Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 13

41

Ceileabraidh doibh, & tucc cúach Aodha meic Eachach leis a tuaidh, & faccbaidh bennachtain aca. Ocus ata isna rannaibh so síos derbhadh an sccéoil & na n-gniomh. Cáin shíl Muirethaig & cloinne Taidg in cháin-si.

    1. Arsin tánicc cuca
      Aod Foirinn for eneach,
      Ba fó feacht adrala:
      Do bith-radh na c-cleirech.
    2. Ann raidhis Mac Creiche
      Breithir fri mac n-Eachach:
      'Ron bit uait —is sochlach —
      Cairde cen nach sechnadh.'

    1. 'Tucc digh damh, a cleirigh',
      Ar an rígh co m-buadhaibh;
      'Lan an chuacháin chais-ghil
      Is aisgidh a c-Crúachain.'

    p.27

    1. Dorórainn Mac Creiche
      An talamh co bruach,
      Co ro mhuidh sruaimh gnoach
      Dar bá lán an cuach.
    2. Is tiopra Meic Creiche
      A h-ainm cain cech trátha,
      For Moigh Cruachan canair
      Maraidh co dé m-bratha.
    3. Adrobaid ri Cruachan
      A digh —rádh nach clethe —
      Adregh co nirt flatha
      Slechtais do Mhac Creiche.
    4. 'Dam beir-si dom reir-si,'
      Ar Mac Creiche creisin,
      'Tabar co léir liamhain
      Gach iarraidh ros feisir.'

    1. 'Rod bia sa gan meabail,'
      Ar in rí saér sobhail,
      'Ber let dot chill credhail
      An m-boromha bladhaigh.'

    1. 'Berthar,' ar Mac Creiche,
      'Madh co m-briatraibh fatha,
      Acht co m-aitter damhsa
      Do chís co lá bratha.'

    1. 'Edhberat sa duitsi
      Om chloinn —clu go m-buadhaibh —
      Gach rí raghus reomhaibh
      Secht cumhala uadhaibh.'

    1. 'Dober sa dot cloinn-si
      Muna tisat friomsa,
      Ordan & galus
      Cen marus in lín sa.'

    p.28

    1. Docomlai Mac Creiche
      Cen seirc óir na airgaitt,
      Dobert on ri ro-maith
      Da ghabhair a charpait.
    2. Ba h-annsin do maithedh
      Do naomh na m-buar m-breathach,
      Ocus tuc a erredh
      'S cuach áodha meic Eachach.
    3. Maithed do Mhac Creiche
      Fecht dia t-tucc in cúach,
      Ósin co brath m-beoach
      Cís Corcumodruad.
    4. 'Mata frisstai do clann sa
      Frim muinntir gan melacht,
      A forba bidh dillecht,
      Bit loingsigh co len-alt.
    5. Madh fir fheibh atralaid
      Mo ríara gan dermat,
      Bidh leo a righe ramhach
      Cen ba beo ar nemh nemhdach.'
    {folio 93r}

  1. Ann asbert Aodh eolach
    Frisin seng sáor suanach:
    'Do riar gan gniomh glorach
    Dos-m-ber co brath m-búadach.'
    1. Ba iarsin ro cechaing
      In sétt sochla subhach,
      Mac Creiche, ar n-gnath-bla,
      Go mathra i Moigh Uladh.
    2. Ba h-annsin dorighne
      In firt fiadh in tuaith sin,
      Marbhais an c-Crom c-Connail
      Ro bái ag brondadh an t-slúaigh sin.

    3. p.29

    4. Dáilis breithir m-buadhaigh
      Dia maithibh —miadh sobhail —:
      'Méraidh —bidh feart deimhin —
      For nert co diaid domhain.'
    1. Dobert doibh iar suidhe
      Sochla sét adnaiscer,
      Buaidh comraic fri gala
      Ana ocus gaisccedh.
    2. Do iodbratar a n-iodbairt:
      Dia n-gairmter garm chialldu,
      Tri fichit bó m-búadha
      Uatha gacha bliadhna;
    3. No madh rogha leosomh
      (Uair as togha almsan),
      Sgreapall gan coll geisi
      Gacha deisi dosan.
    4. Gabtha la h-Aodh m-Bennain
      Ocus la h-Aodh Furain,
      Trí braithre a mathar
      A slabhradh iar fhodháil.
    5. Docomhlai cen thurbaidh
      Mac Creiche go n-glan-bail
      D'fuasccladh gan urbhaidh
      An trír asin t-slabhradh.
    6. Fofuair failte an clerech
      La h-Aodh m-Bennain m-buidhnech
      Im tri braitribh a mathar
      Gabsatar i c-cuibhriuch.
    7. Maithis dó Aodh Bennain
      Leth an trir fri thorainn
      Ro sae mo drecc ferainn
      Ro lá a ordail Aodh Foirinn.

    8. p.30

    9. For Aodh m-Bennain m-buadhach:
      Dobhert bennacht foibhind;
      Dorairngert gan dibhe
      Righe a Aodh Fhoiriond.
    10. Ann dobert Mac Creiche
      A r-righi —cain comaigh —
      Do shiol Aodha Bennain;
      Ba h-aithescc saor sobhail.
    11. Ceachaing an ri rúanaidh
      In rith —réim co n-déini —
      Aodh Foirinn fiadh fianaibh
      Do riarad in clerigh.
    12. Forosslicc Mac Creiche
      In triar, fer fial fosaidh,
      Meni saitir nip e sil
      An glais iarna dia c-cosaibh.
    13. Slechtais do Mac Creiche
      In rí ruanaidh roisgneach,
      Do Aodh Furinn ro costadh
      Ana ocus gaisccedh.
    14. And ro guidh Aodh Forinn,
      Ar nach tairledh osnadh,
      Co tallad ara dine
      A r-righe cith cosnamh.
    15. Leo fa saint a iodbairt
      An días aurtaig uaile,
      Tri cáeccat —cem ciallda —
      Gacha bliadhna buaine.
    16. Caecca ionar lachtna,
      Cáecca lend find fuidre,
      Cáecca samhusc samhraidh,
      As amhlaidh adruidhle.

    17. p.31

    18. Na trí cáeccait a séd sa
      Turnectdar gan fuirech
      Don cléirech caidh corach,
      Conid n-derna buidheach.
    19. Dorighne firt amra
      I n-Ard Brasg i Certain,
      Iar m-baithius co m-balc-boil
      Loichini meic Nechtain.
    20. Do dhermait Mac Creche
      A chuachan gan aithis,
      áit i m-bái ara bélaibh
      Acc denamh in bhaithis.
    21. Ba h-ann badid cuman
      In cuachán m-ban n-etrocht,
      Nad bi ann, cidh alicc,
      Tan tánicc Clúain Dirair.
    22. O doluidh fo a bharainn
      In cuach fa turuind
      Tairnic torcbail n-gréne
      Iath Léime Conculainn.
    23. Co t-tainic Cluain Dirair
      Ard-neimhedh nad mer on,
      Ba turim ina deghaid
      Cacha m-bái ina medhon.
    24. Dorighne Mac Creiche
      Mor d'fertaibh —cain comhal —
      Dosgéna bidh adhas
      Cen mharus in domhan.
    25. Ba troiscctech, ba credhnach,
      Ba credhlach, ro-n-airlech,
      Ba diulsadach, ba tuidhlech,
      Ba h-uiblech, ba h-ainglech.

    26. p.33

    27. Is oirdnidhe an cathair,
      Cluain Dírair, is toirthech,
      Is dilgidach, is duineach,
      Is muinech, is mainbhthech.
    28. Dún toicthech co toraibh,
      Saire na cech duine;
      Is ann ata an baile
      For lár árda Ruide.
    29. Ro ghabh Conall cednaigh
      Mac Creiche dia n-adram;
      Conairge da urgnaigh
      Fri nemh ocus talmain.
    30. Taithmeach an Righ uasun,
      As uasal a adhradh,
      For bith cé bia cuimhnech,
      Taot ainm n-De form labhradh.
    31. {folio 93v}
    32. Taod ainm n-De form labradh,
      Is adha nach clethe,
      Co n-dernar in bedach
      Cetal do Mhac Creche.
    33. Acta Meic Creiche agia
      Adiuuent nos egregia;
      Simus post exilia
      In eterna memoria.
    34. 'Is fír co rum carus sa
      Mo chis is mo cháin;
      Mo rí féin 'gum toghu sa
      'Gum breith as bhar laimh.
    35. Me Mac Creiche comramhach,
      Isedh raiter rium,

      p.33

      'Ar n-dol don bith oll-bhladach
      Ni lemtar mo mhind.
    36. Dá c-congbhat cáin comramhaigh
      Gach nech darab dual,
      Coingebat co h-oll-bhladach
      Iad arin m-bioth m-búan.
    37. Budh mé an uil-pheist ledartach
      Da c-cloiser an gleo,
      Bed sa ríu co freccartach,
      Da millit mo scéo;
    38. Da millit mo chana sa
      Fermhachaigh na t-treabh,
      Rachat sa fá a n-árus san,
      Is gerrfad a seal.
    39. As dúin ticc a moradh san,
      Da m-bett rim co h-ál,
      Da m-bett rim co tenn
      Ní budh tenn a n-dál.
    40. As mé Mac Creiche caidh
      Ase m'ainm tre coir;
      Gabaim dom Ri gan dalbh
      Caocca psalm gach nóin.
    41. Me mac ochta Ailbhe,
      Luaidhith mé gach noin.
      Goirit leis 'gum iomrádh
      Ina lebhran cóir.
    42. Fa h-e sin mo degh-athair
      Archú ó Sleibh Crot,
      Fa mac é dom shen-athair,
      Do righ 'ga m-biodh mor b-port.
    43. Broindgheal ocus Brig
      Ocus Mainesc uain,

      p.34

      Tri h-inghena righ
      Is Fiachra go m-brigh m-buain;
    44. Tri romheic in righ,
      Roth, is Eogan án,
      Ocus Aongus oll,
      Do mháoid tonn is tragh.
    45. Clanna na t-trí m-bán
      Do mhaoidhes ar nuair,
      Mac meisi do Brigh díbh
      Is Ailbhe dín ar slúaigh.
    46. Mac do Mainesc bháin
      Cainneach, dan dúal dámh;
      Mathair Brenainn muaidh
      Broinngheal an t-súain t-sáimh.
    47. Brenainn dorad damh
      Ar Ciarraighe cáin,
      Céd-láogh gacha bó,
      Ruisne ro on crain.
    48. Fermacaidh 'com réir
      Oníu co tí m-brath;
      Me do choisc in phéist
      Doibh fa réidh an dáil.
    49. Baothan as gach tred
      Gach caorach,'s gach bó,
      Is ó gach cadhla in cháin
      Is ó gach cráin, ni gó.
    50. Do dligh Brenainn bán
      Do Chonnachtaibh coir
      Da ceallaibh co tenn
      Is do chenn an t-sloigh.
    51. Tegmaid cuiccer náomh
      Leis 'sa tír budh tuaidh,
      Do bhámar laimh ris
      In gach lis ar n-úair.

    52. p.35

    53. Adhbal dúinne ann
      In dún in ghil ghaircc,
      Ticc slúagh Mhurchaid buirb
      Fúinn fa Thulchoibh Taidg.
    54. Dob adhbal in creach,
      Eallach cloinne Taidg,
      Doradsat leo ar liubhra,
      Fir fa h-iomdha maircc.

    1. Atbert Brenainn bán:
      'A mheic ochta cáidh,
      Cidh ma léicci ar c-creich
      Do breith asar laimh?'

    1. Eirghim-si annsin súas
      Is tóccbaim mo láimh,
      &Íslighim síl Murchaid,
      Fir na n-urcar n-aigh.
    2. Doním líga cloch
      Da feraibh co léir,
      Is impaidim in creich
      Ina n-dreich budhdéin.
    3. Ot connairc an slogh
      Meisi ar c-clodh na láoch,
      Edhbrait damh a t-tír,
      Eter mín is fráoch.

    1. Doraidhsiot clann Taidg
      Aithesc rim ba h-ois:
      'Ge mac ochta as-breth,
      Tú as Mac Creiche anois.
    2. {folio 94r}
    3. Beir let uainne cáin,
      A cléirigh cáidh cáimh,
      Beth fa chíos do mhinn
      As maith linn, a naoimh.'

    p.36

    1. A n-airgit 'sa n-ionnmus,
      A séoda os gach dinn,
      Lucht dar chongnam chóir,
      Is é ór mo mhinn.
    2. Doradsat damh chain,
      Siol Muiredaigh mir,
      Cáocca uinge d'ór
      Ona slogh rom dligh.'