Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 9

19

Ceilebrait da cele ainnside .i. Ailbhe & Mac Creiche; & téid Ailbhe i n-árainn da oilithre; & anaiss Mac Creiche ag tórrumha a reicles, ar ba núa-ghabhail dó é. Is annsin tangatar techta ó Chiarraighe ar cend Mheic Creiche, co n-dechsadh do dhiongmháil plaighi diobh, ar bá díobh a mhathair. Ocus ba h-í an phláigh ishin .i. an Chrom Chonnaill ro bhái ag forbhaisi forra. Téid Mac Creiche amach ar bháidh; & ro bátar Ciarraighe uile h-i Maigh Uladh ara chinn. Eirghit uile roimhe & cuirit fior-cháoin failte fris. Gabhthar Mac Creiche asa charpat, & do ghabh soiscéla & urnaighthe impa, & doroine procept breithre Dé doibh, & do troisccetar uile .i. Mac Creiche & Ciarraighe in oidhce sin, & dorónadh urd aifrinn doibh arabharach.


p.19

20

Is annsin tangatar tri meic Cuilcinn .i. tri meic bráthar mathar Mheic Creiche ro bái thoir acc Ráith Muine. Ag techt anoir doibh rucc an Crom Connuill orra, & do {folio 89v} thuitsettar le a t-triúr brathar. Tuarccaibh Mac Creiche an Finnfaidech a n-airde acc faiccsin a bhraithrech marbh. Nír cían doibh ann co n-acatar saighnen tenedh do nimh chucu, & tuitidh arin c-Cruim c-Cuinnill, go n-derna min & luaith di ar bélaib an t-slúaigh. Slechtaitt uile tresan firt sin do Mhac Creiche. Conid desin atá Fert Cloinne Cuilcinne & na Cruime Connaill ar Moigh Uladh.