Corpus of Electronic Texts Edition
The birth and life of St Mo Ling (Author: Unknown)

chapter 15

CAPUT XV

51

Bái conni etir Laighniu & maccu Aedha Sláine .i. Diarmait ocus Blathmac, do comh-roind críche etir Laighniu & h-Ú Néill arcena. At-bertatar Laigin na dingéntais coiccríchas a feraind i nd-éccmais Mo l-Ling. ‘Dénaidh,’ ar maccu Aedha Sláine, ‘& raghmait-ni i coinne an clérigh a óenor.’ Do-cótar techta iar sin ar cend an clérigh, & ro h-innisedh dó in fáth 'ma rabas110 dó, ocus ro-fitir co raibhe celg111 ic maccaib Aeda Sláine, ar is íatt ro cuirsit techta cuce-siumh. ‘Éirgidh-si remhaind,’ ar in cléiriuch frisna techta, ‘ocus déntar imbárach in choinne, ocus na h-éirget na ríghu mochtrath112, ar is fada úaim-se & in baile i comhraicfem déntar an crích annsin.’


p.42

52

Lotar na techta fotúaid áit113 i r-rabhatar maic Aedha Sláne, ocus ad-fiadhat doibh aithesca an cléirigh. Ro cuirset na ríghu etarnaidhe úaidibh for cind an chlérigh, ocus do-ratsat nónbhar cecha berna ótá Conlón Cind Slébhe {folio 51a} Bladma co h-Ursanaibh Fintain i mullach in t-sléibhe, co riacht Áth clíath Duiblinne. Ocus at-rubradh riu cen anacal an clérigh cébe díb rus-rosedh. Ro foillsigedh tra do Mo l-Ling sin, & ro gab sen éccoscc doidheilbh fair féin ocus for a gilla. Ocus luidh remhe isin ló-sin co rocht dar in cóiccedh uile .i. óta Teg Mo l-Ling go Tnutel.114 Ro sírsettar Tnutel115 ocus ní fuaratar fáilti i tigh ann. Tíaghait116 i n-araile tegh ann bái i n-imiul in baile, & óen-bhen ann, ocus feraidh-sidhe fáilti friu. ‘Recmait a les,’ ar in clérech, ‘ar ní fuaramar fáilti i tigh aile isin baile.’ ‘Fo-ghébha sibh sunna,’ ar in bhen.

53

Tucc in117 ben bleoghan bó dó fuair ar grés, ar ní raibe bíad aile isin tigh acht ina fagadh-si ar a grés. It-ibh Mo l-Ling digh as in chúadh iar sin, ocus tucc da ghillæ co n-eissib digh ass, ocus nír' bo lugaite 'na raibhe annsin. Ticc fer in tighe ocus ferais failte friu. Ni fríth biadh doibh iar sin acht cés capuill ro bói istigh do chor isin coire doiph. Ro bennach in cléirech an tegh ocus an coire, ar ro-fitir gur' bo féoil capuill ro bói ann. In tan immorro ro h-impadh in lucht ro bói isin coiri issedh ro bói and, cethraimhthi muilt. Tuccadh i fiadnaissi in chlérigh.118 Ro raind dóibh comtar dáethanaigh. Ro bennach Mo Ling an muintir ier sin, conidh úadhaibh airechus Laighen ó sin alle.


p.44