Corpus of Electronic Texts Edition
The birth and life of St Mo Ling (Author: Unknown)

chapter 14

CAPUT XIIII

41

Is annsin táinic {folio 49a} Rúadsech Derg77 ben Gobbáin Sáeir do accallaim in cléirigh. Ro gabh for moladh crotha & datha78 & delbe & eccoscca in clérigh. ‘Cid insin a bean?’ ar in cléirech. ‘Dot accallaim-si & dot at-cuincidh táncamar,’ bar ísi: ‘olc lind bith cen airghi79 acaind.’

‘Ragaid di bhái duit-si ocus bó cech80 mná dona mnáibh ele,’ ar in clérech.

‘Rob é maith acutt, a cléirigh,’ ar íat-sum, ar is í-sin ar m-breth féin.81

42

Lottar as da tigh iar sin. Bái dano mac mallachtan ar foghail ocus ar dibeirg annsin an tan-sin .i. Grác a ainm, co tarla docum na m-bó, co ro gad in dara82 boin do


p.34

Rúadsaigh Deirg.83 Ro h-innisedh do Rúadsaigh inní-sin. ‘Is fír,’ ar sí, ‘an cléirech dibech diultadach is é do-rad in mannair-sin.84 Athrech leiss 'na tartt duinne, co n-derna fell foraind.’

‘Raghait mo muinter-sa 'na h-iarmoracht,’ ar sé, ‘& muirfitir Grác.’
‘Dochaite lim saégal fotta85 aicce,’ ar sísi.86
‘Damad maith lat dano a losccadh do-géntae.’
‘Docaite lim tene mór d' fogbail dó da m-beith uacht fair.’
‘Nó damadh ferr a bádadh dano do-génta.’
‘Dochaiti lim deogh d' faghbáil dó da m-beith i n-ítaid.87

43

Is annsin as-bert an clérech:

    1. Ben in88 t-saeir
      ima n-déntar an cró cáil,
      ma ingona dásacht táir,
      a Dhé máir, ní raibh a maein.
    2. Ruasach dercc,
      a Maic mo Dé, ro sia sercc,
      ar cach mbiat dober a sord
      connach mó bolc inná gedc.89
    3. Octar sáer
      ocus octar ban ra táebh,
      & octar macán go cáin már
      tucc cuccamsa Gobbán sáer.
    4. Ruasech m90
      sú ní sen niran
      inad i n-nim con
      in fir asa ben.
    5. Ben.

‘Eirgidh i n-iarmoracht in cruidh,’ ar Mo l-Ling. ‘Grác dibergach is é do-róine91 in gním uccat, & atá-side for


p.36

sruth-linntibh {folio 49b} na Berba, ocus a ben & a lenam. Ocus ro marb sé in92 m-boin, & atá ica luchtairecht, & roichidh cuicce, & marbtar libh é, & ná marbtar in ben in lenamh.’

44

Ráncatar muinter Mo Ling ier sin áit i r-raibe Grác ic luchtairecht na bó. Techid tra Grác re lucht na h-ergabála, ocus téitt i mullach craind. Gontair thúas isin93 crand h-é, co ro tuit isin tene. Do-fuit as-saide isin m-Berbai, co ro báidedh inte h-é. Tuccsat immorro muinter Mo l-Ling a m-boin94 leo iar sin i medhón a seiched, & ro thathbeóaigh in clérech h-í iar sin co rabh immlan.

45

Is amlaidh immorro ro bhói in bó iar sin, & in leth ro bo bruthe dhí os é odhar, ocus in leth ele is é find. Bái in bó acc Mo l-Ling iar sin & nís-tart do Rúadsaig h-é, & do-berthe dáethain dá fer n-décc úaithe dó ass. Is annsin tra do-rocht ben Gráic95 ocus a lenamh for a muin d' innsaigidh Mo l-Ling, & bái ic torsi móir ic iarraidh fortachta ar in clérech. Conidh ann at-bert Mo l-Ling:

    1. A ben Gráic, is gracdha sin,
      ch cúala tú Grácc do guin,
      nach cúala a trágudh do thein
      ocus a bádhudh do mhuir.
    2. A ben Gráic, is gracda sin,
      nach cúala tú Grác do guin,
      biaidh i n-ifern tri bith sír,
      bid hé a díl is a dluigh.
    3. A ben Gráic, is gracda sin,
      nachala tú Gc do guin,
      ní soch,96 bas báidh ra faid,
      in láigh file for do muin.
    4. A ben Gráic, is gracda sin,
      nach cúala tú Grác do guin
      t' fer97 i n-ifern re lind lá,
      in bail a tá biaid a ben.98
    5. A ben Gráic

46

Táinic tra ferg99 & fuasnadh do mhnói Gobbáin, úair na tuccad in bó dhí dorísi. At-bert-si in aidchi-sin ra


p.38

Gobán na comhraicfedh ris tria bithu100 sír mun badh h-í a breith-si {folio 50a} no béradh Gobbán ar Mo l-Ling i l-lógh101 a sáethair. ‘Do-géntar amlaidh,’ ar Gobbán. ‘Tarnaic an dairtech,’ ar sí, ‘& na gabh-sæ lógh ele acht lán in102 dairtige do grán secail.’ ‘Do-géntar,’ ar Gobbán.

47

‘Beir do breith,’ ar in clérech, ‘ar is eadh ro gealladh duit, do breth féin.’
‘Bératt,’ ar sé, ‘a lán do ghrán seccail do tabairt damh.’
‘Déna a impodh,’ ar Mo Ling, ‘& tabair a bél súas, & línfaidher h-é.’
Do-beir Gobbán, tra, trelamh & acfaing fair, co ro h-impadh in durtach. Ocus ní dechaidh clár asa inadh dhe, ocus ní ro cumscaigh dlúthadh cláir103 díb sech a céile.

48

Do-cóidh immorro Mo l-Ling & ro fáidh úaidh techta co h-Úi Degha sair & síar da chobhair imon cestai104 ro cuiredh fair. Conidh annsin as-bert-somh so sís:

    1. Eolchuire nom-geibh
      etir na dá slíabh,
      Degha rim anair,
      Degha rim aníar.
    2. Do cuingestar orm,
      lán dairtaige duind,105
      ascaidh decair limm,
      do ghrán seccail luim.
    3. Da ruca-somh sin
      dó ní ragba búaidh.
      Ní rob braich106 iar fír,
      ní rob síl nó crúaidh.
    4. Ui Degha dom less
      rom-cobrat ar eol,
      daigh is edh is áil,
      sunna damh i n-eol.

      E.

49

Is annsin dano tángattar Ui Degha anair & aníar da saighidh, gur' bo lán an cnoc díbh. Ro innis-siumh doibh an breth ruccadh fair. ‘Da m-beith accainne,’ bar íat, ‘do-bértha107 duit-siu inní-sin, ocus ní mó iná lán an dairtige-sin atá uile d' arbhar i n-Uibh Degha.’


p.40

49

‘Is fír sin,’ ar sé, ‘ocus éirgidh-si da bar tigh anocht, & ticcidh in tráth érge imárach, & na coiclidh ní, etir arbhar & chnó {folio 50b} ocus ubla ocus úrlúachair, corap lán sút.’

50

To-ragat108 iarnabárach ocus línait in durtach. Do-ní an Coimdiu firt and ar Mo Ling, cona fríth ní aile ann acht grán seccail lom. Conidh de sin dlighes Mo Ling an cís-sin d' Uibh Dega co bráth cacha blíadna.

Rucc Gobbán a arbhar lais iar sin, ocus is amlaidh fríth, ina crumaibh iarnabhárach é.

Ro fás clú ocus alludh ocus oirdercus do Mo l-Ling tríasna mírbailib-si,109 co tartsat Laigin cennact & cádhus & comairle dó uile, co m-ba h-é ba h-ard-cend doibh uile.