Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 2

3

Do cuaidh dino fecht ele isin ditreibh cetna, & do an innte fri ré cethrachat oidhce ele cen biadh, cen digh, acht mad énní, no aithighedh elit chuicce, & do thailedh a h-ass bainne 'na h-óenar i m-ballan nó i b-poll cloiche do bí i n-ursain in dítreibh ina raibhe seision; amhail derbhus an rann so atá h-i c-cethnait Mheic Creiche:

    Rann.
    1. No aithighedh an eilit
      Isin nindelbh cloiche,
      Do thailedh 'sa bhallán
      A h-ass do Mhac Creche.
    2. Ballán cloiche leision
      'San díthrib co demhin,
      Don clériuch fhíal fháilidh,
      Air do tháiledh an eilit.

p.14

Ocus do imthigedh an eilit roimpe fona coilltibh asa h-aithle sin, co t-tigedh dorídhisi.