Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 5

9

Is annsin do chuaid Mac Creiche & Mainchín siar co h-Inis Locha Ratha Maigi, fobíth fa mac dó Mainchín, & ba h-é ro baist é, & ba leis do légh, & ba h-e dob anmcara dó. Dochúatar trá siar co h-Inis Fidhe; & forfhorcongair Mac Creiche for Mainchin glas do chor fora chosaibh; & dochuir Mainchín glas air, mar {folio 88r} adubhairt ris. ‘Tabhair an eochair dam anois,’ ar Mac Creiche. Tucc Maincin an eochair dó. Tucc Mac Creiche urchor don eochair i m-bel na fairrgi, & tucc a bhreithir nach fúicfedh an inis co t-tíosadh an eochair cetna d'foslaccadh an ghlais báoi fair.