Corpus of Electronic Texts Edition
The birth and life of St Mo Ling (Author: Unknown)

chapter 6

CAPUT SEXTUM

14

Luid-siumh iar sin immach for sét, ocus ruc dá théigh lais .i. tíagh for a druim ocus tíagh for a ucht. Ro gabh bachaill a aiti ina láimh, ocus do-chúaidh do cúairt fon samail-sin. Do-beredh dano grán ocus arán isin dara téigh, máethla & im ocus saill isin téigh aile, & ballán dorn ina láim clí. Ro bói-siumh fon samail-sin corbat slána sé16 blíadna décc dó ic umhalóit a aiti & a comaltad.17

15

Luidh-siumh lá n-áen ann do cúairt na Lúachra, co ro sír uili h-í an lá-sin. Amhail ro bói-siumh ic cantain a ernaighthi co faca in torathar18 n-dodelbhda n-dochraidh ar fiarláit na conaire for a cind .i. Fúath aingeda cona muintir duibh dochraidh doidelbda .i. dáeine i n-delbaibh arracht. Ocus ní tabratis termond do dhuine for19 domhan .i. Fúath angeda féin20 & a ben ocus a ghilla & a chú & a nónbhar muintire.

16

{folio 45a}Dia m-batar ann forsan t-sligidh co n-acatar chuca in scolaighe for a sét, ocus a eiri fair dochum na h-eccailsi. As-bert in Fúath fria muintir: ‘Bidh annsin co n-dechusa21 do accallaim ind óen-duine út. Ocus as-biur mo bréithir, ó ro gabhus fogail & dibeirg narb' ail damh nech d' anacal acht sút a óenar.’

17

Ro gabh iarumh a armu, ocus táinic remhi


p.16

d' accallaimh an scolaighe. Conidh ann as-bert an Fúath fri Taircell:
    1. Canas táinic mo phopa clérech lúadhes móethlu
      Canas tánic grúach dubh dóthe láecu láechda.
    2. Airgfider limsa do tíagha bas lór déni.
      Dar láimh m'athar corob deoin damhsa nis-déni.
    3. Do-bérsa in gae-sae trit tóebh-sa iarna innsmu.
      Dar láimh m'aiti gébat-sa in mbachaill it cenn-su.
    4. Is asa lem-su do comland iná feoil bruithe.
      Dar slúagh sáthe ragas da gruac for a cute.
    5. A Tairchill duind not-aircfider lind fot arán.
      Rad nad gilon cid do chanon
      [...]
    6. Canas

18

Bidh olc tra bias in scolaige, ol sé ‘do-bér-sa in gái-sæ trid cride22 co fagba bás & écc ocus aided.’

‘At-biur-sa mo bréithir,’ ol Taircell, ‘go n-géb-sa in m-bachaill-si fil im láimh it cend-sa, .i. bachall m' aiti, & ro ro gell-sidhe con na fáicébtha h-í i comlund óen-fir.’ Conidh ann as-bert Taircill:

    1. Bachall undsen,
      trom a tundsemh,
      ra tóebh léicne
      merláich mhir.
      remhar a cos,
      balc a bráige,
      nís-tacmaing glac
      láme fir.

19

Ocus iar sin as-bert an clérech: ‘Tabraidh ascaidh damh.’ ‘Cía h-ascaidh {folio 45b} conn-aighe?’ bar síet.23 ‘Ní ansa: mo trí cémend ailithre do lécen damh ar ammus Ríg nime ocus talman, ocus mo trí cémenna báisi béus commadh fatiti úaim in t-écc.’ ‘Tabar duit,’ ar in chaillech, ‘úair ní raga dín béus, ar is com-lúath fri h-ossaibh allta sind féin, ocus as com-lúath ra gáeth24 ar cú.’

20

Nascis iarum for láim ind fúatha-sin. Lingis iar sin a trí cémend ailithre ocus a trí lémend báisi. In cét-léim


p.18

tra ro ling nír' bo mó leo h-é andá fiach for beind cnuic. In léim tánasi ro ling ní acatar etir h-é ocus ní fetatar in i nemh in i talmain do-cóidh. In tres léim immorro ro ling is ann do-rala h-é, for casiul na cille.

21

‘Do-chóid siút tra,’ for caillech ind Fúatha; conidh ann ro reithsettar etir coin & duine, co cluinte dar25 míle cémend a n-éngair & a trethan & a tograim isin26 aéor úasa. Tángatar27 coin & min-dáine in baile imach .i. cách d' anacal28 in mheic forra, ar ba derb leó is acá thograim ro bhátar na fúatha. Is annsin ro ling-siumh ámh do caisiul na cilli, co riacht isin ecclais, co n-desidh ina inad irnaighthe, co raibhe ic salm-gabháil i n-aigidh a aitte.29 Nocor' derc Collanach fair co tarnaic30 dó a ord is a affrend. Ro derc immorro ar in mac asa athle-sin, & is amlaid bái side,31 & bruth na feirgi & an imtechta ann, & ruithne na díadhachta ina ghnúis.

22

‘Maith a maic,’ ar in sacart. ‘Cía fráech fergi32 fil itt aighid?’ ‘Ní ansa: na fúatha angedha do tachor cuccom, ocus dom ruagadh.33 Ocus ro innis dó uile an scél amail ro ling an Lúachair 'na trí lémendaibh.’
‘Is fír sin,’ ar in saccart. ‘Is tú an tairngertach34 {folio 46} ro tairngir Victor35 angel .i. bidh tú Mo l-Ling Lúachra dona lémennaibh ro lingis.’