Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 8

13

Is annsin docúadar na clerigh síar co Clúain Dírair .i. co longport Baoth Bronaigh .i. rí Corcu Mhruadh an tan sin; fer na ro thibh gen gaire riamh eisidhe. ‘In lór teighim-si libh?’ ar Maincin. ‘As lór,’ ar Mac Creiche. ‘In bhadh nár dúinn athcomharc?’ ar Maincin. ‘Cred an t-athcomharc?’ ar Mac Creche. ‘Ninsa. Iomaire arbha da bhar n-oirchill-si.’ ‘As ced limsa amh,’ ar Mac Creiche. Deisid Mac Creiche h-i c-cionn na faithce, & dochúaid Máinchín isin dún anonn do agallaimh Báoth Brónaigh, do chuinghidh iomaire arbha air do oirchill ar Mhac Creiche ampersir; ar Ailbe ag toidheacht doibh ar c-cúl a h-áraind. ‘Rod bia iomaire úaimsi duit,’ ar Baoth Bronach.

14

{folio 88v} Is annsin do bátar meithel Bháoth Bronaigh ag búain ghuirt arbha do bí i n-dorus an dúnaidh. Gabaidh dano Maincin ag búain a iomaire, & Mac Creiche 'na suidhe a c-cionn an iomaire. Tainic glés mór fleachaid & gaoithe chuca, go rucc arbhar Bhaoth Bronaigh 'chum an mhara uile, ar mhéd na doininne. Tiaghait an meithel uile don dún acht na cléirigh namá. Ro bái Mainchín ag buáin a iomaire, & na cleirigh 'na suidhe 'ga fheghadh; & nír flechadh ball da n-édach na da c-corpaibh, acht as í an ghrían alainn etrocht as mó ro chuir orra, amhail adeir an rann so ata a c-cethnait Mheic Creiche:


p.17

    Rann
    1. Ba fleochad gan meabhail
      Do meithil Bhaoith Brónaigh,
      Rosfucc leth a arbha
      Dochum romra .i. romhara ronaigh.
    2. Ba grian gletech grethlach
      Doradach—ni clethe—
      Ba h-edrocht, ba h-adbal
      Air arbhar Mheic Creiche.

15

Is annsin tra ro edhbair Báoth Brónach é féin & a chlann & a dhun, & a tír do Mhac Creiche & do Ailbhe, gan neach da cloinn nó da shliocht do breith dochum eccailsi ele co brath, amhail ata 'sa rann:

    Rann.
    1. Do edhbair Baoth Bronach
      An edhbairt nach clethe,
      Clúain Dirair, tailc fotha,
      Co brath do Mhac Creche.

Is í an ceall aníu áit a raibhe an dún; is í an reilecc áit a rabhatar na cléirigh 'na suidhe; is é an t-iomaire áit forsatá an chros mor eter an chill & an muir & tracht Ailbhe.

16

Is annsin dorad Mac Creiche Sliabh Gainimh othá Fothribhe Senáin aníar co Fertais Muine Muirpighi soir, eter an chill & muir, cona targa muir fo thír annsin go bráth, & co nach roibh omhan no gráin mara ar nech da (méra) innte co brath. As asan b-port sin dochúaidh Ailbhe do Thir Thairngire i n-dáil am moirsheisir ro fháidh dá mhuinntir isin f-fairrge síar. As acc Suidhe Ailbhe do bí Mac Creche & Ailbhe on tráth gó chéle ar cind na tuinne; & ní thainic an tonn seach an ionad a rabhatar, & ni tharga go bráth. Is annsin forfáccaibh Ailbhe .i. na muirter do mhuir an cill isin purt sin co brath.

17

Is ann dano forfáccaibh Ailbhe briathra & faccbála do chomharba Mheic Creche .i. na raghadh do rinn ghona comharba Mheic Creiche gen bhes Ailbhe for nimh. ‘Monúar trá,’ ar Mac Creiche re h-Ailbhe, ‘as dursan sccaradh do bheith ettrainn ar talmain. {folio 89r} O ro chaithes-sa mh' óicci it choimhittecht,


p.18

co ros caithinn mo shendacht.’ ‘Rod-bia-sae logh do coimhittecht’, ar Ailbe, ‘acht as aonta ar talmain duin, & bidh áonta ar nimh duinn. Roichedh trá itche uait resiu sccaram; cret as ail duit?’ ar Ailbhe. ‘As ail damh’, ar Mac Creiche, ‘uair am aosmhar, & am críon, & co t-tardar áos dom chomharbaibh im dhíaidh da gach aon da n-dingne mo reir dhiobh.’ ‘Guidhfet sa mo Thigerna,’ ar Ailbhe, ‘& da f-faghbhar sa sin, rod-bia-sae.’ Is annsin do ghuid Ailbhe a Thigerna, & fúair a itche. Ocus do raidh Ailbhe re Mac Creiche: ‘Fuarus sa itche om Thigerna, & rot bia uaimsi.’ Is annsin ro ghuidh Mac Creiche an itche co h-Ailbhe, co t-tarda áos da comharbaibh 'na dhíaidh. Is annsin forfaccaib Ailbhe do chomharbaibh Mheic Creichenemh & áois.

18

Is annsin fos forfáccaibh Ailbhe gach itche fíre guidhfes nech isin purt sin ag tracht Ailbhe, & gurab acc ulaid AilbheMheic Creiche guidhes, doberthar dó a itche. Is ass dano raghass moirseiser do mhuintir Ailbhe & Meic Creiche do Thír Thairngire. Is ann dano raghus Ailbhe cona mhancaibh dochum Tíre Tairrngire dia laithe bratha. Mór tra a ruithen & a mhiorbhuile in t-suidhe sin fil isin tracht. Bennachais tra Ailbhe recles & tempul nuaidhe an bhaile sin; ar ba h-e aird-easpocc Muman an tan sin é, & ba h-epscop Mac Creiche fós.