,
      Céd-arc crána a cró,
      Dlighim do shlúagh Fermacach,
      Aderim ní gó.

    30. p.50

    31. Faccbaim-si da righ
      Eirghe roimh mo clocc;
      A meth fan treidhe
      Muna eirghe go grod.
    32. Gach plaigh, is gach galar,
      'S gach teidhm uathmar án,
      Dingebat da c-cetraibh
      Gen coimhlit mo cháin.
    33. Da f-feraibh, da mnaibh,
      Da n-iarsma budhdéin
      Dingebhat na plagha sa,
      Gén rabat dom réir.
    34. Gach nech diobh dom riara sa
      Beid ar deis Dé bí,
      Rachait uile ar nemh,
      Eter fher is mhnáoi.
    35. Da c-congbat cáin comhramaigh
      Gach aon díbh da n-dual,
      Cuingeobhat go h-oll-bladach
      Iad ar in m-bith m-buan.
    36. Bidh me an uil-peist ledartach,
      Da n-dernait rim gó;
      Bed sa riu go freccartach,
      Da millit mo scéo.
    37. Atlochar do Día;
      An péist, as garb rún,
      Oír as damh as ced
      Gan a techt ar c-cúl.
    38. Atlochar do Dhia
      Mo bharráin co bráth,
      Mar do ládh fan pést,
      Conar léicc fo cách.

    39. p.51

    40. Ger bó h-édach lachtna
      Mo bharráin —réim raith —
      Ata 'mun peist gan brón
      'Na choire mór maith.
    41. Gach aon don tír toccbus
      Mo clocc co reim raith
      Osa glún le gó
      Fáccbhaim-si dó meth.
    42. Mo secht fichit bliadhan
      Co feil cainnel raith,
      Atlochar do Dhía
      Gach ar fiad sa maith.

    Maith.

Conidh betha Meic Creiche co n-uicce-sin, 'arna scríobadh lasan m-brathair m-bocht Michel O Clérigh i c-conuent brathar Dúin na n-Gall, 11 Maij 1635, asan c-cóip do scríobh an bráthair cédna i c-conueint Innsi i t-Tuadh-Mumain a mí Iuin na bliadna-sa 1634, asan leabur do sccríobh Maoilechlainn O Callannáin h-i c-Cill Maoilodhrain do chomarba Mheic Creiche, an tan rob áois do Chriost 1528.