Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

Life 14

Betha Mo Chuda

Cartaghus dino do clannaibh Fergusa do-somh doshunnradh. Fígenius a athair, & Med a mathair; neach ba carthanach la Día & dáoinibh, conidh uadha as-bertha Carthaghus fair.

Ro thircan an t-aingel laithe n-áon do Comhgall Benncair t(r)eimsi do bliadhnaibh riana breith eisiumh: ‘Bérthar gein buadha’, ol sé, ‘i n-iartar Erenn, día m-ba lán béoil na n-dáoine adíu & anall; & ticc go h-airm i m-bíai-si, do dhul do Roimh; & is edh as ail do Íosa, tusa da congmail bliadain it aontaidh’.

Ocus tainic celmaine Brenainn leis an faistine-sin, an tan ro scart an t-aingel fris: ‘Berthar mac don chenél dia t-tai-si’, ol sé, ‘& bidh ile a mhiorbhuile i n-nimh & i t-talmhain, & Cartagus a ainm’. Ocus tainic celmaine Comhgaill & Brenainn l' aroile.

Clanna Fergusa ro bói h-i c-Ciarraighe Luachra an tan-sin; & ticc áenach coitchenn aca, & mathair Charthagus ann; go ro thoirinn cáor theinedh do nimh for a cend. In cáer-sin ro chuir Iosa d' foillsiuccadh naomhtachta na geine bói i m-broinn na h-ingine. Do-chuaidh for cúla iaramh.

Ro lamnaigh an inghen, & beiridh mac fri taobh Maingi; & ni raibhe uiscce for an tulaigh-sin; & maighis sruth assa taobh, & do-berar Aídanas chuca, & baistis as in sruth é. Ocus do-berar Cartaghas d' ainm fair; & do-berar da oilemain do Chartaghus .i. don t-sein-espucc é. ‘Mo chuidig tu’, ol in t-espocc naomhtha; conidh de do len Mo Chuda dhe.

{§}Gidedh as Mo Cuda do-gairthi dhe, ar son gurab e do-goiredh a mhaighistir de, ar méd a gradha & a deithite uime. Ocus as terc aga raibhe fis aitherraigh Mo Cuda do beith d' ainm fair; & as diles Mo Cuda no Charthach do sgriobadh air. Adubairt Aodan ag denamh fáidhéorachta: ‘An mac-so ro bhaisttes, bidh dealraightech, & bidh sogradach do Dhia & do daoinibh é’.

Ocus ba fir son; uair do bí sé sgiamach, degh-maisech, mar Dabit; & do bi sé sechantach ar na droch-mianaibh, mar Dainiel; & do bi cennsa, cáenbharrach, mar Moysi. Ocus nir bo h-onórach 'ga


p.292

athair no 'ga mathair e, ar son nach aontaigedh se da n-inntinnibh saoghalta san. Ocus do coimhlionadh briathar Dhauid adubairt: ‘Pater meus et mater mea dereliquerunt me; Dominus autem asumpsit me’’

’ .i. do faccaibh m' athair & mo mathair mé, & do-gabh an Tigerna cuige me. Ocus mar do coimeitt Dabit caoirigh a athar, as mar sin do coimeitt Mo Cuda muca a athar fein ina macantacht a b-focair aodhairedh ele na muc
§. Ócus do-téighedh d' iongaire muc a athar araón risna h-aodhairibh.

Luidhsiot na h-aodhairedha la n-áon go dun an righ, & Mo Chuda léo. Gradhaigis in rí Mo Chuda, oir bá socharthana h-é. Do fhíarfaigh an ríghan, inghen Maol Dúin meic Aodha Bennain, de; ‘Cidh an seirc-sin agat don aodhaire’? ol sí. ‘Is edh tadhbás damh’, ol in rí, ‘coróin órdha lais, & columhan órdha óa mhullach go nemh, & brugh ordha ina thimceall gan mullach fair; {folio 151b} & ro charus h-e forna h-airrdhenaib-sin’

Téitt Mo Chutta lena muccaibh fo fedhaibh na Maingi, go c-cualaidh Cartaghus .i. an sein-espocc, ag cantain a phsalm; & carais go mór na salma. Ocus gabais an ráen i n-decchaid na c-cleirech, & téid go h-airm i m-báttar, gusan mainistir ren abartar Túaim. Ba machtnadh lasin righ ca slighe i n-deachaid Mo Chuda in acchaid-sin; & cuiris dáoine for a lorg. Ocus do-berar chuicce i n-giallaigeacht é.

Ro bai an ri for fleidh h-i f-farradh athar Mo Chuda an tan-sin; & do-bheir trealamh gaisccidh do Mo Chuda: ‘Ag so’, ol sé, ‘& an accam-sa i n-oighreacht t' athar’. ‘Ni anabh’, ol sé; ‘is ferr lim na briathra ro cúala lasna cléircibh’. Ocus o ro airigh an rí gradh Dé la Mo Chutta, do-bheir don easpucc é do proicept breithre Dé dó; & ba luathgairech leo-samh sin dibhlínaíbh. Ocus ro an aicce, go tucc an t-espocc gradha saccairt fair.

Beiris lais h-e go h-airm i r-raibhe in rí. ‘Acc so’, ol sé, ‘an dalta do-radais damh-sa; & as eolach 'san scrioptuir h-é. Ocus edhbair-si tú féin, & do ríghe do-somh, & do Dhia’. ‘As ócc, anáosmhar, linn h-e’, ol síatt. Léiccis an sein-espucc naomhtha for a ghluinibh é, & at-bert: ‘Edhbraim-si me fein & mo chill dó’, ol sé. Ocus léiccis an rí ar a ghluinibh é, & edhbrais é féin, fioru, macca, mna, do Dhía & do Mo Chuda. Cuiris Mo Chuda a troigh for muinel an rígh, & ro thomhais an rí dia troightibh. Ocus ro machtnaighedh uime, siubhal for an righ.


p.293

‘Na boill rer bhen mo troigh-si dhe, ni ba h-eccal dó faobhra nád gallra’.

Luidh Mo Chuda ass, & do-ni ecclais fri Maing atuaid; & ro fhothaigh ecclais n-aile fria Maing andes i Machaire Colmain, & faccbais frestal diadha forra. Ocus téid fein go Ros Gialláin, go h-airm i i m-bói Cíaran, d' fágail fhesa cia h-ait i n-oirisfedh. As-rubairt Cíaran: ‘Ro-siacht aingel {folio 154a} Dé go Comhgall’, ol sé, ‘& as-bert fris gomadh i medhon Erinn no airisfedh, & Raithin ainm an ionaidh, & i f-Feraibh Ceall atá. Ocus biaa-sa sesca bliadan inn; & cumhdaighfidher cathair let iaramh isin aird thes d' Erinn, & Lios Mor a h-ainm, & is ann don-ic foircenn do shaoghail’.

Ro fíoradh sin; & do thircan Colmán Eala an c-cédna; & ro thairngir Colum Cille fecht riamh iar n-do-la do Raithin, gur bo h-acobhar lais airisiumh inn; & as-rubairt: ‘Ní damh ro cedaigh Día beith sunn’, ol sé, ‘acht do-icfa nech airmittnech iar t-trill, dia m-ba domgnas an dú-so, & bidh Cartach a ainm, & bidh oirderc i fertaibh & mhíorbhallaibh’. Ocus ro chlannustair Colum Cille tri slata isin ionad-sin; gur bhó dibh-sidhe ro tionnsgnadh damhna reclesa la Mo Chuda iar t-toidheacht.

Fechtus do Mo Chuda oc ernaighthe a áenar, co faca nech for a bheola, Maghus a ainm, co n-ebert fris la h-aimhirsi: ‘Tabhair’ ar sé, ‘duille forsan abhaill-so fil it farradh’. Do-rad-somh sighin na croiche tarsan abhaill, go raibhe fo dhuille go h-uilidhe. ‘Ba h-áillide sidhe bláth fuirre’, ol Maghus. Do-rad-somh in m-blath amail as-rubhradh fris. ‘Ba ferr gomadh 'na ubhlaibh forbiadh’, ol Maghus. Fo-ghni-siumh ón, gur bhat lan-toirthech do ubhlaibh. ‘Ba ferr gomtis aipche’, ol Maghus, ‘go ro toimhlem’. Ro fíoradh son, go m-battar ina n-áen-broin abaigh for lár ar belaibh na h-abla. Toccbhais Magus ubhall dia thomailt, ar ba h-adhlaic lais ar a méd & ar a n-áille;


p.294

& ni ro fhaolustar a tomhailt ar a sheirbhi. ‘Ba ferr gan a t-tabairt, ina an serbhas fil léo’. Bennaigh-siumh iaramh, gur bho blas meala orra. Imtighis Maghus iaramh, co ro dallta la breithir Mo Cuda go cend m-bliadna ar an amairsi ro gabh dhe; go t-torracht fo breith Mo Chuda i forcenn na bliadhna, gur bó slán dia dhoille iar n-umhla & aithrighe dó, gur bho manach dó céin bói i m-bethaid. Ro moradh ainm Dé & Mo Chuda de-sidhe; & a mí Marta do-ronta in sin.

Fechtus do-rala macán amhlabhar gan eistecht ar amas Mo Chuda. Ro ataigh-siumh Dia dia chinn im cobhair fair; go ro h-íctha fo céttoir.

19

{folio 154b} Luidh araile fer lubhra, go ruacht do saigidh Mo Chuda; gur bho h-ogh-slan iaramh la h-atach Mo Chuda.

Luidh araile fer doidhealbhdha do saighidh Mo Cuda, do accaine a troighe fris. Ro h-ícadh-somh dano, co nar bó ferr delbh nach aile; go ro an ina mainces iaramh.

Araile duine truagh tainicc ar ammus Mo Cuda gan cumang treabhtha lais, go ro iarr cobhair fair. Ni bái cumang la Mo Cuda dó, ar ni ra bhattar doimh na arathair lais; & as ruamhar fognídh día mhancaibh, ar ní ghabadh nach cethra saoghalta o neoch. Co n-ebert fri nech dia muinntir, toidecht fon fidh comhfhogus, & dí dhamh alltaighe do tabairt don trog uccat. Fognít samhlaidh; go ro airsett a m-boi aca, & tiaghait for dásacht iaramh.

Luidh nech aile do saighidh Mo Chuda, & boi-séin for dasacht iar n-dol do dheamon inn. Go ro ghuidh Mo Chuda mo shláinte, & ro ataigh-siumh Dia dia chinn gur uó slán iaramh.

Fechtus do-cuaidh Mo Cuda do bleith coda na manach go muilenn comhfoccas do. Bói rí éttrocar forsan crích, & ba misccnech fri Mo Cuda, go ro chuir ammus fair. At-racht iaramh casair teinedh, ettorra co na ro cuimgeset ní dó. Tiaghaitt for ammas an righ, & at-fiadhat a sccela dó. Dasachtaigter uime-siumh de-sidhe, co n-deachaid fein día shaighidh; & at-racht an chasair cétna ettorra & an muilenn; co n-ebert nech dia mhuinntir: ‘Anam’, ol sé, ‘fris, co ro imtighi on bleith for a t-tá, & marbhtar iaramh’. ‘Bidh maith on’, ol cach. Anait samhlaidh co n-darocht, & nochtait a n-arma; go ro lensat dia


p.295

lámhaib, ar ní forcaomhsat ní dó-samh chena. Slechtait dó iar-suidhe, & tiagait for a mhainces & ógh-reir.

Fecht aile do Mo Cuda h-i r-Rathain. Tainic an t-aingel cuicce, & as-rubairt fris: ‘Eir(g) go t' athardha’, ar sé, ‘& atá rí Ciarraighe fri bás a mucha, & tabhair comain & sacarfaic dó; ar at-béla ria n-oidhce’. ‘Ni rúa-sa an uair-sin cuige, {folio 155a} munam cobhra Día’, ol sé. Do-ratt an t-aingel carpat teinntidhe foa, go ro-siacht fri prapadh súla gusin righ, & ro lesaigh amail as-rubartmar, co n-abail dia laimh, iar m-breith buadha o dhemhan & ó dhomhan; & ro-siacht-somh go Raithin isin laithe cetna, go rucc for esparta na manach.

Fechtus dia luidh Mo Chuda ar amas Cholmáin go Lainn Eala, ar go t-tísedh lais go Raithin do bhennacadh ferta & tumba dó, ar do-ridhnacht Día dó gach fert no bhennaighfedh, co na téisedh ifernach inn. ‘Eircc-si go Raithin’, ol Colmán, ‘& tiagh-sa dhi día dardáin’. Ní thainic Colmán amhail ro gheall; & téitt Mo Chuda doridhisi dia shaighidh, & at-bert: ‘Cidh na ro chomhaillis an gealladh do-radais’? ol sé. ‘Aingel rom-fucc go h-adhnacal n-aile dia bennachad’, ol sé; ‘& eircc-si go Liss Mór, & fogeba comharta ferta & adhnaicthi ann iarna choisergadh ó ainglibh; & cumdaighter & bennaighter let fodheisin, ar is ann forbía th' esérge, & ní bá h-ifernach nech día téis inn’. Fo-ghní-siumh, amail as-rubhradh fris.

Fechtus do Mo Chuda h-i r-Rathain, gur baidhedh aon-mac rígh Delbhna. Guidhis an rí Mo Chuda ima oidhre do dhúsacht. Do bái lá & aidhche fon sruth in tan-sin. Teid Mo Chuda uasa lasin rígh; & guidhis Dia uman mac do thódhúsccadh. Ocus ro eirigh don grían go h-airm i m-bádar. Ro iodhbair an rí an mac do Mo Cuda. ‘Fuirghedh occ dín a ríghe’, ol Mo Cuda; & rob e an mac-sin roba rí for Dealbhna a h-aithle a athar, & a clann dia éis.

Mo Chuda dino nech as cruthaighe bai ina aimsir. Dus-rat tricha ógh seirc n-dearmáir dó, na ro fhetsat do cheilt; & ba doirbh la Mo Cuda sin, & guidhis Día imón seirc-sin do thinntodh h-i seirc spiratalta, & ros-iompo; & do-gní Mo Cuda cailledha dona h-oghaibh-sin, & ro batar oc fognamh do Día go a m-bás.

Luidh Mo Chuda la n-aén h-i c-Ciarraighe Cuirci; & Corc ri Muman for a chinn isin crich. {folio 155b} Ticc cáer theinntidhe as an aer, go ros-marb seitigh & mac an righ, & dí each a charpait. Guidhis an rí Mo Chuda imo tódúsacht. Ocus do-gní la grasaibh Dé.


p.296

Bai rí na criche-sin dall, amhlabhar; & ros-fóir Mo Chuda h-é.

Bái nech ele innte, & eslainte theinntidhe fair. Ocus cuiris Mo Chuda a crios thairis, & fuair furtacht fo cetóir. Ocus ro airis Mo Chuda bliadhain isin crich-sin iar f-faghbáil almsan mór on rígh. Ocus luidh go Rathain.

Laithe dar gabh Mo Chuda tar ath for Abhainn Móir, gur toccaibh ubhall fuair fair. Ocus ro bái inghen cherr marbh-lamach occ righ Fer Muighi, & a lamh dhes 'arna táth fría táobh. Ocus beiris Mo Chuda an t-ubhall lais go h-airm i r-raibhe an inghen. ‘Ag so’, ol sé. Sínis an inghen an lamh clí, amail ro cleacht. ‘Sin an laimh n-aile’, ol Mo Chuda. ‘Ní thicc dím’, ol an inghen. ‘A fhechain’, ol Mo Chuda. Ro shín, & ro sccaoil an cuibrech (ro) boí eter an laimh & an taobh; & ro fhás fuil & feoil na laimhe & an taoibh, gur bó óghslán.

Gabhais luathgaire, gairdechas an rí, & at-bert: ‘Ní fuil ceile bus áil lat nach fuighbe festa’. ‘An cléirech uccat ros-foír mé, as áil damh’, ol sí. Téid an inghen la Mo Chuda; & do-gni reclés di h-i c-Clúain Dalláin, & boi ina h-oigh naomhta o shin ille.

Araile aimser do-rala días manach as in m-Briotain do shaigidh Mo Chuda, ar bá h-errderc a c-cíana, go m-batar athaidh occa; go ro gabh codarsna & format fris, ar do muinsetar gomadh aca forbíadh a ionad & cennus for a mhancaibh, díamadh marbh. Go ro coccrattar meabhal fair, ar ba derbh léo gomadh síor-saoghlach, muna tucctai dían-bás do. Conidh edh airecc fuairset, cuibhrighi do chur fair, & a bhadadh fo dichleith.

Isin uair-sin do-rala manach do mhuinntir Mo Chudaar bó bés fritaire, & ernaighte, & siubhal for reilgibh & táisi(bh) gach n-oidhce, go ro fhiarfacht, cidh bói léo. As-berat-somh ba h-e édach na manach (dia) diunnach {folio 156a} & fothraccadh. ‘Taispentar damh-sa’, ol sé, ‘ar ni gnath oidhchi friss’. Toccbhais an turfholach, & fo-geibh Mo Cuda inn. ‘Ní maith in gniomh ro triallabair’, ar se, ‘& léiccidh uaibh’. ‘Bidh maith damh-sa’, ol Mo Cuda, ‘ciabtar ifernaide-siumh dhe’. Ocus as-bert friu-siumh imtecht dia n-atharrdha, & na léiccfedh a aithe forru an col ro triallsat.

Fechtus dia luidh Fínan ar ammusMo Chuda, & at-connairc


p.297

na manchu occ ruamhar, & araill dibh go t-tiaghaibh & oiredhaibh forra. ‘As truagh’, ol Fínan, ‘ainmhedha bruidemla do dhenamh dia bhar manchaibh; ar ro ba córa daimh fri h-ar & tarrudh libh, oldas an aradhain uccat do thabairt for deisciplaibh Dé’. ‘Ní ro mhianaig-sium sealbh saoghalta linn’, ol Mo Chuda. ‘Ni maith inn sin’, ol Fínán, ‘cen derca & edhbarta na manach talmanda do ghabail occan ecclais, & coibhsiona & ernaighthe doibh dia chinn; & na déntar samhlaidh ó sunn amach’.

Araile nech airmittnech ro-siacht do shaighidh Mo Cuda, Lasianus a ainm, & ron-ucc triocha loilgech lais i n-urfholach do Mo Chuda. Tiagait na manaigh do proinn; & ro leicc-siumh meirten fair, & at-bert, ní eisbedh acht loim; ar bá derbh lais ni bói loim lasna mancaibh. At-fiadhar son do Mo Cuda, & ro bennaigh an uiscce boi for a belaibh, gur bó loim, & at-naghar do Laisiánus. Ocus andar lais, ba h-uiscce iarna claochmodh i n-ass; & ro ghuidh Día imá toidheacht ina cruth feisin; & ro sodh i n-uiscce iaramh amail connaig.

‘Ní maith innso’, ol sé, ‘uiscce fil sunn, & ni h-ass’. Ocus at-fiadhar do Mo Chuda inn-sin, & luidh go Laisiánus, & ro aithin, is ó Día for-fuair claochmodh i n-uiscce don ass; & at-bert fris: ‘Cidh ar na proinnighi linn’? ol sé. ‘Ni tó’, ol Lasiánus, ‘go ro gabha-sae almsana ona manchaibh domhanda, & ó gach aon díanid áil chéna’. ‘Do-gentar samhlaidh’, ol Mo Cuda; & fo-gní iaramh in cein bói i m-bíu. Ocus ro fhaccaibh Laisiánus an triocha agh lais; & fo-ghníseat a n-áentaidh, occus ceileabhraitt diaroile iaramh.

20

{folio 156b} Feacht n-ann at-bertatar na manaigh ra Mo Chuda: ‘It aipche ar n-guirt’, ol síat, ‘& ní fhuil meithel sunn’? ‘As tualaing Dia meithel doibh’, ar Mo Chuda. Go t-tainic foirenn d' ainglibh forsan n-gort, & gur bhensat h-e.

Fecht dona manchaibh ag dul for fiddh, go ro bris a chriss tar manach dibh la truíme a eire. Cuiris an prioir gad thairis amail crios, gur chonnaimh thairis h-é, co ros-morg a fheoil uadha, go n-dechaid i n-aimhnerte, súaill nar bhás lais. ‘Cidh an f-fainne-sin fort, a manaigh’? ol Mo Chuda. ‘Cris ro cuir an prioir thorum’, ol in manach,‘& rainic mo cnámha; & nírbh ail damh a chur dím lá h-umhla, go m-benadh an prioir dím h-é’. Ocus do thaisbéin a crechta do Charthaghus. ‘Do-ghebhaitt na h-álaidh-sin furtacht’, ol Mo Cuda, ‘& do-ghebhair féin sáogal fada, no nemh do lathair’. ‘Nemh dhamh’, ol an


p.298

manach. Do-bheir Mo Chuda corp Íosa dia thomhailt dó; & do-chúaidh 'chum nimhe.

Luidh ri Temhra & rí Midhe do díchur Mo Chuda a Rathain, iar c-cur breg-sccel n-iomdha fair. Ocus do-níad craind, dus cia dibh do-rachadh do díchur an chleirigh .i. Mo Chuda, a Rathain. Ocus do thuit an crand for righ Midhe, & cuiris a bhrathair do dhichur Mo Chuda; & at-bath an brathair fo cédoir. Fergaighter an rí, & tiaghait anunn, & sraighlit Mo Chuda cona mhancaibh a Rathain.

Ro bai manach dibh, & galar cos fair, & do-cuaidh i c-cosaibh in righ, & ba h-insiubail-siumh fein. Ocus ba h-iomdha neach la Mo Cuda go c-cláochladh áibide fair. Ro esccain Mo Chuda gach áon ros-dichuir é, & in neoch ros-tarraing h-é, & an rí.

Ocus ro gab Mo Chuda seach fhert mhanaigh naomhtha ro h-adhnacht treall do bliadhnaibh roimhe sin; & ro éirigh an manach a h-úir. ‘Beir meisi lat’, ol sé. ‘Nocha to’, ol Mo Chuda, ‘no co t-tí lá an timairccthi’.

Ocus rob é lín imirce Mo Chuda an tan-sin .i. moir-seiser ar dá fhicet ar ocht cetaibh; & gabait tré fhiodh do-imtechta. Bai crand dímór 'na luighi forsan conair, {folio 157a} & ni ro caomhsat na fainn dul tairis. Toccbais Mo Chuda a laimh uasa: ‘Eirigh’, ol sé, ‘amail ro badhais feacht riamh’. Ocus ro eirigh an crann la breithir Mo Chuda, & ro faccaibh an chonair réidh. Ocus ba h-iomdha boicht & troigh, & espuicc, & abbaidh forsan imirce-sin; & a raibhe do lobhraibh fuirre, bá sé Mo Chuda ro freastladh día lamhaibh a saotha & a n-gallra.

O 't-chuala rí Muman .i. Failbhe Flann, Mo Cuda for slighidh, ticc ina dháil do tabairt aiti i n-oirisfedh dó. ‘Ni thicc dím’, ol Mo Cuda, ‘óir do déonaighedh áit eiseirge damh’.

Luidh go h-Ard Fínáin, & ticc ri na n-Déisi ina dáil. Ocus ro iodhbair Aird Fínáin dó. Ocus ba h-ingen do Fhailbhe Flann séitigh an rígh-sin. Ocus do-connairc si fís amra .i. ealta do énaibh díaírmhe do teacht go h-airm i r-rabhatar, & an t-én ba cuingidh dibh do thoirnemh forsan righ. Ocus do innis don righ gach a f-facaidh, & ba luthgairech leo-somh sin. ‘Mo Chuda’, ol sé, ‘triallfus sunn, & as í a imirci an ealta-sin; & is é féin an t-en do airis oram-sa’.

Nir cian doibh iaramh go f-facattar Mo Cuda cona imirce. ‘Do chuinghidh ferainn i n-oirisfemais fort-sa tangamar’, ol Mo Chuda frisin rígh. ‘Do-ghebae Liss Mór’, ol an rí. ‘As cian ó do thirchan


p.299

an t-aingel damh-sa, gomadh annsin do bhiadh m' eiseirge’. Ocus oirisit h-i f-farradh Colmain ina chill teora laithe & teora h-aidhche gan do linn leo acht aen-soidtech, & ba lór doibh gach n-oidhche a b-faghdais de.

Ocus teccaitt 'chum atha for Nem linn; & tuile mor ann a c-coine aroile .i. on muir & on abhainn. Cuiridh Mo Lúa & Colman ina remhtus. Cuiridh Colman an mhuir dhe ina h-aill fria thaobh; & cuiris Mo Lua an sruth dhe ina aill ele. Ticc Mo Chuda for a lorcc 'san áth, & h-é ina lecaibh tiormaibh, & do dheonaigh don uiscce dol i c-cenn aroile; & do-cuaidh.

Luidhsiot go Liss Mór. Sccarait for fíarláid an duin dia bhennachad, & do dhenamh aittrebh fair. Go t-tarla ogh doibh i reicles isin m-baile. Ocus lioss m-becc aca aga chlaidhe. ‘Dísccir h-é’, ol an ogh; ‘cladhaidh an liss-so as mo díbh’, {folio 157b} ol sí. Do-niat, conidh de sin do len Liss Mór dhe; & do edhbair h-i féin & a sealla do Dhia & do Mo Cuda.

Luidh duine bocht la n-aen go Mo Chuda for a t-tuccadh serc lenna, & bainne, & fíona. Toccbais Mo Chuda a lamh os in topar bái ina freccnairc, & do-ní teora ranna dhe, ina fhion, ina lionn, & ina bainne; & do ibh an bocht a dháothain dibh, gur bó slán. Ocus ros-bennaigh Mo Cuda an topur, go ro cuir ina chruth féissin doridhisi.

'Ar c-criochnuccadh na n-oibrech n-diadha sin do Mo Chuda, do-chuaidh a corp h-i f-fainne & i n-arsaighecht. Ocus do-chuaid h-i t-teghdais m-bicc ona mancaibh. Ocus do innis doib nar bó cían a reimhes. Ocus ni fhedadh dol dia f-fiss, acht as iatt-somh thiccedh dia fhiss-somh. Ocus ro shill súas la n-áen, go f-facaidh dorus nimhe occa fhosluccadh, & foirenn d' ainglibh ag techt ass go h-airm i r-raibhe-siumh. ‘I n-dáil t' anma-sa tangamair-ne, a Mo Cuda’, ol síatt. Cuiris fioss forna mancaibh, & ro innis doibh a n-iomsccaradh fri aroile; & do chaith Corp Criost, & do-berar sacramaint na h-ecclaisi dó, & do sccar a anam fria chorp, & do-chuaidh i n-aentaidh aingeal i f-frecnairc na Trinóide; Athair, Mac, & Spirat Naomh. FINIS.


p.300