Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

Life 9

{folio 278a}

Betha Caoimhgin do reir mar do sccribh manach fá deiscipal dó féin dárb ainm Solamh

  1. 1] Do sir Caoimhgin móran d' Eirinn,
    2] Ocus an t-aingeal le choir,
    3] D' faghail áite i n-dingnedh crabhad;
    4] Ní dherna samhadh go b-fuair.
  2. 5] Do-cuaidh Caoimgin tar na bennaibh
    6] Leis an aingeal, ba lór lúas,
    7] Do-róin cathair iter glennaibh,
    8] Do bhennaigh Dia nemhdha anúas
  3. 9] Mar a n-dérna Caoimghin crabhadh,
    10] Gaoidhil do fhremhaigh re thaobh;
    11] O shoin do ainit íad ar gabhadh
    12] Go meinic i n-adhba naomh.
  4. 13] Glend gan iothlainn, gan cruaich arbhair,
    14] Acht cairrge garbha os a chend;
    15] Glend nach érthar nech fa coinnmedh,
    16] Atá rath in Coimdhedh ann.
  5. 17] Glend aigméil, il-piastach, uathmar,
    18] Glend an dá loch do bí uair
    19] Do thairnngir Fionn na c-céd c-curadh
    20] Go m-biadh fo deiredh 'na ruaimh.
  6. 21] Do thairngir Patraicc mac Calpuirn
    22] Gur thaitin leis glend na n-all;
    23] ‘Léna thaobh, gibe táirfes,’
    24] ‘ Naomh do déna áras ann

    Do sir

  1. 1] Deich m-bliadna fichet go tend
    2] D' éis a thairngire on tailghenn,
    3] Rob í sin aimser do ghin
    4] An náomh dar comhainm Caoimhgin.
  2. 5] Nír airigh mathair an meic
    6] Doigh na tiachair 'na coimpeirt;

    p.132

    7] Tiaghait mna gan ceist, gan cradh
    8] Leis da bhaistedh go Crónan.
  3. 9] Do-chuir Día aingeal do nimh,
    10] Suil do baistedh in naoidhin;
    11] Gur aslaigh tre menmain n-gloin,
    12] Gomadh é a ainm-siumh, Caoimhghein.
  4. 13] Tarla an t-aingel dona mnaibh,
    14] Do ráidh ríu gan iomarbhaidh:
    15] ‘Is orm-sa do aslaigh Dia dil’
    16] ‘Teacht do bhaistedh na naoidhen.’
  5. 17] Riom-sa as mó do-bheir Dia taobh
    18] Don naoidhin, bhías 'na ard-naomh,
    19] As me an t-aingeal brioghmar nach lag,
    20] Bías gan crich 'ga comhaittacht.
  6. 21] Toccbaid suas, a mná, in naoidhe,
    22] Os mé atá 'ga urnaighthe;
    23] Baistfet gan bardal gan moide
    24] In árd-ainm na Trinóide
  7. 25] Da aingeal décc, mar búdh cóir,
    26] Do-chuir Dia aniar 'na onóir;{folio 278b}27] Is tapar óir go lasair gloin
    28] Do boi i l-laimh gach aingil.
  8. 29] Rab e sin a fhrestal ó nimh,
    30] Cein bói baistedh 'ga deinimh;
    31] Ise do chengail a dhail go chert,
    32] A aingeal féin coimhitteacht.
  9. 33] Ise an t-ainm do dhealbh Dia ar nimh,
    34] Bías ag lenmain don naoidhin,
    35] Smuainidh, a mhná an frestail gloin,
    36] Gurab é a ainm baisti, Caoimhgin.

    Do

  1. 1] Do raid an t-aingel risna mnáibh:
    2] Na treigidh caingen Cronaia,
    3] 'S taisbenaid dó in naoidhe,
    4] Innesaidh daibh fírinne.
  2. 5] Créd 'ma t-tuccabhair, a mná,
    6] Cuccam-sa bhar naidhenán?
    7] Uaisle anté do bhaist na mise,
    8] Ar aisde na dinginn-se.

  3. p.133

  4. 9] An baisttedh do ordaigh Día do nimh,
    10] É do-rinnedh ar an naoidin;
    11] 'Ga aingeal féin atá fios,
    12] Isé bias 'ga ríar go díles.
  5. 13] Do-roine Cronan faistine
    14] Is failte risan naoidhin;
    15] Is at-bert: beid na tírthe
    16] Co dichra fo cís Caoimhgin.
  6. 17] Dáilim a h-ucht righ nimhe
    18] Mé féin deit-si d' áiridhe,
    19] Gomadh ferr do mhes ag cách,
    20] Ó bhus mé do chéd-óglach.
  7. 21] Tucc annsin a aingel féin
    22] Da aithle sin toiscc go c-céill;
    23] Ba cosmail le grein n-gloin,
    24] Mar theine trén-lasamhain.
  8. 25] Mar tarnaic caingen na naoidhen,
    26] Da aingel ionmain tuccadh;
    27] Tiaghait na mna binne blaithe
    28] Leis gusin raith h-i r-ruccad.
  9. 29] Naomtha in raith i r-ruccad Caoimgin,
    30] Ise rath na naoidhen do-bheir;
    31] Nir fholaigh snechta na reodh
    32] Fós riamh a fód arar gein.
  10. 33] Snechta an gheimridh trath ticc sen
    34] Bacaidh ingheilt do buaibh cáich;
    35] Tre rath Dé 'sa raith gan folach
    36] Do-gheibh eallach biadh a saith
  11. 37] Tuccadh fos da bhethuccudh
    38] Bó glé-gheal 'chum na naidhen;
    39] Bó nach fes cáit as tainicc,
    40] Na ca táin gósa teighedh.
  12. {folio 279a}41] Go trath coda gacha h-aoine
    42] 'S gach la troiscti go saoire
    43] Cíche a mathar, naemhdha in smacht,
    44] Nochan ibhedh acht aoin-fheacht.
  13. 45] Do-tigedh fós d' á aithigid
    46] A aingel fein co h-aoibhind;
    47] Do biodh do-gnath dá mothuccadh
    48] Gur trath a chuir le leighend.
  14. 49] Do sgar o chairdibh, feirde a chaingen,
    50] A aingel féin 'ga stíuradh,

    p.134

    51] Seacht m-bliadhna rob ceird balach,
    52] Bói i n-ord mhanach 'ga múnadh.
  15. 53] Do len a ord, ger borb a riaghail,
    54] Do an go diamhair 'ga fhoghlaim;
    55] Téid fo gradhaibh sáora saccairt,
    56] Fuair gach abairt da foghnann.
  16. 57] Radh a aingil fris go fosaid;
    58] Ort ni bía annso foistine;
    59] Na h-an mar so i n-glend fásaigh
    60] Da n-dérna Fionn faistine.
  17. 61] Do fíoradh faistine Find,
    62] Ocus Patraicc meic Calpuirnn,
    63] Tainic fán na loch 'artain,
    64] Mar do bí a n-dán do Caoimhgin.
  18. 65] Anois as gairit lem cridhe,
    66] As-beirim a bhuidhe do Dhía,
    67] Mo theacht go glenn as maith daingen,
    68] 'S nac bía acht m' aingeal 'gum riar.
  19. 69] Do bi ag teichemh riasan saoghal,
    70] Uamhan réa bhaoghal do ghabh;
    71] Dob ferr leis, o nár eccóir,
    72] As dol accédoir ar nemh.
  20. 73] Da éis nir chodail ar peall,
    74] Acht cercaill cruaidh cloiche fa chend;
    75] Mar do bheith gach geilt gan crúas,
    76] Do bai da ceilt i c-cruaidh- chúas.
  21. 77] Do bi Caoimhghin iter clochaibh
    78] Ar bord locha ar leabaidh luim,
    79] Ocus a thaobh seng lé cloich
    80] 'Sa glend gan boith os a cionn.
  22. 81] Ro pa cruaidh a leaba ar leic
    82] Go madain sínte gan sgiamh;
    83] Nír iarr ar bith ní budh socra,
    84] Gemadh docra, is innte do bhiadh.
  23. 85] 'San n-glend uathmar (na) c-crann gégach,
    86] Ní rob aobhdha édach an naoimh;
    87] Croicne na n-anmann f-fiata
    88] Uime, iter sliabhtaibh do biodh.
  24. 89] Do-theighedh Caoimgin ar lind letain
    90] Gan luing gan ethar gach láe,{folio 280a}

    p.135

    91] Do dhenamh aifrinn 'sa sgeillic,
    92] Ionad do thaitin le Día.
  25. 93] Do biodh gan duine 'na fharradh
    94] 'Na aonar fo bharraibh craobh,
    95] Rob íad a cleirigh na h-aingil,
    96] Glé-binn léo caingen in naoimh.
  26. 97] Do biodh gan uamhan, gan eccla,
    98] 'San uaim ag freccra do Dhía,
    99] Is loch fuithe mar fhairrge
    100] Ag sgothadh na cairrge laimh ría.

This section is not numbered in the MS, but the repetition of the first word ‘aiccmeil’ after line 24 shows that it forms a separate poem.

  1. 1] Aiccmeil h-í péist locha luicc
    2] Re denamh uilc ocus áir;
    3] Meinic tucc maidm ar an b-féin,
    4] 'S ar Fhionn féin go n-iomat aigh.
  2. 5] Do gabh Caoimhgin loch na baidbe
    6] Go moch, mar dob áil le Dia,
    7] 'S do-chuir an pheist i l-Loch lágha,
    8] Ag eistsecht na trath ní bía.
  3. 9] Do ghabadh Caoimhghein go n-dithcell
    10] A psailm 'na timcell go moch,
    11] Do-chuir an degh-naomh gan déisten
    12] Déir-neimh na péiste as in loch.
  4. 13] Rob h-e an dubh-loch urbhadhach,
    14] Irraibhe an il-péist fraochdha;
    15] Aníu as naomh-loch miorbuileach,
    16] Doní gach saoth do traothadh.
  5. 17] Do-chuir plagha do bhuaibh Gaoidhel
    18] Caoimhgin, do ba naomhdha in gas,
    19] 'S a c-cur tríd an loch da n-glanadh,
    20] Nach beiritt leo a n-galar as.
  6. 21] Sgaraidh fríu an loch rathmar
    22] Galar go n-iomat goimhe,
    23] Teid 'sa sruth d' fios na peistte
    24] Uisge gan deistin roimhe.

    Aigméil

  1. 1] Laidir in snaidm do-chuir Caoimhgin,
    2] Tucc maidhm ar phéist locha gloin;
    3] Do chengail go docht is go daingen
    4] A corp 'sa maindir a b-fuil.

  2. p.136

  3. 5] 'Ar n-ionntadh on taobh go 'roile
    6] Gacha bliadhna an peist fil and,
    7] Eirgidh an loch cró-dhercc os áirde
    8] Comhard na cairrge os a cionn.
  4. 9] D' iongantaibh Locha lagha,
    10] Mór an gabhad donté at-chí,
    11] Aon-lá na oidhche da aithle
    12] Da éis 'na bhethaid ní bí.
  5. 13] Gidh iomdha na fagbála
    14] Do fhácc Caoimhgin 'na ghlendaibh
    15] Se féin ar tí a thárthála,
    16] Ar gach áon n-achar chennaigh. 8
  6. {folio 279b}17] A seacht fo diamhraibh dluithe
    18] Do bliadhnaibh go m-blaithe,
    19] Duit re taobh do thuaithe
    20] Gan biadh acht Cáol Fáithe.
  7. 21] Caoimhgin a b-fad do bliadhnaibh
    22] Iter dhiamhraibh i c-coilltibh,
    23] Ocus ní faca duine
    24] 'S ní fhaca duine inntibh.

    Láidir

  1. 1] Fada ó chairdibh do bí Caoimhgin
    2] Iter na cairrgibh co dron,
    3] Ionnraic do-connairc ord 'na aonar
    4] Ruccadh ar bord Locha gloin.
  2. 5] 'San oidhce do éirghedh gan gabhadh
    6] Do dhénamh crábaidh 'na lios;
    7] Ann doniodh go moch a tratha
    8] 'San loch go gnáthach go a chrios.
  3. 9] Deiredh oidhce ar lár snechta
    10] Do éirghedh, mar do cleacht, go moch;
    11] D' aithle a psalm go m-búaidh do cantain,
    12] Do thuit a psaltair 'san loch.
  4. 13] Do thuit a psaltair re fánaidh
    14] Ó Cháoimhghin an crábaidh cruaidh,
    15] Nír mheistte liter na leighenn,
    16] Uiscce na creidhim da b-fúair.

  5. p.137

  6. 17] Tainic an t-aingeal da chomhrádh
    18] Le Cáoimhgin lomh-lan do rath;
    19] Do an aicce, go t-tucc dobhrán
    20] Chuicce a leabhrán as in loch.
  7. 21] Raidhis ris an t-aingeal naomhtha:
    22] ‘'San n-glend it áonar ni bía,’
    23] ‘Os dán duit dáoine dot faicsin,’
    24] ‘Ná bí dot chealtair ní as sia’.

    fada

  1. 1] Do bái brucchaid bó-cédach
    2] Ar criochaibh Laighen lerda,
    3] Rob é an curadh cédfadach,
    4] Dárb ainm Díoma mac Fergna.
  2. 5] Dó-samh do bí a b-fáistine
    6] Urmas ar Chaoimhghin 'san n-glend,
    7] Ni fada da aithle sin
    8] Go f-frith leis an t-érlamh ann.
  3. 9] Gur urmais bó do bhuaibh Díoma
    10] Ar Caoimhgin i c-cúas in croinn,
    11] Go ro shin aingeal da díden,
    12] Mar do-chuir le dáoinibh druim.
  4. 13] Nír an ar ingheilt in fhásaigh,
    14] Acht ag lighe cos an naoimh;
    15] Do-bheiredh ní sa mó do bhainne
    16] Na leth bó in bhaile i m-bíodh.
  5. 17] Le Dioma fa mór an t-iongnadh,
    18] An ingheilt doníodh an bó; 9{folio 280b}19] Do raidh lea buacail a lenmain,
    20] 'S fios a h-adhbair d' faghail do.
  6. 21] Do raidh Dioma re lucht teglaigh
    22] An bó do lenmain go moch;
    23] Ní fhuarattar a lorcc rempu
    24] Ar in leircc ós Glionn Da Loch.
  7. 25] Da t-tangattar ba Dhioma
    26] Go diochra d' ingeilt 'san n-glend,
    27] Tárla da m-buacail crand toraidh,
    28] Fuair Caoímhghin go soraidh ann.
  8. 29] Tairccther le Caoimhgin don buachaill
    30] Luach isa cheilt ar chách,

    p.138

    31] Targaidh nemh, is air ba tualaing,
    32] 'S gan teacht fa thuairim go brath.
  9. 33] ‘Teccaidh bó Dioma’, ar an buacail,
    34] ‘Ag teacht úait 'sad dáil 'san n-glenn,’
    35] Beith dot ceilt ni fuil ar cumus,
    36] ‘Ar nád t-faicsin go follus ann’.
  10. 37] Taosga fuair an bho na an buachail
    38] Caoimghin 'san úr-choill 'na raibh,
    39] Sí maráon la coidhce
    40] 'S ag triall 'san oidhce da toigh.
  11. 41] Ní dá dhéoin da adaimh an buacaill
    42] Do Díoma luagaill na bó,
    43] 'Na lios gur cengail go ro tend,
    44] Gur innis a fochann dó.
  12. 45] Do ráid Díoma lena degh-cloind
    46] Dul 'san glenn a b-frith an bó,
    47] Go f-faghtaoi leo in náomh go n-gloine,
    48] 'S go g-creidtí léo uile dó.
  13. 49] Le Dioma ba mór an lúthgair
    50] Se d' fagháil 'sa chuas rea ló,
    51] Do ráidh lena cloinn go nósmar:
    52] ‘Denam go grinn crochar dó’

    Do bi

  1. 1] ‘Fír anois faistine Finn,’
    2] ‘Ocus Patraicc meic Calpuirnn’,
    3] Do raidh Dioma ríu faseach;
    4] ‘Os sinnair an tairngertach.’
  2. 5] A Chaoimghin báoi dúinn a n- dán,
    6] Tú do thabairt a cúasán;
    7] Tríallam ní as sía 'san n-glend
    8] ‘Na m-beir gan chrích gan foircend’.
  3. 9] Ag dol dó 'na rúaig fán c-crannaigh,
    10] Do raidh Díoma an chaingin búidh,
    11] Nar léiccthe an crochar dha milledh
    12] Tresan c-coillidh n-daingin dluith.
  4. 13] Slechtait ainnséin croinn an doire
    14] Don chraoibh oinigh, diadha an fís,

    p.139

    15] Do luigh tre fhertaibh an erlaimh
    16] An fiodh, 's do éirigh arís.
  5. {folio 281a}
  6. 17] Tainic go Caoimgin da oigh-riar
    18] An t-aingeal fial, mar do cleacht,
    19] Do congaibh an úr-coill 'na luighe,
    20] Co fuair thairsi slighe cert.
  7. 21] Ifrionn ocus gairde saoghail
    22] Faccbaiss Caoimhgin ag gach nech
    23] Go brath do loisccfedh a h-úrach,
    24] Na a críonach o sin amach.
  8. 25] Toccbait Caoimgin i c-crochar
    26] Clann mór Dioma an ruathair buirb,
    27] No go rainic lár an glenda,
    28] Mar a n-derna grema a uird.
  9. 29] Do-ní an naomh miorbuil accedóir
    30] Ar cloinn Díoma árd-mhoir-mhir,
    31] An nech do-cuaidh tar a uaigh-réir,
    32] A churp a c-crúaid-céim do-chuir.
  10. 33] A selcc nír tréicc ar an erlamh
    34] Dioma mac Dioma gan céill,
    35] Ó nar chreid dó, nír sén soraid,
    36] Sé fa cuid dá chonaibh féin.
  11. 37] An c-cualabhair Ceallach mac Díoma,
    38] Mar fuair bás a c-crois gan sccís?
    39] Do-chuir Caoimhgin gusna rathaibh
    40] Da thigh 'na bhethaidh arís.
  12. 41] Ge fuair an crochar da milledh,
    42] Nír moillitte a rúaig 'na réim;
    43] Ise Caoimhgin do fhóir, ge fuair bás,
    44] Nír léicc uaidh re tlás a feidm.
  13. 45] 'Ar n-éirghe don mhac a h-eccaibh
    46] Céd-guth do ráidh se le cách:
    47] ‘Anté tucc meisi as gach eiccen,’
    48] ‘Ni treiceabh é go t-tí an brath’.
  14. 49] An comhairle tucc da cáirdibh,
    50] Ba maith le Caoimhgin a rád;
    51] Tangattar go mín da guidhe,
    52] 'S do líon a cridhe d' a n-gradh.

    Fír

  1. 1] ‘A Dhioma, os duit do bai i n-dán,’
    2] Meisi do breith om chuasán,

    p.140

    3] Na tréicc me tre ceist eile,
    4] Oír nach brécc an fhaistine.
  2. 5] Gidh dom aimhdeoin tuccabair
    6] Meisi om cúasan croind,
    7] Gidh edh do dhén trócaire
    8] Duit féin is dot chloind.
  3. 9] Da n-derntái mo comhairle,
    10] Budh libh cobhair fós,
    11] Mo chill is mo chomharbacht
    12] ‘Ag Laighnibh fá nós’.
  4. 13] Do raidh Dioma, deoraidhe
    14] Anall a criochaibh Midhe:{folio 281b}15] ‘Acc súd sind dar n-deonuccad
    16] Duit, a thailginn righ nimhe!
  5. 17] A f-fuil againd do co tuccadh
    18] ‘Ar an saoghal gan taithlech;’
    19] ‘Acc súd sind da tothlugadh
    20] ‘Duit ar denamh do chathrach’.
  6. 21] Moran ceist re cloinn Dioma
    22] Do-róni Caoimgin ríu 'san cúas,
    23] Do teacht ríu is rena n-athair
    24] Gan beith 'san cathair fa núas.
  7. 25] Do-cluin Caoimhghin ceist na cloinne
    26] 'Sa cúis tre b-faghdais a cion;
    27] Do maith Caoimhgin do mac Fergna
    28] Go diocra a n-dernsat do chion.
  8. 29] Ag sin mar do daingnighsiot
    30] Clanna Dioma re Caoimhgin;
    31] Tucc doibh gach ní do áilghettar
    32] Go so deiredh an t-saoghail.
  9. 33] ‘An uair-sin fa terc daoine’
    34] Ar in taoibh-si don domhan,
    35] ‘Dia do dheonaigh’, ar Caoimhgin,
    36] ‘Déoraidh do theacht dom chobhair’.
  10. 37] Do-ghní Caoimhghin oircinnigh
    38] Do shiol na riogh go f-finne,
    39] Nochar tréicc iatt, ger dhiolmuin,
    40] Fa h-íad fíor-bhun a chille.
  11. 41] ‘Meisi Caoimhgin doibh bús dion,’
    42] ‘Da siol tangatar na fir’.
    43] Do Dhíoma, os foccus an gáol,
    44] Tucc da mháor inní do shir.

    A Díoma


p.141

  1. 1] Do-ghníadh Caoimghin aisde crabaidh,
    2] Nar gnathaig naomh roimhe riamh;
    3] Do-theighedh a c-cró gach corgus,
    4] Breth da b-fuair soirbhes ó Dhía.
  2. 5] Doníodh sesamh ar leic garbh luim,
    6] Fuacht ar a chosaibh ge ro ghoill;
    7] Ro pa ceol aingeal 'na timceall,
    8] Dó 'san c-cró daingen ba proinn.
  3. 9] Caeictigis ar mís do gan biadh,
    10] No ní as sía, gér mór a nert,
    11] Gur leim lon go prap do craoibh,
    12] Go n-derna i n-glaic in naoimh ned.
  4. 13] Do fuirigh Caoimhgin 'san c-cró
    14] 'Na áonar, ger mór an phían,
    15] Ocus ned luin ar a bois,
    16] No go t-tuccadh as a eoin.
  5. 17] Do-chuir Día an t-aingeal da radha
    18] Le Caoimhgin an crábaidh cruaidh,
    19] Teacht as a cró caol gan obadh
    20] A c-coccadh an t-saoghail truaigh.
  6. {folio 282a}21] ‘Farír! as pian as mo cumaoin
    22] Mo lamh mar loman fan lon,
    23] Fuil a glac, 'sa taoibh, 'sa troigidh,
    24] ‘Do doirt rí nimhe ar mo shon’.
  7. 25] Do raidh an t-aingeal go fiadhnach:
    26] ‘Na bi dod píanadh ní as sía,’
    27] Aisdrigh gan cairde as do chengal,
    28] ‘Urlamh do caingen ag Dia’.
  8. 29] Do ráidh Caoimhgin risan aingeal:
    30] ‘As mo broid ni rach rém ré’
    31] Go f-faghar do lucht mo chíosa
    32] ‘Saoirsi o Ísa mac Dé’.
  9. 33] ‘Do-ghebhair sin’, ar an t-aingeal,
    34] Triall as do cengal gan sgath;
    35] Seacht láin do ghlend gach aoin-leth
    36] ‘Duit fein ar do breith 'san brath’.
  10. 37] Budh ésin tuarustal Caoimhgin,
    38] Mar cluinfitt Gaoidhil rea ló;
    39] Do-gebha a ló bratha gan anadh
    40] Gach ni tra dar gealladh dó.
  11. 41] Gach caingen do faomh Día do Chaoimhghin,
    42] 'S do iarr a aingel ar nimh,

    p.142

    43] Do-bheir aníu dó gan dímes
    44] Go díles gach ní do shir.
  12. 45] Tucc Dia cumacht do Caoimhgin,
    46] Mar tucc da gach naomh ar bith,
    47] Budh tenn é ar a dhalaibh,
    48] Mar bheitt clann Adhaimh ar crith.
  13. 49] An uair tiucfus brath brethach,
    50] Ar cach budh ecclach an spraic;
    51] Ni beid lucht an glenda i n-gleo-broid,
    52] Acht mar cheo fa bharraibh slat.
  14. 53] Beridh Caoimgin leis i parrthus
    54] A fhír-muinntear féin gan cáin;
    55] D' eis breithe in righ ro-moir,
    56] Ocus ga derg-óir 'na laimh.
  15. 57] Ise sin aird-meirge Caoimhgin,
    58] Budh feir de gach aon 'ga m-bia
    59] 'Na laimh la bratha go h-uasal,
    60] An dáil budh nósmar ag Día.
  16. 61] Gibe do-cluin cumacht Caoimgin,
    62] Ar an saoghal cein bías béo,
    63] Muna raibh fa cios don erlamh,
    64] Ní dherna báosradh budh mó.

    Do

  1. 1] Tucc Dia dó gach ni do sir,
    2] Go soich deiredh an t-sáogail;
    3] Tucc nemh d' anmain gach cuirp cain,
    4] Da m-beith fa glan-úir Caoimgin.
  2. 5] Naonbhar gacha saor-shathairn
    6] D' anmannaibh lochta a chiosa,{folio 282b}7] Tiagat sí go c-caomh-chaingnibh
    8] Eter naomh-ainglibh Iosa.
  3. 9] A n-adhlaicther dia sathairn
    10] Fa múr na flatha fíre,
    11] Saor ar ifrenn gan breccuibh
    12] Iad 'sa n-éccaibh dia h-aoine.
  4. 13] Do thogsat riogradh Eirenn
    14] Ocus a rioghna do gnath

    p.143

    15] A c-cur 'san cill uasail,
    16] 'Ga b-fuilit buadha go bráth.
  5. 17] Ann ataid taisi na n-epscop
    18] Fa úir go la bratha brais,
    19] Laimh le cró Caoimhghin an crabaidh
    20] Go dol isna dálaibh lais.
  6. 21] Dul leis a ló na breithe
    22] Dob é a c-croidhe go n-dutracht,
    23] 'S beit re Caoimhgin a c-caingen,
    24] Óir beid aingil 'gá dúsacht.
  7. 25] Do lendais é na h-aingil
    26] 'Na chaingin fa bharraibh dos,
    27] Rob é an fhior-tobar gan lagat,
    28] A mhíorbuile as fada at-clos.
  8. 29] Fada at-clos miorbuile Caoimhgin
    30] Ar fud Erenn tiar is toir;
    31] Ní dherna Dia ar aon-naomh oile
    32] Ní as lia dibh uile na air.
  9. 33] Teid Caoimhgin go cuirt na Romha,
    34] As úr na buadha tug lais;
    35] Is fuair gan ceilt on papa
    36] Oilitre is cáta mór-maith.
  10. 37] Os mór í oilithre Cáoimhghin,
    38] Da n-derndais daoine go cóir;
    39] Ionann teacht fo sheacht i n-aonach
    40] Ocus dol áoin-feacht don Roimh.

    Tucc

  1. 1] Así do chill chédach,
    2] A Chaoimgin cais cladhaigh,
    3] Roimh Letha gan lathaigh
    4] I n-íarthar betha bothaigh.
  2. 5] Le ceithre h-airdibh na h-Erenn
    6] Do badh mian léo teacht 'na cóir
    7] Ar toiscc go h-oilithre Caoimhgin,
    8] A n-dáil a n-áonach do-róin.
  3. 9] Tucc Caoimhgein leis úir na Romha
    10] Da cur 'na reilgibh go m-buaidh,

    p.144

    11] 'S do-gní don glenn caom gan ceiltin
    12] Ceall naomh, da c-creidit na slúaigh.
  4. 13] Cethramadh port glanta anmann
    14] As ferr tar fairrge anoir,
    15] Patraicc is Fionn do tharngir,
    16] Caoimhgin dá chairdibh do shir.
  5. {folio 283a}17] Glend Da Loch budh lán d' ainglibh,
    18] Glend an chatha chrúadh-chaingnigh,
    19] Glenn ar na tucc Día dimes,
    20] Glenn as díles don Coimdhidh.
  6. 21] Ard ós gach cill cathair Caoimgin,
    22] Cairdes Laigen go Leth Cuinn;
    23] Baile buadhach, reilcceach, ro-garcc,
    24] Cuanach, coilltech, comhard, cruinn.
  7. 25] Mór tuarusccbail cille Caoimhgin,
    26] Truagh an sgel Gáoidil 'ga cnamh;
    27] Roim rathmar, cathair na n-aingel,
    28] Ro-coir do bhendaigh a lamh.
  8. 29] Ann do-róin tosach a crábaidh
    30] Suil do lamh í naomh ar bith,
    31] 'S do-róin do ghlend na b-fian b-faobrach
    32] Ceall i m-biadh áonach nar mion.
  9. 33] Cadhas Laighen aonach Caoimhgin,
    34] Aithes Gáoidel, as caomh gne;
    35] Ge siredh nech an bith braonach,
    36] Máoithnech gach aonach acht é.
  10. 37] Gibe dáilfes ní ar m' áonach
    38] Ar gradh Caoimhgin, mar as dúal;
    39] Saoghal, ocus séun, is soraid,
    40] Is nemh fo deiredh a luagh.
  11. 41] Do fág 'ga sgoil manach béil-binn,
    42] Ocus ag cleircibh a mhionn
    43] A cíos do thionól gan daoirsí,
    44] Ó thucc Dia sáoirsi da chionn.
  12. 45] Ni lamhtar troid ar an aonach,
    46] Na fogra coire na cert;

    p.145

    47] Na fala, na goid, na fuadach,
    48] Acht dol slán uada is teacht.
  13. 49] Gibe do mhillfedh an t-aonach,
    50] Do fág Caoimhgin, nar tlaith brigh,
    51] Ifernn as giorra saogail,
    52] Go brath gan baoghal ni bi.
  14. 53] Na tri buadha fuair Caoimhghin
    54] Do sluagh a aonaigh moir-mhir,
    55] Nemh, is saoghal, is slainte,
    56] Is fáilte ó Dhia mar do shir.
  15. 57] Mian le Cáoimghein beith ar fásach
    58] Re sásadh an aingil gil,
    59] Gur an fo chairrgibh na sgeillicc,
    60] Mor d' áirdibh ele do shir.
  16. 61] Ag sin ní d' imtechtaib Caoimhghin,
    62] Ní diomdach díbh Dia do nimh;
    63] Ocus na h-aingil 'ga sttíuradh,
    64] Is 'gá munad mar do shir.
  17. 65] Is me Solamh, dalta Caoimgin,
    66] Do bí im baoghal 'san tir thoir,{folio 283b}67] Mar tainic m' oide dom cabair;
    68] As mor don domun ro shir.

    As í

  1. 1] Gidh iomdha na fáccbala
    2] Do fhácc Caoimgin 'na glennaibh,
    3] Se fein ar tí a t-tárthála
    4] Da gach aoin-nech dar cennaigh.
  2. 5] Ni fhuil sencus sen n-daoine
    6] Nó 'na feal-daoinibh occa,
    7] Nochan fuil toirt ann festa,
    8] Acht gurub seng gasta a roba.
  3. 9] Ni crabhadh na ceileabradh
    10] Doniad cleirigh 'na c-cillibh,
    11] Bíd ar olcas a c-céille
    12] Ar tí a cheile do mhilledh.
  4. 13] Ro lia 'na chill comhaightigh
    14] Nád airchindigh duthaigh;
    15] Do-chúadar a fíor-bunadh
    16] 'S a mhíorbuile ar múchadh.

  5. p.146

  6. 17] Ag súd buadha is míorbuile
    18] Chaoimghin gan fios a n-diola,
    19] Ó nach maraitt irisigh
    20] Re h-innisin a m-briogha.
  7. 21] Acht muna f-fagthar sccriophtha
    22] A c-cairt i t-tiribh oile,
    23] Deimhin a n-dol ar dermad
    24] I t-termann Caoimhghin glinne.
  8. 25] Meic cleirigh gach naoimh-cille
    26] Ag dol le mionnaibh do gnath;
    27] Ní mar Caoimgin an glinne
    28] 'S a mionna ar gluighe go brath.
  9. 29] Ar fáccaibh féin isin saogal
    30] Da miorbuiluíb, naomhtha in fath,
    31] Atád na mionna 'ga t-taisgidh,
    32] A f-faghail i naisccidh ni gnath.
  10. 33] Tabhair ofrail don mac cleirech,
    34] 'Ga f-fuilit mionna ar a breith,
    35] Ar gradh in naoimh móir gan meabail,
    36] 'S do-gebhair admáil it creich.
  11. 37] Sud diol ar mionnaibh Caoimgin,
    38] Maircc téid da luighe gan sgath,
    39] Fágbaid go síor, dá madh éitir,
    40] A sliocht go leittmech ar chach.
  12. 41] Maircc thuilles go h- ésccaidh
    42] Esccaine ó mhionnaibh Caoimhgin,
    43] Muna b-fuil tru lena feirde
    44] Dol gan cairde don t-saoghal.
  13. 45] Gibe nech ara m-benfaid
    46] Méoir mo mhanach mo mionna,
    47] Gidh flaith Fail go folla,
    48] Gidh fer graidh, gidh giolla;
  14. {folio 284a}49] Damadh esccaine direch,
    50] Sgarfaidh sí croinn le clochradh,
    51] Da raibe seal na bhioth-cruth,
    52] Budh methach nach bia a ro-chruth.
  15. 53] Mo ceall-sa da saraighther,
    54] Do rioghaibh bus baoghal,
    55] A b-pian thall is airite,
    56] Is diombuaine da saoghal.

    Gidh iomdh


p.147

  1. 1] ‘Gibe eccóir do-rinnedh,’
    2] Donither, nó do-déntar,
    3] A dioghail tuitid go cert
    4] ‘Ara nert as a n-dentar’.
  2. 5] Caoimgin do-rinne an rand-sa,
    6] Ní mar fhallsacht do-rinne,
    7] D' fagail saoirsi dá bhochtaibh
    8] Ar olcaibh gacha linde.
  3. 9] Cádhas do fháccsat Gaoidil
    10] Do Chaoimhgin gan cain, gan cíos;
    11] Ata an chill da t-tuccsat saoirsi
    12] 'Ga cur fa daoirsi arís.
  4. 13] ‘Tiocfa uair do dheiredh domain,’
    14] Gidh damh-sa bus fodhail tinn,
    15] 'Na nairccfither mo chill gradach,
    16] Is fúicfidher fo a lán fill.
  5. 17] Rachat-sa a n-diaigh na h-airccne,
    18] Me Caoimhgin go mét h-airccne,
    19] A rígh ni mairfid abus,
    20] Is digeolat a t-turas.
  6. 21] Muirfer iar sin gan cáirde
    22] Iad isin m-beind i n-áirde,
    23] Maircc do tuill re n-dol anonn
    24] Giorra shaoghail is ifernn.
  7. 25] Gach rí bhrises ar c-cumann,
    26] 'S nár chomhaill damh mar do gheall,
    27] Bíaidh 'ga tharraing iter diabhlaibh,
    28] 'Sa anam 'ga pianadh tall.
  8. 29] Gach ri rachus d' écc fam réir,
    30] Bed-sa fein thall ar a cionn,
    31] Is do-dén failte rea anmain
    32] ‘Tre cháirdes da n-aince an ceall’

    Gibe

  1. 1] Do togh Caoimhgin ceithre galair,
    2] Nocha da carait do-roin,
    3] Do chengal luchta airrcthe a cille,
    4] Da milledh uile da dhéoin.
  2. 5] Aillsi, is easbadha braghat,
    6] Fíolún fionn go n-iomat lot,
    7] Cuthach, do-bheir saoth ar slúaghaibh
    8] Tre buadhaibh mionn ocus clocc.

  3. p.148

  4. 9] Ag sin na galair gharcca,
    10] Ag nach faghait cerrbadh fóss;{folio 284b}11] Gibe ar a t-tabhratt sin cnedha,
    12] Ni fhoirfitt legha na los.
  5. 13] Spreidh loiscces croinn is clocha,
    14] 'S coisges muirn gach lonn-srotha;
    15] Fercc Caoimhgin le gach gille,
    16] Bíos ag argain a aird-cille.
  6. 17] Cuirfidh comhartha cille
    18] Ar gheinntibh Glinde Giadhail,
    19] A m-beoil siar ar a c-culaiph,
    20] Ni chél ar dhúilibh diabhuil.
  7. 21] As láidir fós an cumacht,
    22] Tucc Dia Athair do Caoimhgin,
    23] Do chur na t-troch ar merbhall,
    24] Nach tug termann da naoimh-cill.
  8. 25] 'San luas na t-treigfitt Gaoidil
    26] Cádus Caoimhgin gan tabach;
    27] Fuicfid íad go díblidhe
    28] Sech gach Gaoideal go dubhach.
  9. 29] Maircc Gaoideal léicces 'na longport
    30] Creach Caoimhghin in crábaidh cruaidh;
    31] Tráothaid a rath is a conách,
    32] Téid gach maith ar dochnach uaidh.
  10. 33] Do-beir gerr saoghal da c-colainn,
    34] 'S a n-anam don diabhal dubh;
    35] Galair as nach faghar slainte
    36] A c-comair na graiscce tug.

    Do

  1. 1] Do fhergaigh a oide re Caoimhgin,
    2] Fada nach dermadtha a fhath,
    3] Ó nach tucc teine go daith-grind
    4] Cuige le h-aifrinn do radh.
  2. 5] Soidhtheach i t-tiubhradh í cuicce
    6] Do iarr ar a oide, 's ni thucc,
    7] ‘Muna b-faghair ionad eile,’
    8] ‘Tabhair let teine it ucht’.
  3. 9] Do-rinne ar rádh a oide
    10] Caoimhgin tre búidhe, ocus tucc
    11] Chuicce, o nar sccuir da gríosadh,
    12] A lán do ghríosaigh 'na ucht.
  4. 13] Ise do-chuir tes 'san teine,
    14] Fesda na ceilidh ar cách,

    p.149

    15] An t-aingel tainic da chosnamh,
    16] 'S do ainic ar losgadh an snath.
  5. 17] ‘Riot-sa do eist, is ni riom-sa,’
    18] As tusa as andsa le Día;
    19] Atáoi lán don Spiorut Naomtha
    20] Meisi ret taobh-sa ní bía.
  6. {folio 285a}21] Derbh go f-fuil, mar do shaoiles,
    22] Do grádh go díles ag Día;
    23] O nach ionann réim dar naomh-dail
    24] ‘Ni bhem i n-aon áit ni as siá’.
  7. 25] Innraic treorach do Caoimgin
    26] Gurb h-e a eolach aingel Día
    27] Idir ló ocus oidhce,
    28] Da breith 'sa righ-brugh 'na m-bía.
  8. 29] Ro budh é tosach a shiubhail,
    30] Caoimhgin, gan pudar, gan céilcc,
    31] Do-chuir Dia an t-aingeal da cobhair
    32] 'S do ainic e ar fogail 's ar feirg.

    Do

  1. 1] E féin la da n-deachaid
    2] Caoimhgin lea cháoiribh ar sliabh,
    3] Ticc chuicce buiden do bochtaibh
    4] Ag dol do ghorta gan biadh.
  2. 5] Mar tangattar chuicce, accedóir
    6] Iárraitt déirc ar gradh Dia,
    7] Do fhreccair Caoimhgin go h-áiseach,
    8] Nach raibhe aige ar fásach biadh.
  3. 9] Triallait imtheacht go h-obann,
    10] Ocus gan anmhain re fóigh,
    11] Do fhasd re c-cuid, diadha in acfaing,
    12] 'S tucc biadh go fairsing doibh.
  4. 13] Tucc na seacht muilt dona bochtaibh
    14] Caoimhgin, gan locht ar a réim;
    15] Nir teirce an tred rea n-airemh,
    16] 'S do thesruicc Dia (ar) naire e fein.
  1. 1] Gach aon-la gusna mancaibh
    2] Dobhrán becc, mor a shoirbhes,
    3] I Cill

    37.— [forte Aiffin] Ifin gan groddál
    4] Tucc bradan car an chargais.

  2. 5] Ó 't-chí Ceallach an dobrán,
    6] Is bradán leis don coitcionn,

    p.150

    7] Do smuain gur bo maith don chill,
    8] Da n-derntaoi sging don no da croicionn.
  3. 9] Tucc sgáiledh ar na naomhaibh
    10] Anní do aontaigh Ceallach;
    11] Do threic o shoin an dobhrán,
    12] Nach tucc bradan don manach.
  4. 13] Admhais Ceallach a chionta
    14] Dona sáoithibh sáir-ghlioca,
    15] Da eis sin, gidh cruaidh an breth,
    16] Do-chuir Caoimgin uaidh Ceallach.
  1. 1] Do-roine Caoimgin cur rathmar
    2] Da mhancaibh ar a b-feabus,
    3] Da saoradh fein ar naire,
    4] Is ar cainedh na namhas.
  2. {folio 285b}
  3. 5] An siol do chuiredh a moch trath
    6] h-I c-Cill Iffín, diadha an rath,
    7] As de go neimh-crion 'san oidhche
    8] Do bhiathad na saoithe faseach.
  4. 9] Mo as aimhglic an lucht senma,
    10] Nar an ag Caoimgin re fóigh;
    11] O nach fuarattar biadh urlamh,
    12] Feimdhit anmhain 'na chóir.
  5. 13] Do-roine Caoimhgin clocha
    14] Do crannaibh cíuil na n-guth m-binn,
    15] Is tucc brón ar lucht a senma,
    16] Do-rinni air diomdha, nar thuill.
  6. 17] Easbadach do lucht na senma,
    18] Nar an go fosaidh rea saith,
    19] Atad a c-croinn, ní mar offrail,
    20] 'Na c-clochrán fo cosaibh cáich.
  7. 21] Nocha thucc doibh fuagra diultaidh,
    22] Acht íad féin d' imtecht da n-déoin;
    23] Maith do fóir sin Caoimgin ar naire,
    24] Is adhbar gaire do-roin.

    Do-róin.

  1. 1] Do-chuir go Caoimghin da baistedh
    2] Deigh-righ O f-Faolain a mhac,

    p.151

    3] 'S da beith aicce mar dhalta,
    4] Chuicce rob é a mían a theacht.
  2. 5] Ni rabhattar ba nád buailte
    6] Ag an lucht do bí 'san n-glend,
    7] Da b-fuighdís bainne don dalta,
    8] Do bai gainne lachta ann.
  3. 9] Do-chonnairc Caoimgin an eilitt
    10] Ocus laogh becc lena cois,
    11] Do-ghuidh Dia do leith a lachta
    12] Do tabairt a dhalta ass.
  4. 13] Tainic an eilitt don baile
    14] Gusan manach, mar nar clecht,
    15] Tucc don laogh blaith is da dhalta
    16] A saith fein lachta go cert.
  5. 17] Do thaladh a loim go h-iomlán
    18] Ar cloich thuill, go beith lan de,
    19] Isé ainm an ionaid go cinnte,
    20] Inis Eillte, o sin alle.
  6. 21] La da t-tainicc as in c-carraicc,
    22] Gid fada, gairitt do-chuaidh,
    23] Do marbh an lom-trú con millte
    24] Aon-laogh na h-eillte, 's aduaigh.
  7. 25] Do-ronadh le Caoimhgin miorbuil
    26] Ar an c-coin, ger gránda a l-li,
    27] Do-chuir fan eilit dariribh
    28] An mac tíre i n-áit in laoigh.
  8. 29] Do anadh an eilit go fosaidh,
    30] 'Sa manach naomhtha rea taobh,
    31] Is an mac tire ar a bhelaibh,
    32] Mar do bheith ag tál da laogh.
  9. {folio 286a}33] Cáoineocc ban-cumachtach sithe
    34] Do len mac an righ anall;
    35] Ata 'sa banntracht 'na c-clochaibh
    36] Tall os cionn locha na c-ceall.
  10. 37] An t-áos sithe rucc a clanna
    38] An righ-sin, gér tend an tuir,
    39] An ghein da bhaisttedh go Caoimhghin
    40] Tre ceist an t-siodha do-cuir.

    Do

  1. 1] Cind an dá bhan ar a c-colainn
    2] Caoimhgin go follus do-chuir,
    3] Tucc slán íad ó ég go bethaid
    4] Ger lán an tachadh da b-fuil.

  2. p.152

  3. 5] ‘A Caoimhgin, tainic go h-esccaidh
    6] D' ar m-breith slán o bás do rinn,
    7] Bem dod reir an seal mairfem,
    8] ‘Riot nocha scarfam ré 'r linn’.
  4. 9] Rucc Caoimhgin beo don bhaile
    10] Na mná dar benadh a c-cinn,
    11] 'S do-róin dibh caillecha dubha
    12] Craibhtecha, cubdhe, 'na chill.
  5. 13] Mar sin do fhóir an fhiongail
    14] Do-ronsat biodbaid 'na chill;
    15] Tar éis a b-fuaratar d' olcuibh,
    16] Do tháith rea c-corpaibh a c-cinn.

    Cind

  1. 1] At-cí Caoimhgin cubaidh cuimnech
    2] Cleirech bocht, gerb olc a lí,
    3] Ag teacht 'na rith tar na cairrgibh,
    4] A guth ar barr-crith do bí.
  2. 5] Do athain Caoimhgin guth an peacthaigh
    6] Gion go f-facaidh roimhe riamh;
    7] Tucc aithne dherbh ar a dhranntán,
    8] Gur marbh a compan 'sa sliabh.
  3. 9] ‘A cleirigh, nar loc an fhiongal,’
    10] ‘Ni h-iongnadh gidh olc do dealbh,’
    11] Beir eolas damh gusan alltán,
    12] ‘Nar fhagbhais do compan marb’.
  4. 13] Muna thísedh Caoimhgin fan am soin,
    14] Do iostais coin allta a chorp;
    15] Anam 'san marbh mur tánaic,
    16] As derbh gur slánaigh a lot.
  5. 17] Uime fuair Caoimhgin a toradh,
    18] Do fhoir ar conaibh, ger borb,
    19] Rucc da tigh, rob sén soraidh,
    20] 'S doní dibh manaigh i n-ord.
  6. 21] An chéd uair tainic tar sliabh,
    22] 'S do fhan go diamhair fá dláoi,
    23] Caoimghin, ba stor gleic 'san sgeillic,
    24] Mor d' iongantaibh ann at-chi.

    At-chi

There are no numbers in the MS to this and the following poems.

  1. 1] Tortha is slainte do dháoinibh
    2] Do faccaibh Caoimhgin 'na c-comair;
    3] Gibe nech gusa roichfid,
    4] Ní cían go fiuighbhe cobhair.

  2. p.153

  3. 5] Sméra dubha 'sna fuighlibh,
    6] Ubhla craoibhe na soilech,
    7] Ocus buinnéin don charraic,
    8] Ícas galair gan fuireach.
  4. 9] Maraid, 's as mór an míorbal,
    10] Atá go minic 'arna dherbadh,
    11] Sméra dubha do bhunadh
    12] Geines ar cairrgibh garbha.
  5. 10{folio 286b}
  6. 13] Ni faghtar iad 'san am soin
    14] I n-airdibh oile an t-saogail,
    15] Buinnein ag fás ar clochaibh,
    16] Acht ar bruach locha Caoimhgin.
  7. 17] Tucc Dia gan ceilt do Caoimhgin
    18] D' fás 'na cairgibh 'san n-geimhriudh;
    19] Dar lem as adhbar failte,
    20] Toirthe is slainte do dhaoinibh.
  1. 1] Ba lór luaithe an tuirc allta
    2] Is coin 'ga glamadh la coidhce;
    3] Mar tainic uair a bhaoghail,
    4] Do-chúaidh ar caomhna Caoimhghin.
  2. 5] Doní Caoimhgin go soraidh
    6] Ar na conaibh accédoir
    7] Cengal a m-bonn don talmain,
    8] Siad a lenmain nír e doigh.
  3. 9] Mar ticcedh lucht an fiadhaigh
    10] D' iarraidh a c-con do ghlendaibh,
    11] Iongnadh leo, 's gan a m-bás-ghoin,
    12] Créd na sása lér cengail.
  4. 13] Fa h-iongnadh mór léo an miorbal,
    14] Dob iongnadh mór ar dhaoinibh,
    15] Muc allta, ocus í i m-baoghal,
    16] Do dhol ar caomhna Caoimhgin.
  5. 17] ‘Sccaoil d' ár c-conaibh, a Chaoimhgin,’
    18] Tar éis ar n-diola úaithe,
    19] Sin accatt fein gan forrach
    20] ‘An cullach’; fa lór luaithe.

    Ba

  1. 1] ‘A mhanaigh úd, créd an focann
    2] Fil accat oruinn go dron?

    p.154

    3] Nocha máothla-so, acht oigdhe
    4] ‘Ata againn arar muin’.
  2. 5] Ceilter leis na mnáibh na máothla
    6] Ar an naomh, gér báoth in dail,
    7] 'S doní Cáoimhghin don bán- gruth
    8] Clocha, mar t-aire ar na mnáibh.
  3. 9] Fa maith le Caoimhghin sin d' faigsin
    10] Beith da cheilt, nír mhaith in fáth,
    11] Atád 'na c-clochaibh na mulcáin
    12] 'San tulcán ar comhair cáich.
  4. 13] Don lucht oibre do mes Ceallach
    14] A c-cennach ar airget glan,
    15] Fa diomdach Caoimhgin da f-freccra
    16] 'S do diogail taccra na m-ban.

    A manaigh.

    FINIS

xxiv

11