Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 14

42

Firta amhra oirdherca doronadh la Mac Creiche .i. da t-tangatar tedmanna mora i n-Erinn uile, & tangatar h-i c-Cáoille in Chosnamha, re n-abur Tuadh-Mumha, seach gach tír .i. an ghríbh ingnech, & an bhuidhe Connuill, & in bolccsighi, & in gerrghar, & in b roicseach Locha Broicsighi la cenél Fermaic .i. pést isi déni, osí nertmar, naimhdighi, neimh-meirtnech cona bruth bíastaidhe fuirre; & ro lá ara móra forsan tír a c-comhcoitcinne, & an úair do eirgedh fon tír fon samhla sin, ba samhalta re caecca each acc torann-bhualadh tragha a torann-cles fon tír; & ba h-edh doghnidh-si; a cráos cíocrach confadhach for comhoslaccadh amail choin cuthaigh, & doleigedh buinne lethan lan-aidbsech d'anáil ghairbh geinntlidhi tar compur a craois, & a carpait ar comhlasadh; & gach uile duine re m-benadh in anál neimhe sin, & gach ainmidhe, dothéighdís d'écc anabaidh obann uile, eter crodh & duine, gur dilaithrigh an tír uile acht madh begán da maithibh, & do fhaccbatar an tír uile a h-urmhor dhibh asa h-aithle; & ba h-e mét a n-esbadh .i. sescca eter fhior & mhnáoi gach láoi.

43

Ocus 'arsin tuccadh a n-erlamha dúthche cuca .i. Maoldala, & Mac Aiblen, & Blathmac, & naoimh an tír uile, & trí nonbair do sruithibh & do shenoiribh ar áon lá gach fer dhibhsin, & do bhátar an tír uile i n-aoin-ionad ar cionn na naemh-erlamh. Ocus acca f-faicsin do chách do thóccbatar gáire truagha troim-neimhelacha, & do gabhatar ag guidhe & ag gruaidh-imderccadh na naoimh-erlamh uasal. Ocus assedh asbert Blathmac:‘As truaigh na trom-ghaire mora so.’ ‘As fir ón,’ ol na cleirigh. Is annsin dorala don peist beith i n-deiredh na n-imirgedh acc imirt a fercce forra. Gabhais eccla & uathbas mor na cleirigh,


p.37

& asedh doronsat, a c-cluicc & a c-ceolána do bhuain, & tuairgnech mór da minnaibh & da m-bachlaibh, & dogháirsiot an tír leó, feraibh, macaibh, mnaibh; & ba loinnitte an peist sin, & ba h-adhnair leisna cleircibh ettualang na criche.

44

Ocus isedh asbert Blathmac: ‘Dénam trosccadh uile re Dia,’ ar se, ‘ar co f-foillsigedh dúinn cia día f-fuil a n-dán ar f-furtacht & ar f-foiridhin.’ Ba h-amlaidh sin doronsat, eter fhir & mnáoi .i. trosccadh i n-doigh a f-furtachta leisna cleircibh. Ocus do ghabhsat na clerigh ag binn-gabháil a psalm, & ag edarguidhe Iosa ima aisnéis doibh cia da t-tiucfadh a b-furtacht & a f-foiridhin. Ocus ruccsat as co n-dechaid da t-trian na h-oidhce tharsa; & do batar na sluaigh co h-imsniomach ar eccla in lái le h-uathbás na piasta, oir as amhlaidh do ticcedh an phéist sin asin loch la breic-néll na {folio 94v} maidne; & do ghabhadh 'ga n-diothlaitriucchadh go t-téigedh a buidhe taran n-gréin, & dotéigedh isin loch cetna doridhisi isin trian deidhenach don lo.

45

Doronsat na cleirigh a n-iarmeirghe, & do codlatar na clérigh a h-aithle a n-iarmeirghe. Ocus tainic Victor aingel co Blathmac ina (no trena) codladh, & asedh asbert: Pax uobis .i. sidh Dé amaille fribh; & do tadhbas do Blathmac in t-árcaingel uasal, & do fhiarfaigh sccela de. Isedh asbert fris: ‘In f-fuil a n-dán dúinn furtacht na foirithin d'faghbail co brath?’ ‘Atá,’ ol in t-aingel, ‘.i. éirgidh go mac ochta Ailbhe; & as dó do dheonaigh Dia bhar f-furtacht & bhar f-foiridhin.’ ‘Cáit ina bfuil an mac diongmhála Dé sin?’ ol Blathmac. ‘Acc bruach Locha Léin,’ ol in t-aingeal. ‘Cidh as coimet don crích,’ ol Blathmac, ‘co toire in t-eccnaidhe?’ ‘Ninsa,’ ol in t-aingel. ‘Canfad sa siansán ina cluais; contuilfe ina suán ré téora lá & teora n-oidhce.’ ‘Ni h-edh amáin,’ ol Blathmac, ‘acht co toire tar sruth Sionna anall namá.’ ‘Biaidh,’ ol an t-aingel, ‘amhail as dech lat.’ Ocus fogní an t-aingel amail asbert o tús co deiredh; co ros tafainn roimhe in m-broicsigh gusin loch, gur chan claiscetal ainglecdha, go ro lá an phéist ina súan. Ocus ro ela an t-aingel uaithe asa h-aithle.

46

Ocus muscclais Blathmac asa h-aithle, & do eirigh an lá. Ocus otconncatar cách an lá cona lán-soillsi, teccait an tuath gusna


p.38

cleircibh ar coimtheiched la h-úaman na piasta. Ocus ticc Blathmac go forbhailidh re c-cách; & fiarfaigit scela dhe; & innisedh doibh o tús go deiredh, & atbert na briathra sa ann:

    1. Do tadbas damh aingel Iosa
      Osna dronga;
      Aingil in righ as daingenam
      Gniomh saor sochla.
    2. Victor aingel, h-é domfánaicc
      Co tlacht nemhdha,
      H-ésin do dhéoin Dé gan diomdha
      Diocras deamhna.
    3. Atbert frimsa aingel &Íosa
      Dáil co n-deimhne,
      Dol damh go mac sochla saidbre
      Ochta Ailbhe.

    1. 'Eirghidh co Mac Creiche craibhdech,'
      Ol in t-aingel,
      'Le gloine a rún, ase bhar n-dún,
      Is bhar n-daingen.'

    1. Do gheall go c-coisccfedh an piasta,
      Gidh dail dodhaing,
      Co tíosadh Mac Creiche caraim
      Tar an Sionainn.
    2. Tainicc d'ar f-furtacht,ó Iosa,
      Ar gach n-ard-chás,
      Victor aingel, damh dioblás
      é do tadbás.

    Do.

47

Asa h-aithle sin atbert Blathmac fri cách: ‘Eirghidh, a mhuintir ionmhuin go Mac Creiche, oir as dó do dheonaigh Dia bhar b-furtacht & bhar f-foiridhin, & ni dúinne.’ ‘Cionnus rachmait ne annsin?’ for na maithe. ‘Eirghedh bar n-uaisle


p.39

& bhar n-ard-mháithe ann,’ bhar Blathmac; ‘& eirgidh fa dháoirchíos fhoghnamha dó féin & da mhanchaibh tara éis, ar bhar saoradh on péist, & tabhraidh cáin dó gacha tres bliadhna, feraibh, macaibh, mnaibh.’ ‘In t-tiucfai-si linn?’ ol na flaithe. ‘Rachat amh,’ ar Blathmac.