Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Fursa (Author: Unknown)

section 7

Ata immorro, ar Béda, énní ann is áil dúinne d' faisnéis


p.392

.i. an tan ruccadh-somh súas ar ammas nimhe adubhrattar na h- aingil ris: Feg h- úait an domhan síos, ar síatt. Ro iompá-somh ann sin & ro fegh anúas, ocus at-connairc glend mór domhain dorchæ fáoi anís i n- iochtar an talman. At-connairc ceithre teindte dermara ar derglasadh isin áer ós in n- glionn-sin, ocus nirbo lanfada eter na teinntibh-sin. Ro fiarfaigh-siumh annsin dona h- ainglibh cata reda na teinnte at-connairc, ocus ro raidhsiot na h- aingil: Teindte sud, ar síatt, filet oc losccudh an domuin. IN cédna teine, immorro, ar síatt, teine na breicce sin, uair an tan baistither cech duine is edh gheallus, frithbhrudh & obadh do Dhíabal & da ghniomhaibh. An lucht immorro na coimhlionn sin iarttain & teccat thairis, is íatt loisccter isin teine útt. An teine thánaisi immorro, teine an accobhair .i. saint isidhe, uair an lucht derscaiges nó accobrus na rétta saoghalta ara saint seach na rétta nemhdha, is íatt loisgter annsin. An tres teine, immorro, teine na h- esáontad{folio 51a} isidhein .i. an tan nach doiligh ocus nach cned libh bar m- braithri ocus bhar comhfoiccsi do beith h- i r- retaib forbasaibh ocus h- i réttaib dímaine, is annsin loiscter sibh isin teine útt. IN cethramadh teine dano teine in eccrabaidh isidhe. Is iatt loiscciter annsin, an lucht leis nach gráin na faínn & na truaigh do fodhbhadh ocus do chrechad, is íad loisgiter isin teine sin.