Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 16

50

Ocus tiomairccit an tír iarsin ina t-timcell, & ceileabhrais Mac Creiche don tír; & beirid bennachtain úatha, & fáccbaidh bennachtain aca; & gluaisit a f-frithing na conaire cedna tara n-ais, go riachtatar bruach na Sionna sriobh-aille, & tangatar tar sruth anall. Ocus ó tangatar, muscclais an pheist, & léiccis fon tír í


p.40

asa h-aithle. Ocus teichit an tír uile reimpe co riachtatar co coraidh Cille Subhulaigh, & tiagait uile tar in c-coraidh anonn. Ocus rainicc Mac Creiche chuca isin tres lo; & ase uair & aimser sin, & an peist ina n-deiredh aga n-athcuma, & gáire troma truag-neimhéleacha agna sluaghaibh reimpe, & in uair ba troma na tromghairthe, atchíad an t-sochraitte sloigh da n-ionnsaigedh .i. Mac Creiche craibhdech, & sléchtuit uile dó, feraibh, macaibh, mnaibh; & imtiaghait an magh ara n-gluinibh i n-docum Mhec Creiche, & tiomnaid iad féin dó, i n-dáoir-cíos foghnamha, & da mhancaibh thara éis.

51

Ocus ní cían do bátar ann go f-facatar aeghairedha na n-eide & na n-innile chuca, & in peist ina n-diaidh, & teichit cach uile ar cúlaibh an clérigh; & ticc an peist isin c-coraidh co f-feircc móir & co luinne; & do theilccedh caora teinedh tara craos ciocrach, confadhach, gur gabh omhan mor an clerech, & bái Mainchín ina dhiaigh, & in Finnfaidhech aicce. Ocus adubairt an cleirech: ‘Atroich mo chlocc damh, a Mhanchin,’ ar Mac Creiche; & cuirit na sluaigh cechtardha a n-gnúsi fri lár, & atbert Mac Creiche na briathra sa:

    Mac Creiche

    1. Do neimh ar c-cul go c-cuire Crist,
      A fuil fat rún gurab é nos íc;
      Do neimh ar cúl co c-cuire Día,
      Nar leícce form do neimh ni as sia.
    2. {folio 95v}
    3. A bhroicseach borb, na druid aníos,
      Anal mo chluicc im cend do cráis;
      A bhroicsech balbh, gidh garbh an dáil,
      Meisi dod choscc, a h-ucht Criost cáidh.
    4. Moirsheiser árchaingel
      Asin cathraigh cáim
      Do dheoin Dé an dúilemhain
      Dod dhiochur dím.
    5. Cetrar sáor súisccélaid
      Turnfaid sin do thréoir,
      Matha is Mairc 'na m-buidhin tréin,
      Lúcas ocus éoin.

    6. p.41

    7. Aitcim-si na naomha
      Aitcim na h-ogha,
      Aitcim-si na h-uile
      Gurb at cuire cródha.
    8. Aitchim-si dom fhurtacht
      Naoimh in bhetha buain,
      Combet sin lem guidhe

      Uile thes is tuaidh.
    9. Aitchim si dom furtacht
      Crist, cathbarr cáich,
      Rí an richid, Rí nimhe,
      Rinn-bhile os ráith.
    10. Día mór diochra díolgadhach
      Mac Muire, na ceil,
      Iarraim, áilim, athchuinghim
      Co c-coisgi do nimh.

    Do.

52

Asa h-aithle sin aithiarrais Mac Creiche in clocc, & tucc Mainchin dó é, & benais an clocc co lonn, gur bedhg an pheist, & gur eirigh for a cosaibh deiridh, gur bo mó ná dois-bhile bairrleabur buadha, no cloictheach ar cnoc h-í; gur bo h-urgrain mór a h-iomat griobh & ingen eiste, & gabhais omhan mór an cléirech acc faiccsin na péiste. Et orauit secundo ad Deum, eleuatis manibus et flexis genibus, dicens: ‘Deus pius, Pater omnipotens, author misericors, Deus uerus, unus, solus et trinus, miserere mei, Domine, secundum magnam misericordiam tuam, quia Tu es Pater meus potentisimus, et Deus meus pius, Tu es uictoria mea magna. Tibi comendo me totum, et líbera mé, Dominé, ab ista uerme mortifera et a uénéno brócside quia Te adorabo, Te laudabo, ad Te uadam et in Te requiescam, qui uiuis et regnas in scecula sceculorum. Amen.’.

53

Ocus asa h-aithle na h-edarguidhe sin don cleirech is amhlaidh do bi an pheist ina sesamh an fedh do bái Mac Creiche ag denamh na h-oraitte. Ocus léiccidh isin c-coraidh í asa h-aithle go f-feircc aduathmair urgranna ioggnathaigh, gur bo comhmor do theilccedh a caóra teinedh tara craos cíocrach confadach, & tar


p.42

tollaibh a sróna; & do thoccaibh a bruth piastaidhe fuirre, gur bho fordhercc a driuch, go m-báoi fordhrucht fola fordeircce for gach n-áen ruainne ina curp ótá a h-ó gó a h-erball. Uch tra, as maircc do Mhac Creiche do bái ara cionn isin choraidh, muna beith in fír Dia forordha trena chumachtaibh da coscc. Ocus 'arsin edarghuidhis Mac Creiche an Tigerna go tinnesnach ima thesarccain ar neimh an ainmidhe urbhadhaigh, & asedh asbert: ‘A chinn mo chomairle, a Choimdhe cumhachtaigh, a triath, a tigerna, a oide, a anmcara, a mheic na mór-óighe, diongaibh diomh an onchoin-si, amhail as dech liom, a Rí & a Ruiri, co nach cuiri sí im cend.’

54

Asa h-aithle sin tuairgis Mac Creiche in clocc fecht fo trí, & an peist ag siubal 'na coraidh go céim dhíoghainn, & a cráos ar comhlosccadh, {folio 96r} & an treas fecht do sceinn cáor theinedh asin c-clocc h-i c-cráos na péisti, & lasaidh a cráos foran b-péist. Ó do mothaigh in pheist a compur ar comhlasadh, do ionntó isin c-coraidh go sgredghail & go sgréchad adhuathmair, & do eirghettar na slúaigh cechtardha, & do toccbatar gáire comhmóra coitcionna cathaiseacha comhmaidhme. Ocus do len Mac Creiche in phést, & a trosdán cam cos-caol ina laimh, & gabhais for tiomáin na piasta dia trostán, & ticc Mac Creiche a n-diaidh na piasta, & Maoldala, & Mac Aiblén, & Blathmac, & naoimh an tíre archena i n-diaidh Mheic Creiche; & an tir uile arcena, feraibh, macaib, mnaibh, i n-diaidh na c-clerech; & il-ghretha & iol-gaire mora agna sluaghaibh i n-díaidh na péiste. Ocus do ghabhatar rompa fon ionnus sin, go riachtatar an loch; & rucc léim isin loch, & dochúaid fho domhain an locha. Do thoccbatar na sluaigh & na cleiricch comhgháire móra ag altachad bith-buidhechais do Dhía, mar do coisccedh díobh an pheist.

55

Ocus ní cían do battar ann, co facatar in loch ag maidm ina bhuinneadhaibh borb-ruadha tar bordaibh in locha; & asa h-aithle sin eirghis an pheist ar lár in locha ara cosaibh a c-certairde fón chéd-ionnus. Asa h-aithle sin toccbaitt na sluaigh gáire móra ag aithcéodh & ag imdherccadh an cléirigh; & gabhais adhnaire mór Mac Creiche imon péist d'aitheirge, & bedhgais a croidhe ina cliabh, & fechais aran firmamint, & edarghuidhis ina inntinn &Íosa, & fechais ina thimcell fecht n-aill, & ní fhuair ní da t-tuairccfedh


p.43

no da t-teilgfedh an phéist acht enní; ní bái nech ina comhfoccus in tan sin acht Mainchin amháin. Ocus scairtis Mainchín for Mhac Creiche, o't-connairc na sluaigh cechtardha 'ar t-teiched. Is annsin tucc Mac Creiche a lamh for cenn-cumhdach a choroine .i. cumdach édaigh lachtna bái occa amhail barráin, & tuc urchor ar ammus na piasta gur gabh cumhdach coroine in chriostaidhe ar coimhlethadh, & an barráin ag bioth-tromugadh foran b-peist, co ro taidbredh doibh uile h-é ina cochall iarainn aithleghtha ag coimhlethadh iman b-péist, go f-facatar cách a c-coitcinne an pheist ag cromadh ina cam-lúbaibh fon m-barráin, co rucc leis co fudhomhain an locha, gan aitheirge go bruinne bratha & bethad.

56

Ocus tóccbhait na slúaigh cechtardha iol-ghairthe móra ag tabairt tesmolta for Mhac Creiche, feraibh, macaibh, mnáibh; & léiccit na clerigh a n-glúine fri lár, & doronsat a c-codach & a n-áentaidh re Mac Creiche, & tuccatar iad féin i n-daoir-chios foghnamha dó féin, & da mhanchoibh. Ocus asa h-aithle sin doní Mac Creiche altachad buidhe do Dhía imna miorbuilibh mora sin .i. an broicsech do bádudh, & atbert:

    Mac Creiche

    1. Atlochar sa dom Rí ruanaidh,
      A flaith neimh-iaith n-ellaigh,
      Mar do láis —loisgeadh go m-búadaibh —
      An bhroicseach fa mhelaibh.
    2. Atlochar sa don flaith cedna,
      Óir as raith a rúna;
      Co t-toire in loch a lera,
      Ni léiccfe í for c-cúla.
    3. A sliabh dercc-óir uas glan-alla,
      A senmoir gan gubha,
      Atlochar don Rí adrala
      Nacam frith rem tubha.