Is annsin táinic Adamnán úa Tinne dá éis isin airicht140, ocus ro cairigh co mór Úi Néill, & ro imcáin for Finachta, & at-bert:
Is annsin ro éirigh teglach tenn toghaidhe na Temrach ocus Alusán mac Aengusa a trénfer & a tóesech i n-díaidh Mo l-Ling dia marbadh. Lottar co dían & co dighair i n-díaidh an cléirigh da marbadh. Ro gabh omhan & imeccla mór in clérech resin slúag n-imda n-anaithnidh, conidh ann do-cóidh i muinigin na náemh da dhítin, conid ann ro chan na bríathra-sa145 .i.
- A Brigit bennach ar sétt,146
O ro bátar iarumh na slóigh ic táractain147 Mo l-Ling do-radsat na náeimh i n-dechaid muinichin dall ciach ettorra & in slógh, ocus lotar sechu conidh éisiumh ro bói fa deóidh acu. Bái imfuirech forsna slúagaibh, co ro comraicset i nd-óen-inadh, co n-dechaidh-siumh edh fada úadib, conidh annsin at-conncatar úadhibh é, is dul do saigidh ind athá, conidh ann ro lécset a n-eochu ris.
As-bert ra gilla annsin an tan ro bátar ic brith fair: Cinnus eich as nesu duin anosa? Ech bán, ar in gilla. Ní áigsium, ar Mo l-Ling, ech bán bráen crúach. Cía h-ech as nesa anosa? Ech dubh, ar in gilla. Ech dub dérach, ar Mo Ling; ní áighsim-ni sin. Ocus cía ech at-chí anosa? Ech odhar, ar in gilla. Ech odhor aillsech. Ní h-é-sin at-áighsium. Ocus cía ech at-chí innossa? Ech rúadh, ar in gillæ. Ech rúadh rodh,148 ar in clérech: ní áigsium sin. Cidh at-chí innossa? ar sé. Ech dond, ar in gilla. Fír sin, ar Mo Ling: Ech dond co n-dathan a ái fair, is é-sin at-áighsem. Cinnus {folio 53a} marcaich? ar Mo l-Ling. Flesc ócláich duind, is mó d' feraibh in bhetha,149 ar in gilla. Alusán mac Oengusa sin, ar in clérech.
Ránic in clérech dar ind áth anonn and-side. Ro irgabh robor150 ítadh in gillae and-side ocus as-bert na féttfadh imtecht cen digh. Do-rat in clérech sádhudh don151 bachaill isin licc
- Pater noster ardomh-thá
frisna huile eccrotá,
rop lemsa mo pater noster
rop leosomh a míthorter.- Qui es in celis, Dé bí
dom snádadh ar urbhaidhí,
ar demnaib co n-ilar cor
snáidsium sanctificetur.- Nomen tuum lim do grés
is adueniat mo bithbés,
regnum tuum lim for fecht
panem nostrum ré n-imtecht.- Cotidianum cach dia
et da nobis ó Dia
na rom-farcba dia héis
guidem dimitte nobis.- Debita nostra co rós
maráen is sicut et nos
dimittimus lim ar scís
debitoribus nostrís.- Ar mo cennsiu décar bás
at-chim ne nos inducás
cona ragbat demhnu m'ell
at-chim in temptacionem.- Sed libera nos a malo
rom-saera beos mo cara
tráth153 bas cinnti lim mo scél
corop mebhair lem amén.- Ar t'atach, a Dé nime
ar t' itge 'sar t'airnaige
co ris degbethaid glan glé
tria ernaighe na patre.- Fir domuin cía beith da lín
cia dognet uile mígnímh,
ros-aincet tria glere glan
a credo, ocus a pater.- Impidhe Maire for a Mac
for a deacht, for a daenacht,
cor' ermaide dam go glé
secht n-ernaile na patre.- Fir domuin ce be da lín
cia dognet uile mígnímh,
nos-ragat uile for nemh
da ndernat guide a pater.- Ní mar chumsigedh fri hedh
ní mar soilsiged maten,
ní mar baistedh ra hedh
ris nach memor a pater.Pater noster.
{folio 53b}Ráinic Alusán mac Aengusa cusin clérech iar sin, ocus nos-dibraic cloich fair co n-dechaid tairis, & maraidh
Luid immorro Mo l-Ling remhe iar sin dia taigh. Gabhais robor156 ítadh h-é iar sin, & at-bert: Ro ba maith lim, ar sé, usce na Berba do ól, min badh fuil na fingaile do-géntar im Ros n-Glaissi: co n-epert:
- Do íbhaind usce Berba
anís do lár mo baisi
min badh fuil na fingaile
do-níther im Ros n-Glaissi.- Do íbhaind usce Berba
mo dál no biadh co cinnti,
munbad ár for Ossargibh
do chor do Laignib innti.- Do íbaind usce Berba
asa negatar lénti,
munbadh lachna odhra ann
snádait a sruthair slébhti.- Do íbaind usce Berba
mo dál no biadh cen tusel,
minbadh fialtich Lethglinne
ocus essidna Ussen.- Gobhlan157 do sruth Iordanén
domídair dar secht muirib158
fri táebh mo dairtaige atuaid
bidh comain dona huilib.- Gacha luidh fom tháidhin-sea
for cech galar nos-ícfa,
bid comain, bidh sacarfaic159
da gach duine nos-íbha
Ropadh maith lem, tra, ol sé, mo sáith d' usci na Berba do ól, & gid maith160 co tístar óm Tigerna da choserccadh ocus do cosecradh mo Thóedhan, corop glanadh & gurab cossecradh & gurab commain ocus gurab sacarfaic da cech duine non-íbha & non-imtigfe.
Ro innis tra a scéla & a imtechta do léire, ocus bái ic íarfaigidh a altrama.161
Geilt & sinnach, dreollán, & cuil becc no162 bíd ic dordán dó in tan ticcedh ónd íarmeirge, co ro ling in dréollen163 fuirri & co ros-marb, ocus rop olc leisium a marbad-side don dréollen,164 ocus ro esccain-sium in dréoen,165 conidh ann as-bert somh:
- Mo chuil
[...]
166
Cidh fil ann tra, ar Mo l-Ling, acht intí ro mill immum in estrecht trúagh no167 bidh ic airfitiudh damh gurab h-i fástigibh bes a trebh168 co bráth, & co raib bainne fliuch ann do grés. Ocus co rabat macaimh & minndáine ica orcain.
Cidh fil ann tra acht ro marbh in dreollen169 in cuil. Ro marb dano in sinnach in dreollen.170 Ro marbsat coin in baile in sinnach. Ro marb búachail na m-bó in gheilt .i. Suibne máic Colman.
Bói immorro Mo l-Ling ic fognam don Coimde annsin. Do-nítis a ferta & a mírbaile. No tódhúscedh marba, nó slánaigedh dulla & clamha171 & bacacha & lucht gacha172 tedhma. No pritchadh bréithir n-Dé do173 cách. No bidh angel Dé ica comdídhnadh & ic á thorrumha ic asslach fair cech maithiusa & tairmisc gach uilc. Ba fili, ba fáith, ba fisidh, ba foglainntidh. Ba súi, ba salmach, ba sacart, ba h-epscop, ba h-anmcara, ba h-úasal.
Luidh co h-úasal ocus co h-onórach174 docum an t-sossaidh ainglecda go c-claiscetul muntiri nimhi, & co n-ernaighthi muintire talman, iar n-áine, iar n-almsain, iar n-urnaighthe, iar comhlántius cacha175 maithiusa, isin dara blíadain ochtmogat a áeisi.