Corpus of Electronic Texts Edition
The birth and life of St Mo Ling (Author: Unknown)

chapter 12

CAPUT DUODECIMUM

38

Amal ro bói Mo Ling occ imtecht a sétta iar sin co n-aca in clamh n-docraidh n-dodhelbdha ar a cind. ‘Can tici, a clérigh?’ ar in clamh. ‘Ticcim as in chaill,’ ar in clérech. ‘Beir meisi lat dond ecclais ar Día.’ {folio 48b} ‘Is maith lim,’ ar Mo Ling: ‘tair as didu,’ ar sé. ‘Cinnas ón?’ ar in clamh. ‘Mar tánacais conice so,’ ar Mo Ling. ‘Nocon fétaim imtecht,’ ar sé, ‘go fagur m' imorcor co socair.’ ‘Tair ar mo muin,’ ar Mo Ling. ‘Ní ragh,’ ar sé, ‘conná raibh ní dot éduch ettrom ocus tú, ar ní faicébha69 in t-étach ní dom lethar orm.’ ‘Do-gén,’ ar Mo l-Ling & cuiris Mo Ling a édach de iar sin &70 toccbaidh in clamh for a muin. ‘Séit mo sróin,’ ar sé. Ataigh71 a láim cuici da sétiudh. ‘Acc,’ ar in clamh, ‘ar benfait do méora mo lethar72 dim: tabair do bhél impi.’ Do-beir in clérech a bél immo sróin ocus súighis cuce h-í, ocus cuiridh73 ina dorn clé in saele-sin.

39

In silliudh ro sill secha ní fitir in i nimh nó i talmain do-cóid in clam. ‘Cóir immorro éside,’ ar Mo l-Ling, ‘más dom mealladh-sa táinic mo Tigerna. Ní choidél-sa74 ocus ní caithiub biadh co tora mo Tigerna co follas fiadnach cucum.’ Ro bhói iarumh isin inad-sin co medón aidche. Táinic in t-aingel cuce. As-bert fris: ‘Cinnas badh ferr let do Tigerna do tidhacht75 dot accallaim?’ ‘I richt meic sheacht m-blíadan,’ ar sé, ‘co n-dénaind76 ella báide imme.’ Ní ro rathaig-siumh i cind ré iartain co ro suidhestair Críst ina ucht i r-richt


p.32

maccaimh .uii. m-blíadan, co raibhi ic báidhe imme co tráth éirge arnabárach.
‘Masa lór let,’ ar an t-aingel ‘éircc dot manistir.’ Ocus téid Mo Ling don eclais íar sin, & scríbthair an líne-sin aco, & rl.