Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Fursa (Author: Unknown)

section 8

Ro foirbriter dano & ro métaighset na teinnte, & ro comraigset co n- dernta an teine dermair dib. O ro chomhfoiccsigh tra Fursa dona teinntibh ron-gabh eccla & ro raidh risan aingeal: A thigerna, ar sé, ag sin an tene chugainn. Ro freccair an t-aingel annsin & iss edh ro raidh: uair nach tusa ro fadáidh iatt, ol sé, nit-loisccfither ionntu, uair gidh mór & gidh uathmar an tene úd, ol se, ni loisccfe nech acht do réir a áirillteo féin: uair accobhar gach duine, or sé, iss é loiscces h- é isin tene út, uair cech duine loisgither ima curp o thoil indilmain & urchóidigh bódéin loisccither h- e tall iar n- deiliuccudh a chuirp fria anmain tria péin dleistionaigh.


p.394