Is annsin tra dolottar tri meic Cremhthainn meic Cobhthaigh andes ar creich co Rinn Ruis Altraighe Chind Bera, & go ruccsat duine-ghabháil do dhaoinibh & do cethraibh im trí macaibh Meallain meic Maoile Dóid meic Scellain d'Alltraighe Chind Bhera. Docúas o Chiarraighe a n-diaigh na creiche, & ruccadh soiscéla Mheic Creiche & in Findfaidech ann, dus gomadh feirde an uradhall. Ocus ni frith uradhall maith ann on righ gusa rangus budhdhes. Iompaid na techta andes, & ní fhuaratar fregra maith. Cidh tucc sibh libh do lesaib? ar Mac Creiche. Ni thuccsam linn acht roinn ar n-innile arar m-belaibh, & cuibhrech ar n-daoine. In tucc sibh derbh n-aithiscc libh? ar Mac Creiche. Tuccsam, ar na teachta. Madh áil fuasccladh na f-fer ruccadh budhdes, ise aithesc deidhenach tuccsam linn, bó gacha scciatraighi h-i c-Ciarraighe, & uinge gacha mná, & bith-ghíall coimhidechta dogrés.
Is annsin dolotar Ciarraighe i n-iomaccallaimh, & asedh tuccsat asa n-iomaccallaimh, a m-bennachta do thabhairt fora n-gar-mac .i. for Mhac Creiche, uar ba h-e a mac gar é. Ocus dano ro bái imadhall dó ann .i. an trath tainicc in crech, ba h-and ro bói-siumh ara cind is Tír dá Madh Neimhedh. Ragat ar bhar m-bennachtain-si ann, ar Mac Creiche, gibé ní chinnes Día dhe. Luidh Mac Creiche a n-diaidh na creiche co h-Aiced n-Aiscinn, & co Lios n-Airthir; & ro bhatar Eoganacht uile ara chinn and im Criomthann mac Cobhthaigh cona macaibh.
Luidh Mac Creiche ina chairríne co lár an oirechtais, &
Ocus do ráidh Mac Creiche: Masa maith let, a Criomhtain, as mithigh aithescc do thabairt dhúinn immon ní 'ma t-tangamar. As mor mo dhoimhenma {folio 90r} friot, a cleirigh, ar Criomhtann, .i. athchuinghidh form in aésa élódha ro bhatar ag foghail ar m-ferann. Asbert an clerech: Ní mór, uair as ar Dhía condeghar. Ba h-ann asbert Aodh Damhain: Ní ba becc lasna h-ogaibh enfher don ghabhail duitsi . Cia asbert so? ol Mac Creiche. Aodh Damhain, ar Mainchin. Asbert Mac Creiche: Asedh on rod bia somh o Día, an ní ro miodair dhamhsa .i. enfher. Ro fergaighedh Aodh Damhain lasodhain, & ro ladh a socht.
Ba h-ann asbert Aodh Furarain: Ní furail don cleriuch leth na gabhala, oir as ar Dhía chuinges. Cia asbert so? ol Mac Creiche. Aodh Fururain, for a dhalta. Ron-bia-somh uaimsi dano & o Dhía leth feibhe & airmide na tire-si, & na tuaithe, gidh imresnach doib. Is airesin immorro ro cheis menma Criomhthainn do Aodh Bennáin, ar ba dili lais na gach mac ele. Atracht Aodh Bennáin 'na shesamh, & asbert: Madh co réir in cléirigh, a ócca, ar se, tabhraidh dó in ghabhail uile fuil accaibh. Cia asbert so? ar Mac Creiche. Aodh Bennáin, ar Mainchín. As cian co tainic an mac sin, ar Mac Creiche. Ron-bia-somh uaimsi & o Dhía lan-fhebhus & airmhittin in tíre-si , & na tuaithe dogres, & dá mhac & dá úa.
Is annsin dochuaidh Criomthann mac Cobhthaigh &
Da n-derntaoi ormsa, ar Aodh Bennáin, uair nach tosach flaithemhnais, & nach deiredh, díumusa, ní fethfed mallacht an t-srotha-shenorach úd libh, ardháigh na gabhala fuil accaibh sunn, uair mairidh, & icaidh fech, & fáccbaidh bennachtain; & ni fhuil muir ettrainn & an baile asa t-tuccadh an ghabhail-si; & da f-fesmáis, ní ricfeamais in m-baile i r-raibhe, dáigh ba sruith-neimhedh gibe h-ionadh i m-beith; & dano tangattar a sccéla asin tír i raibhe resíu tainicc chuccainn. Bermaid fein immorro breath forainn, for Aodh Bennáin, & más do mhuinntir Dé dó, as lan-imderccadh don chléiriuch a ruccsam chuicce; uair ro fhedamar isin tír a n-dechamar a beith arar cinn ann. Ocus cidh a leith dáonnachta no beith, atád tri braithre a mathar aguibh sunn a c-cimidhecht, co na f-fuil do maith ar {folio 90v} talmain aca. Ocus dénaidh-si comairle maith a fecht so, ar Aodh Bennain.
Dogenmais, ar Criomhthann, muna beith do bron Aodha Damháin. As olc mo mhenma, a Aodh Damhain. Ocus tabhraidh-si reir n-Dé, & mo réir-si, ar Mac Creiche, rod-bia-som maith doridhisi. As becc leis an t-aon-chomharba do thairngiri-si dó. In edhón doghní diomdhach acuinn de? ar Mac Creche. Isedh, ar Criomhtan. Ron-biad-sa lána, ar Mac Creiche, foighéonaigh il-mhile dono accan áon-chomharba sin, & co m-bia format caich fris. Is annsin immorro do-radadh do Mac Creiche in ghabhail, eter dhuine & ceithre, go n-aisiocc iomlán, & cona bith-réir féin dó go bráth.
Is annsin ro ainmnighestair Criomhtan cona macaibh lógh a imdhergtha & a bhennachtan don cleiriuch .i. do Mac Creiche .i. gach ní do oirdeochad féin forra. Berat amh, for Mac Creiche. Cáocca ionar lachtna, & caocca orc méith,
Tuccadh ó Aódh Bennáin mac Criomhtain in n-gabhail. Tuccadh ó Máol Dúin mac Aodha Bennáin inn gabhail so. Tuccadh ó Fhoircheallach mac Aodha Foirinn in gabháil so fós. Tuccadh ó Chuimine mac Aodha Bennain in n-gabháil-si. Tuccadh o Chonghal mac Maoile Duin meic Aodha Bennain fós. Tuccadh ó Chairpre mac Condinisc meic Foircheallaigh meic Aodha in ghabhail so. Tuccadh o Aodh mac Conuing meic Cuimine in ghabhail so. Tuccadh o Aodh Alláin mac Cairpre do shiol Aodha Furinn in n-gabáil so fós. Tuccadh ó Maol Anfaidh mac Cuimine in gabhail-si. Tuccadh o Choin Fhoinghealta mac Cairpre do shiol Aodha Furinn in gabáil so. Tuccadh o Maol Dúin mac Aodha meic Conaing in cháin cédna sa fós. Da righ décc a h-Eoghanacht Locha Léin sin.