Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

Life 3


p.23

{folio 71a}

Betha Beraigh

Ego sitienti dabo de fonte aquae uitae gratis’’

Rev. 21:6

.i. antí shanntaighes in fhírinne do-bér-sa dó ind ascuidh do topur in uiscce bíi. Qui uicerit possidebit hec’’

Rev. 21:7

.i. anti chlófes, as do do-bértar na neithi-si. Et ero illi Deus’’

Rev. 21:7

; & as meisi bús Dia do. Et ille erit mihi filius’’

Rev. 21:7

; & bidh mac eisiumh damh-sa. Íosa Criost, Mac De bí, ticcerna na n-uile dúla, an tres persa na dhiadhachta, medhon-sídhaighthid muinntire nimhe & talman, slainícidh an cinedha daonna, is é ro raidh na briathra-sa do tioncoscc in mor-maithesa tidhnaices dia naemhaibh, & dia firenaibh, & don foirinn do-beratt mor-grád do isin ecclais abhus.

Eoin immorro mac Zebedei, comharba na h-oighi, an dara h-apstal déc ro togh Iosa ina apstalacht, in cetramadh fer ro scriobh an soiscéla coimdhetta, antí ro suidhig topur in fhir-eccna do ucht an t-slainicedha, is e ro scrioph na briatra-sa, co na far-ocaibh a c-cuimne lasin ecclais co deiredh an domain, co n-abair h-i sund: Ego sitienti dabo de fonte aque uitae gratis’’

Rev. 21:6

. Intí shanntaighes an fhirinne do-bér-sa dó ind ascaidh do thopar ind usci bíi.

Comúaim immorro na briathar-sa is e leth ataebi la h-Eoin co dú i n-erbairt Íosu reimhe: Ego sum alpha & ó, Ego initium et finis’’

Rev. 1:8, 21:6

.i. as me tosach na n-uile dul, & as mé as forbha. Conidh for sliocht a maghistreach Iosu. Ego sitienti dabo de fonte aquae uitae gratis’’

Rev. 21:6

. Intí sanntaighes an fírinne, {folio 71b} do-bér-sa ind ascaidh dó do topur in uiscce bí. Qui uicerit possidebit hec’’

Rev. 21:7

.i. antí clofes, as dó do-bérthar na neithe-si. Et ero illi Deus.’’

Rev . 21:7

& as meisi bus Día dó. Et ille erit mihi filius’’

Rev. 21:7

. & bidh mac eisiumh damh-sa.

Is on topar sa tra .i. o Íosa Criost, as topar fír-eccna, ro lionadh ina h-uile naemha o rath eccna & faistine, o fertaibh & miorbuilibh, ó cumachtaibh díaisneidhe, ó ionnarbadh demhna & eitritecdha, oc traethad ingreinnte & iodhal-adharta, & mac mallachtan, amail ro lionadh antí dia tá líth & foraithmet ind eccmaing na ree-si & na h-aimsere .i. an lasair lainnerdha, & an lochrand solusta, & an ruithen taitnemhach, & an lía lógmar, & an gescca tóirtech co c-clannaibh sualach .i. Berach mac Nemhnaill, meic Nemargein, meic Fintain, meic Mail, meic Dobhtha, meic áengusa, meic Erca Deirg, meic Briain, meic


p.24

Eachach Muighmedhoin. Finmait ingen Carthaigh .i. deirbhsíur do Cruimther Fráoch, mathair Beraigh. Is ann iaramh at-fiadhar ní do fertuibh & miorbuilibh anti naemh Beraigh.

Mór tra an onoir & in airmittin do-rad Dia do naemh Berach, co ro foillsicchedh triasin taircettal ro thirchan Patraicc occan proicept do-rinne, do Connachtuibh, & occa m-baistedh. Co nus-tarla Patraicc do tigh Dobhtha meic Aengusa. Ferais iaromh Dobhtha mór-fáilte fria Patraicc; & ferais a seithche & a clann an cedna fris.

Iar sin as-bert a seitche fri Dobhtha dol do sheilcc.{folio 72a} Do-luidh iaromh Dobtha cona macuibh do sheilcc. Is annsin iaromh do toirbhir an Coimdiu tri domha alltai & mucc allaidh do Dobhtha fo cétóir, & da macuibh. Ocus ruccsat leo dochum a tighe, go h-áit h-i raibhe Patraicc cona cleirchibh.

Is annsin dino ro forbhanadh an la aca, & tangattar dorchata na h-oidce, & ni frith lochrand no coinnel frisa n-dingentai an fiadach do cosccradh, nó do luchtairecht h-i l-lios no a tegdais Dobhtha. Roba toirrsech dino Dobhtha cona mhuintir donní h-í sin. Is annsin immorro do-rinne Patraicc an mór-mhiorbhail .i. doraithne in grian ina frithing dar colair fhuinidh, go ro shoillsigh d' feraibh Erenn, & go ro urlamhaigh Dobhtha guna muinntir an proinn dona cléircibh, & co ro caithset na cleirigh & Dobhtha cona mhuinntir an proinn; & do-ronsat altuccadh buidhe do Día, & ro mór-molsat an Coimde eter clerech & laoch; conadh de sin ainmnigther Achadh n-Gréine beos.

An tan immorro ro baoi an coire forsan teine, & meic Dobhtha imon tene, is annsin at-racht Dobhtha do fadudh na teinedh, & do-rad lasair fuirre fo céttóir. Is annsin do raidh Patraicc fri Dobhtha: ‘ni bía aen-cennacht dot siol féin úas do chiniud co tí an brath’. ‘Pudhar-sin, a cleirigh’, ar Binen, ‘ar is maith do-roine Dobhtha a n-derna .i. ar umhalóitt duinne’. Is annsin do raidh Patraic gomadh cenn ar thotacht, & gomadh flaith gach laoch úasal no biadh dia síol, gomadh ar iomatt an dagh-laoch na raibhfitis {folio 72b} fo aon-cinn.

Arnamharach dano do-roine Patraicc procept na h-irsi catoilica ó incollucchadh meic Dé có a eseirghe do Dobhtha. Iar forbadh in proicepta do ráidh Dobhtha fri Patraicc: ‘Déntar mo bhaisttedh-sa festa, & baisttedh mo muinntire’. ‘Nocha tó’, ol Patraic. ‘Cindus cena’? ol Dobhtha. ‘Mac gheinfes on cethramadh fer do torudh do shliasta-sa a cinn sescat bliadhan’, ol Patraicc, ‘as é nod-baisttfe, & bidh lán Éiri & Alba dia chlú, & dia fhertaibh, & dia míorbuilibh; bidh nathar neimnech, bidh saighnén áighthidhe, adhuathmar, loisccnech, bidh tonn brátha do marbadh, & do losccedh, & do badhadh na n-ingrinntidi; bidh umhal, inísel, cennais, dilgadach, dércach fri muinntir


p.25

an Comdedh, bidh óir-lestar toccaidhe, lán d' eccna, & d' airmittin, & d' óighi, & dona h-uilibh shubailcibh & shoighniomhaibh’.

Cíar bó faóilidh dano Dobhtha don taircetal-sin, ro ba bronach, & do-róine fodhord mor fri Patraicc. As-bert Patraic fri Dobhtha: ‘Biaidh fodhord go brath it dhegaidh’. As-bert Binén fri Patraicc: ‘Is ar maith riot-sa do-róine Dobhtha an fodord’. As-bert Patraicc : ‘Madh laoch nos-cobhradh an fodhord, buaidh n-gaisccidh fair; madh ben, sonas cuiledh; madh cleirech, buaidh foghlama & crábaidh. Ocus dano ni racha Dobhtha don t-saoghal, go ro baistte an mac thairngertach é’. Ocus ro ba mór forbailte Dobhtha don ní-sin; ocus is on fodhord-sin atá fodord muintire Beraigh aniú; & is a maisi téitt dóibh.

For-fhagaibh tra Patraicc fágbála maithe iomdha do Dobhtha & dia chlannmaicne .i. for-fagaibh doibh ina {folio 73a} fhocraibh buaidh n-einigh & sobhartain for a mnaibh & buaidh n-gaisccidh for a laochaibh, buaidh n-einigh & crabaidh & foghlama for a c-cléircibh, buaid n-gar-inghion & n-gar-mac & daltadh léo, acht co n-derndaís réir an mheic thairngertaigh. Ocus for-faccaibh go m-beittís oirdnidhe laoch & cleirech dia siol go brath.

Is annsin as-bert Dobhtha fri Pátraicc: ‘Citne manchaine fágbá don mac-so’? As-bert Patraicc: ‘Crann as gach tene uime for a theinidh; & crand ó mo theinidh-si for a theine’. i. Idh mac Oéngusa, ar is é Patraicc ro bhaistt Idh. Ocus for-faccaibh a t-tindscetal manchaine do Bherach. Is ann ro ordaigh Patraicc gomadh isin Clúain ar brú an locha no chumhdaigedh an mac tairngertach a chathraigh. Ocus ro ordaigh gomadh a termann a b-fuil eter in móna & in loch .i. an magh cona cluaintibh caille, & co n-doiribh móntaigh. Ocus for-fáccaibh go m-bíadh sobhartan isin chathraigh sin, & go m-beith tene béo innte co dheiredh an domain; & gomadh h-í an treis teine deighenach no bhíadh i n-íarthar an bhetha.

Is annsin ro raidh Dobhtha: ‘As doirbh an t-ionadh anta’. As-bert Patraicc: ‘Anní as doirbh la daoinibh, as soirbh la Día, & biaidh a saothar imaille risan mac; & beid a naoimh áontadaigh ag dítten a cathrach. Ocus bidh cenn cathrach n-iomdha a chathair. Ocus gibé tí i n-acchaidh an meic-sin, gétar nemh & talamh aire, & ar a chloinn, & ar a íartaighe, muna dherna aithrighe n-obainn’.

Ceileabhrais Patraicc do Dobhtha annsin, & fagbhais bennachtain fair, & fora chloinn, & fora iartaighe, & fora tir, & fora talamh, & for an mac thairngertach re cach, {folio 73b} & imaraen ri cach, & a n-deghaidh cáich. Ocus luidh fora chuairt phroiccepte.

Dobhtha dano ro tócaith a shaogal i m-bethaid sainemail co cend sescat bliadhan. Mac don Dobhtha-sa Mál; mac do-sidhe Finntan; mac dó-sidhe Nemhnall. Is é dano in Nemhnall-sin do-rad Finmaith,


p.26

inghen Carthaigh, do mnáoi. As i rucc do Nemhnall an mac-sin ro thairngir Patraicc a c-cionn sescat bliadhan iarsan taircetal .i. naemh Berach.

Is ann dano ruccadh anti náemh Berach ag brathair a mhathar .i. Cruimter Fraoch, mac Carthaigh, i n-Gurt na Luachra a c-comhfhoccus Cluana Conmaicne. Ocus ata annoid & cros annsan ionadh-sin; & atá an lec fora ruccadh naemh Berach. Ocus ro edhbair Cruimther Fraoch an ferann sin iartain do Bherach. Cruimther Fráoch dano, ise ro bhaist naemh Berach, & isé ros-ail gur bó mithig dó leighenn do dénamh. Ise dano ainm baiste Beraigh .i. Fintan, amail as-bert an t-egnaidh 'san rann:

    1. Fintan, fer buadhach bearach,
      Gerbh uallach a c-Cluain Cairpthi
      Ro-ces et reliqua.
Berach immorro ainm fuair trésin rinn-áithe & tre géire a fhert & a míorbal.

Rucc dano Finmaith inghen do Nemhnall .i. naem-ógh úasal airmidnech .i. Midhabair; & is í ro bennaigh a m-Buimlinn. Ise dano Berach aonn-duine isin domun roba tocha fri Cruimter Fraoch do neoch ro aerfhaemh doennacht, cenmotá Criost a aenar. Conidh aire sin do-rad Cruimther Fraoch na tri beannachta do-rad Colum Cille dó, ar a gar-macaibh, & ar macaibh a sethar, & ar a daltaibh ar daigh in Beraigh.

O robtar slána immorro seacht m-bliadhna do náemh Berach, ruccadh go Daigh mac Cairill do dénam leighinn, go ro fhoglaim eccna meic Dé, {folio 74a} gur bó sáoi, & ro báoi rath Dé ar forbairt ina coimhittecht i fertaibh & a míorbuilibh gach día. Ocus do-ghnídh umhalóitt día oide .i. do Dhaigh mac Cairill.

I n-araile aimser tangattar aidhedha uaisle go Daigh, & ni ra bhattar na manaigh na lucht na h-umalóitte isin reicles an tan-sin, & ni raibe nech ele acht Daigh & Berach a n-dís. Ocus do-roine Berach umhalóitt & osaicc dona h-aidhedhaibh, & ni raibhe biadh isin recles acht dá mheidh do ghrán cruithnechta. Ocus ro raidhedh fri Berach dol co muilenn i Muigh Mhuirtemhne do bleith an da meidhe-sin. Ocus do-cúaidh Berach frissan umalóitt sin gusin muilenn.

Is annsin do-róine an Coimdhe ferta móra & míorbhuile tre Berach .i. ro báoi araile ben agin muilenn, & macaomh immaille fria, & ro ba mac fir soiceinélaigh é, do Conaillibh Murteimhne eisein, & ro ba la a athair an muilenn, & in ferann i r-raibhe. Ocus ro báoi bolcc corca ag an mnaoi fon muilenn; & ro raidh Berach frisan mnáoi:


p.27

‘Sccuir an muilenn, & beir chugat th' arbhar, go ro meilter an becc so; ar atád aidhedha úaisle agár n-ernaidhe, & siad gan biadh’.

Ní namá na ro leicc an ben do Berach a arbhar do bhleith, acht ro cháin go mór, & ro cháin an senóir o t-tainic. At-racht Berach go h-opann & do-rad a arbhar i m-bél in mhuilinn, & ro búi an (ben) & Berach ag comhtairbairt an mhuilinn, ar ní ro léicc nechtar dibh día ceile é. Is annsin ro deiligh na cumhachta diadha min na cruithnechta ar in dara leith don mhuilenn, & min in choirce do taoibh ele.

Is andsin do-rochair {folio 74b} an macaomh i fothaig in mhuilinn, go ro báidhedh. Ocus tainic támh obann don mnaoi, go ro dheiligh a h-anam & a corp re 'roile. Daoine ele dano ro bhattar agin muilenn ro eirgset, & do-ruachtatar muinter na mna & in macaoimh do-chuaidh, & rob ail leo Berach do mharbadh. Is annsin ro sheacsat & ro fhéodhaighset a c-cosa & a lamha, & ruccadh a sedh asta, conarbó calma gach duine dibh ina ben sheola.

Do-rochtatar dano na sccéla sin go h-athuir in macaoimh, & do-rocht cona óighreir leis do Bherach. Slechtuis fo a chosaibh, & cíidh go h-anbáil. Slánaighidh Berach a mhuinnter, & ro athbeoaigh in macaomh, & in mnaoi. ls annsin ro edbair athair an mheic a muileann do Bherach, & in baile imalle. Conidh é sin Raen Beraigh i Maigh Murteimhne, & Muilend Eilend. Ro moradh dano ainm Dé & naoimh Beraigh tresna fertaibh-sin, & tresna míorbhuilibh.

Do-luidh Berach iarsin go h-Inis Cáoin, & a arbhar meilti lais. Ocus ro sásadh na h-áidhidh & na manaigh & na boicht. Ro foillsigedh dano do Dhaigh na ferta & na míorbuile do-rinne Berach. Is annsin ro raidh Daig fri Berach: ‘A mic nit ailfiter iffos ri immat (do) mhíorbaili & ferta; & déna dul go conair aile’. Is annsin do-rad Daigh in m-bachuill n-girr do Bearach, & do-rad in céolan do fhuighioll secht mionn cethrachat ar cét; & for-faguibh Daigh ratha na mionn-sin uile forin c-céolan, & is é sin Clog Bearaigh aniúdh i n-Glinn Da Lacha. Do-rat Daigh móir-bhennachtuin annsin do Bearach, & ro fáoidh go Caoimhgein.

Do-luigh dano Bearach tair Mhagh {folio 75a} Muirtheimhne i c-crich Rois dar Bóinn i m-Bhreaghuibh. ls annsin do-rónadh móir-fleadh ag rí Breagh do ri Teamhrach. Taruill dano Bearach gusin m-baile i raibhe in fhleadh, & do-chuaidh a teach na fleidhe. Cáega dabhach dano ro bháttar forna deasguibh i t-tigh na fleidhe. Ro chuinnig Bearach digh for coimhéuduighi in leanna, & ni tárdadh dó. ls annsin ro raidh Berach: ‘Ni bú lughuide in fhleadh cía do-bearthar deoch d' fhior do mhuintir in Choimdheadh’.

Imthighis roime for séatt, & do-rocht focétoir rí Teamhrach


p.28

docum na fleidhe. Is annsin focétóir ro raidh in rí: ‘Tabarthar fromadh in leanna duinn’. Do-chós i tech na n-dabhach, & ni fríth aen dheoch don rí isin cháega dabhach, & ni frith sliocht in leanna i n-áon dhabhach, ná for urlár, na for leastor istigh; & ro h-innisedh don rí in ní-sin. Ocus ro fhíarfaigh in ri cia dos-fáraill, & ro raidheastair coimhedaighe an leanna nach feidir, ‘acht tainic áon-foghluinntigh cco g-céolan & go m-bhachuill cuguinn isin teach, & ro chuinnigh digh i n-ainm in Choimdhedh, & ni tugadh dó, & ro imthig fó bhrón’.

Ro raidh in rí: ‘Isé sin ro mhill in fhleadh. Gabhthar na h-eich, & tíaghar go luath ina deaghaidh, gibe baile i m-bherthar fair; & ná tabhairthear éigion fair, acht aitchither ainm in Coimdhe fris, & tiu(c)fa ina frithing’; & do-rónadh amhlaidh, & tainic Berach ina frithing, & ro shlecht in rí do Berach, & do-rad a oighréir do; & do-chúaidh Berach go tech na fleidhe, & {folio 75b} ro beannaigh na dabhcha, & do-rad airrdhe na croiche don chlog & don bhachuill darna dabhcha, & robtar lána focétóir do lionn shainemhuil. Ro moradh ainm Dé & naoimh Bearaigh trésin feart-sin, & tresan míorbhuil.

Is annsin ro eadhbair in ri in baile cona chrích & gona ferann don Coimdhe & do Bhearach. Conidh de-sin Diseart Bearaigh i m-Breghaibh; & tug a erredh fein,[H] & erredh gach rígh Erenn ina díaigh go brath gacha treas bliadhna', & screpall gacha cathrach o Chloinn Colmain gacha tres bliadhna o sin amach go brath.

Do-luidh iarsin Berach i l-Laighnibh go Glenn Da Lacha, & do-cuaidh isin tegh n-aoidhedh, & do-rónadh a ósaic ann. Isin aimsir-sin ro ba marbh an coicc ro báoi ag Caoimhghin. Ro ba toirsech dano Caoimhgin don ní-sin, ar ni fhidir cia badh cóir i l-los proinne na manach. Co n-ebert an t-aingel fris, a tabairt i l-laimh na n-aoidhedh gach n-oidhce dia h-urlamhucchadh, no go t-tárda Día neach bus iomcubaidh fria. Ocus do-ronadh amhlaidh sin ag Caoimhghin, & ruccadh an oidhce sin go Berach, & ro roinn Berach ar dó an proinn, & ro erlamhaigh a leth in oidhce-sin, & ro ba ferr go mór dona mancaibh in oidhce-sin ina gach oidhce isin m-bliadhain.

Ruccadh dano in oidhce ro ba nesa proinn na manach go Berach dia h-erlamhuccadh. Is annsin ro raidh Bearach frisan timthirigh: ‘Atá sunn leth na proinne aréir urlamh dona mancaibh, & beir let in ní-sin’. Ocus do-róine amhlaidh. Ocus gérbó maith an chéd-aghaidh, ro ba ferr go mór in oidhce deighenach.

Arnamarach dano ruccadh naémh Berach go Caoimhgin. Ferais Caeimhgin failte fri Berach, & fiarfaighis de in bó lonn leis beith a l-los proinne na manach. Ocus ro raidh Berach go n-diongnedh gach ní no fhurailfedh Caeimgin fair. Ocus ro ghabh do laimh beith


p.29

a l-los proinne na manach. Ocus ro mhór-molastair Caeimghin an Coimdhe trésan sobharthan do-rad for proinn na manach tre rath m-Beraigh. Gonadh dó sin ro raidh Caoimhghin:-
    1. As ferr gach proinn mesruccadh
      In úair tig go longadh;
      As ferr áradhu immat
      At-cota bith-bronnadh.

Isan aimsir sin tra ro batar léigióin imdha na n-demhan i n-Glionn Da Lacha ag cathuccadh fri Caoimgin & fria mhanchaibh; & do-beirdís crith & omhan imna daoinibh fanna, & do-gnídis urcoid doibh, & do-bheirdis tedhmanna & galair iomdha isin n-glionn, & ni ro cuimgedh a n-díochur go tainicc Berach. Is annsin tainic Berach timcell na cathrach, & ro bhen a clocc, & ro chan psalma easccaine forna demhnaibh, & ros-díochuir as an n-gleann. Conidh de sin ro chan an fili:

    1. Cluiccín Beraigh, buan an séud,
      Do-ní deabhaidh fri claoin-céd;
      At-clos go Fearnna na c-céud,
      Tafonn demhna as a náomh-tséud.
Ocus as dó-sin do-berar Clocc Beraigh gach dia timcheall Glinne Da Lacha, & ní bía nert demhan, na teidm, na díghail innte, airet bías Clocc Beraigh innte. Ro móradh ainm De & Beraigh tresin fert sin.

Dalta ro báoi ag Caoimhgin .i. Fáolan mac Colmain mac righ Laigen; {folio 76b} & ro bói an macaomh ag cáoi forsan c-cleirech, .i. for Caeimhgin ag iarraidh lemhlachta; & ro ba doiligh le Caeimhghin inní-sin. Ocus amhail ro baoi aga radha, sénais Berach an sliabh, & at-bert: ‘Is ced don eilit cona láegh fil isin t-sleibh toidecht gonicce so’; & tainicc an eilitt focéttóir cona laégh ina diaigh; & as í-sin ro blighthea gach día d' Faolan.

Tainic immorro an cú allaidh i n-aroile ló, & ro marbh láegh n'a h-eilte, & aduaidh; & ni tharatt an eilit a loim a n-eccmais a láeigh. Ba toirsech dano Caeimhgin donní-sin. Sénuis dano Berach an sliabh, & adubert: ‘As ced don amnanna do-rinne anumhaloid, ce do-gné umhalóitt’. Tainic iarsin an mac tire, & deisidh fora chon-righthibh h-i fiadhnuse na h-eillte, & ro ligh an eilit an mac tire, & do-rad a loim fair; & no thiccedh an mac tire gacha tratha go m-bligti an eilit fair.

I n-araile aimser ro cí Fáolán isin fhuigleach ag iarraidh samhaidh ar Chaoimghin. Ro ba doiligh le Caeimhghin inní sin, & do-roine a comhradh fri Berach. Sénais Berach an charracc atá a c-comhfhoccus na cathrach fil i mulluch an t-sleiphe, & ro cás samhadh


p.30

imdha treithe, & do-rádadh d' Fáolan; & fogabhar samadh fos gacha fuighligh a mulluch na cairrge, & fo-gebhthar go t-tí an bráth, a c-comharta na mor-mírbuile sin.

I n-araile aimser tainic Berach & Fáolan seach sailigh n-alainn fil i n-Glionn Da Lacha. Ocus cíis Fáolan ag iarraidh ubhall do thairbirt {folio 77a} on soiligh dó. ‘As tualaing Día cidh edh on’, ol Berach; & senuis Berach an sailigh, go raibhe fo lán-toradh d' ubhlaibh, & do-radadh ní dona h-ubhlaibh sin d' Faolán. Ocus gach tan bíos toradh ar gach crand tortach, bídh a lan-toradh uirre si bhéos, & biaidh no go t-tan bráth, a c-comharta na mór-míorbhuile sin.

O 'tchuala immorro Caineach, les-mathair Fáolain, gurbo mac sainemhail Faolán, ro ghabh tnuth & format issi fris; ar rob eccail le, anní ro bói de iarttain .i. an flaitheas do breith d' Faolan ona cloinn féin. Do-luidh cona banntracht cumachta go Glenn Da Lacha, d' imirt draoidhechta, & tuaichle, & geinntlechta, & ealadhan díabail foran macaomh, dia aidhmilliudh.

Ocus ro fhoillsigh aingel inní-sin do Caeimhgin, & ro raidh Caeimhgin fri Berach dol do thoirmescc na c-cumhacht n-demnidhe sin; & do-cuaidh Berach fris anní sin. Ocus at-connairc Caineach uás mulluch in t-sléiphe ag adhradh díabail, & acc dénamh draidhechta. Ocus do-roine Berach slechtana & ernaighthe, & ro raidh fri Cáinech & fri a banntracht: ‘As ced dáibh dol fon talmain’. Sluiccis an talamh go h-opand Caineoch guna banntracht. Conadh aire sin ainmnighter Laithrech Caineoch a n-Glind Da Lacha. Conidh ina cenn chacait coin na cathrach o sin amach go brath.

Tainic iarsin Berach co h-ait i r-raibhe Caeimhgin. Iarfaighis Caoimhgin caidhe a iomthus & Caineoch. Is annsin ro raidh Berach fri Caeimhghin:

    1. Do-cuirisi Caineoch,
      A cleirigh áin, irsigh,
      Cona banntracht baindsigh
      Síos fon talmain trillsigh.
{folio 77b} Conadh amlaidh-sin ro saoradh Fáolán, & ro traothadh Coineoch tre rath De, & Beraigh, & Caoimgin.

I n-araile oidhce ro battar na manaigh isin proinntigh ag iarraidh uiscce the. Cuiris Berach cloich gacha manaigh foran teine do denamh in uiscce. Ocus cuiris da cloich d' iomarcraidh. Fiarfaighis Caeimhgin fochann na c-cloch. Do raidh Berach: ‘Días manach fuilit gose um chomhairemh proinne sunn, & ricfit a les an dá cloich-sin, do thégadh uiscce doibh’. Ocus do-rónadh an t-uiscce te, & do-radad cloch gacha manaigh 'san uiscce.


p.31

Ocus ro bhattar an da cloich-sin isin tene dá losccadh. Do raidh Caoimhgin: ‘Tabhairther aníos na clocha’, & ni tharatt Berach. Do raidh Caeimhgin doridhisi na clocha do tabhairt asin teine. Ocus ni tharad Berach. Ocus do raidh Caoimhgin an cetna an tres feacht. Is annsin tainic da mhanach a tíribh cíana d' ionnsaighe tesda Caeimhgin; & do-rónadh ósaic doibh, & tuccadh chuca an t-uiscce te, & tuccadh an dá cloich doibh inn. Ocus ro adhamhraigh Caoimhgin go mor Berach trit-sin.

As lía tra tuiremh & faisneis ina n-derna Berach d' fertaibh & do míorbhuilibh i n-Glinn Da Lacha. Secht m-bliadhna dó oc umhalóitt do Chaoimhgin. Do-luidh Caoimghin la Berach go espoc Etcen. Ocus do-rad espoc Etcen gradha for Berach, & do-ronsat áentaidh & codach andsin .i. espoc Etcen & Berach.

Do-lotar iarsin Caoimhgin & Berach go Glenn Da Lacha. Ocus gach (tan) no thrialladh Berach tichtain {folio 78a} dia tír do comhall breithre Patraic, nó fhastadh Caeimhgin cona manchaibh é. Co tarfaidh aingel do Caeimghin i n-aroile oidhche, co n-ebert: ‘As mithig do Berach dol dia tír, do comhall breithre Patraicc’. Ocus ro cedaigh Caeimhgin do Berach dul dia tír, & do-ronsat iarsin a mór-aentaídh, Berach & Caeimhgin. Ocus is annsin ro raidh Caoimhgin an rann:

    1. Manaigh Beraigh, is íatt mochen,
      Iter a n-ócc is a sean;
      Cia nom-tiosat, fir, mnaoi, meic,
      Ni ragh ar nemh, co n-diccset.

Ro faccaibh Berach airmberta maithe i n-Glinn Da Lacha. Forro-fhaccaibh búaidh foghlama & crábaidh innte; for-fágaibh gan teidhm gan dioghail innte, céin no beith a chlocc féin innte, (& ro fagaibh einech fir sheisrighe ag fior tighe innte) acht co n-ionnla a lamha asin Casan. Conidh de-sin ro raidh an file:

    1. For-fáccaibh Berach béil-bhinn
      I n-gleann manach gan créidhim
      Eineach fír-seghuinn séire
      Ag fir tégtha isin náoim-glionn;
    2. Cidh goill, cidh druith, cidh crosain,
      Co tí an brath brúite bresain,
      Ní bía gan einech n-iomdha,
      Acht go n-ionnla asin Casan.

Is annsin do-rad Caoimghin a carpat fo leabhraibh Beraich, & ro sén an sliabh & do-rad an damh allaidh as d' iomchar an charpuit.


p.32

Ocus ro raidh (Caoimgin), gibe baile a laighfedh an damh fon c-carpat, gomadh ann no cumdaigedh Berach a cathraigh. Ocus ro raidh, gach n-eiccen no tiucfadh, go m-biadh-somh immaille fri Bearach aga fulang. Ocus do-rad mór-bennachtain dó.

Do-luidh Berach iaramh dochum a tire, & Maol Moltach immaille fris do ghiolla; do Chiannachta dóisidhe iar c-cinel. Ocus an {folio 78b} damh allaidh fon c-carpat ag iomchar na leabhar. Ocus ní ro luigh in damh fon carpat co rócht an t-ionadh ro thircan Patraicc. Ocus luighis an damh ainnsein. Ocus ro raidh Berach re Máol Mothlach: ‘As annso ro cinnedh duinn anadh. Eirigh, & sir an clúain’. Do-cuaidh dano Maol Mothlach risanní-sin, & ro shir an cluain.

Isin ló-sin for-caemnaccair ár mór innte .i. da rídhamhna ro fersat cath innte in lá sin .i. Donnchadh a Temhraigh, & Tíopraitte mac Taidhg a Cruachain; & do-rochratar a n-dís ar lár an lis fil inn; & ár mór umpa. Ro marbadh do raith Tiopraite; & ro bai ainim i n-Donnchadh, & ni ro féd eirge asin ármhach. O 't-connairc dano Maol Mothlach in ár, ros-gab omhan mór é. Ocus ro siacht go tinneasnach co h-áit a raibhe Berach. Iarfaighis Berach: ‘Cionnus cluain an clúain-si’? ‘Nocha soirbh-clúain immorro’, ar Maol Mothlach, ‘acht cluain coirpthi uile’. ‘Bidh edh a h-ainm ó so amach’, ol Berach. ‘.i. Cluain Coirpthi’. Ocus ro innis sgela na cluana ó sin amach; do-bheredh Cluain mac Lilcon immorro a h-ainm conuicce-sin.

Do-luidh dano Berach gusan ármach, & ro thaithbeoaigh uile do neoch ro marbadh isin cath. Ocus ro shlanaigh Donnchadh; conidh desin ro raidh an fili:

    1. Donnchadh ocus Tiopraite,
      Guna t-tromsluagh dis,
      Ro tuitset ina n-all-cró
      Ar cert-lár an lis.
    2. Cech brat toll, cech lene n-deircc,
      Cech aladh iar n-guin,
      Acht luirech na n-episle
      No bíodh fora muin.
    3. Ro slechta slogh n-gléisi n-glan
      Cen on
      [gap: scribal omission/extent: 3 syllables]

      Acht luirech na n-eipisle
      No bíodh fora muin.

Is annsin do-rad Tiopraitte mainchine {folio 79a} a bí & a mairbh, & manchine a shil & a shemen do Berach go brath, & ro athain a chorp & a anam ar a comairce, & do-rad i n-aimsir braith, & iar m-brath. Ocus


p.33

ro innis do Bherach an mór-pían at-conairc i n-ifurn, & ro atlaigh do Dhia a saoradh féin eiste; & ro raidh na táinic i n-Erinn tar eis Patraicc nech búdh amhra nó búdh umhla ina Berach; & ro raidh: risna hanmannaibh do-beredh ‘An tí do-beir anmanna, & dos-beir isna corpuibh doridhisi dochum bethadh, as maircc do tuillfedh a fhercc, ar gétar nem & talamh air, & ar a shiol & ar a shémen go brath, & iar m-brath, ach muna dherna aithrighe n-diochra’. Ocus ro mhor-molsatar in Coimdhe annsin .i. Berach cona cleircibh, & Donnchadh & Tiopraite, cona mórshluaghaibh. Ocus ro dheilighsett annsin Donnchadh & Tiopraite, & do-luidh cach dibh dochum a thire; & gér bo sanntach a c-comrac, rob aontadach a sccaradh tre cumachtaibh an Choimdedh, & tre miorbuilibh Beraigh.

Iarsin do-rocht Cruimter Fraoch & Daigh mac Cairill go Berach, & ro choisreccattar an c-cathraigh, & ro chumhdaighset h-í. Ocus ro ráidset gibé no inghreimfedh nech dibh, go m-beittis a t-triur 'na naimhdibh dó, & go m-biadh an Choimdhe & muinter nimhe. Is annsin ra raidh Cruimter Fraoch: ‘Bidh í-so íarthar cluana, & bidh i mo cheall-sa a h-oirthir’. Ocus ro fáccbatar na senoraigh naemtha sin bennachtuin ag Berach, & do-luidh cách dibh dia cill féin.

Is annsin do-luidh Berach go h-airm i r-raibhe Dobhtha i sentattaidh sainemhail. Do-róine dano procept dó, & día cloinn, & día chinedh aile, & ro baistestair Dobhtha cona chloinn, & cona iartaige, eter fhiru & mná. Ocus is annsin ro comhailledh an {folio 79b} faistine ro thircan Patraicc do Dobhtha. Do-luidh dano Berach dia catraigh.

Isin aimsir-sin dano ro aittrebh Diarmait eicces & a moirsheiser brathar i r-Rathund .i. Diarmait, Tromra, Belech, Colum Derg, Cruinnicen, Brandub & Dubhan .i. an cleirech; do Ciarraigibh no Connacht Luachra doibh iar c-cinél. Fer sochraidhi dano Diarmait, & primh-eicces & ard-maigistir druidechta Aedh do éc, marbadh Aodha meic Eachach Tírmcarna ro ba rí Connacht an tan-sin. Ocus is é do-rad Rathonn do Diarmait i f-fiachaibh molta do-roine dó.

Ocus do raidh Berach fri Diarmait an ferann ro thiomna Patraicc do d' faccbáil. Ocus ni ro fáccaibh Diarmait an feronn. Mor tra d' imnedh fuair Berach ag cosnumh an fhearainn sin do mhuinntir an Choimde, & dona macaibh eccailsi no bheittis tara eís ina cathraigh ag fognum do Dhia. Do-lottar dano Berach & Diarmait go ri Connacht .i. Aedh mac Eachach, do denamh breithe doibh. Ocus ro raidh Diarmait fri h-Aedh, damadh do Bhearach do-bheredh an ferann, co n-dingnedh a áoradh, co n-eirsitis tri bulcca fora dreich, & co m-beith on & aimimh & aithis fuirre. Ní derna dano Aedh breth doibh, ar rob


p.34

eccail leis Diarmait dia ghlamadh, & rob eccail leis Berach dano ar imat a fhert & a míorbal.

Ocus ro shir Berach & Diarmait Éire (fo trí), & ni fuarattar i n-Erinn nech do-neth breth doibh, arna fáthaibh cétna. ‘Tiagham i n-Albain’, ar Diarmait. ‘Tiagam’, ar Berach. Do-lotur dano i n-Albain, go h-Aedan mac Gabrain, go rígh Alban, do denamh breithe doibh.

Do-rala móir-fledh an tan-sin ag Aedhan & ag maithib Alban, & ro báoi macraidh mór ag cluiche for faithche an dúnaid. Diarmait immorro ro báoi {folio 80a} cumdach mor d' édach uime, & ro bói delb deg-duine leis. Berach immorro ro baoi sidhe ag cumdach a anmha, & ni raibhe ag cumdach a cuirp, & ro báoi go deróil. Ocus ro imthigh Diarmait go h-opann résan cleirech, & ro raidh frisan macraidh: ‘Chuccaibh an breccaire; geibidh otrach & maidedha & clocha dó’. Ocus ro gabsat an macraidh do laimh inní-sin, & ruccsat ruathar dochum an cleirigh. Dercais an cleirech forra. ‘As cett daoibh’, ar an cleirech, ‘gion go f-fedtáoi anní trialltaoi’. Ro lensat a c-cosa don talamh, & ro lensat a lamha dona ceppaiph & dona crannaibh ro batur inntibh. Ocus ro sói cruth & dealbh doibh, & ro fhast Dia fon samhla-sin iatt.

Ocus do-chuaidh Berach & Diarmait iarsin go dorus an dúnaidh, & ros-gabh fuacht mor isin dorus. Ocus ro batar da charn nó dá mhul mora don (snechta) i n-dorus an dúnadh. Ro raidh Diarmait: ‘A breccaire, dia m-bat (fír)-chleirech, do dhénta tene don da mhul snechta ud, go n-dernmáis ar n-goradh fris’. ‘As ced doibh’, ar Berach, ‘teine do dénamh dhibh. Eircc-si & séitt íatt’. Do-chuaidh Diarmait, & ro seit an dá mhul shnechta, & ro lasattar amhail crionn, & do-róine Diarmait & Berach a n-goradh fríu.

Ro h-innisedh dano do Aedhan na ferta-sin & na miorbuile; & do-ráidh Aedhan fría druidhibh: ‘Fionnta libh cia do-roine na ferta-sa & na miorbuile’. Ocus do-chúatar na draoithe ar a c-cliathaibh cáerthainn, & tuccadh dano nua corma doibh. Cethrar dano líon na n-druadh, & ro raidh an cétna fer dibh:

    1. Berach go m-bith-buadaibh,
      Bruth óir a h-oireanach,
      Eriu ina rig-rathaib
      Ina roim ráin brathaibh
      Ina roimh ráin.
Ro raidh an dara fer dibh:
    1. Ni fhuil náemh nár ettrocht,
      na naemh-ogh adhamra,

      p.35


      Ro soisedh coimhfherta
      Fri {folio 80b} Berach m-bith m-buadhach
      Ón Badhgna báin.
Ro raidh dano an tres drái:
    1. Berach mac Nemhnaill,
      Meic Nemargen nert-niadaigh,
      Ní mar cin talmain,
      Trom, trén, tairptech, tabhartach,
      Fris tibhre a fhercc.
Ro raidh an chethramhadh dráoi:
    1. A luaithe faillsighther,
      A thrici tintothach uilc,
      Mac Oengussa, meic Erca Deircc.

Ocus do raidhsett na draoithe fri h-áedán: ‘Berach naom úasal airmittnech do-deachaidh a h-iathaibh Erenn .i. on Badhgna a criochaibh Connacht. Ocus fer dana immaille fris dot' ionnsaighidh-si do dénamh réire ferainn doibh. Is e do-roine na ferta-sa & na miorbuile, & atad i n-dorus an dúnaidh’. Ocus do-radadh isin dún fo chettóir; & do-rad Aedhan a oigh-reir do Berach, & do-roine sléchtain dó. Ocus ro slánaigh Berach an macraidh.

Ocus ro edhbair Aodhan an dun do Bherach. Conadh h-í sin Eperpuill .i. cathair atá ag Berach i n-Albain. Ocus ro edbair an rí rígh-erredh féin, & o gach rí ina diaigh dó, & mór-cuairt Alban, & día shamhadh ina dhíaigh. Ocus ro edhbairset an mhacraidh a mancine fein, & maincine a síl & a seimen go bráth cona crich & cona ferann do Bherach. Ocus do raidh Aedhán gomadh é, Aodh mac Brénainn, ri Tethba, & Aodh Dubh, mac Ferccna, rí Breifne, do dénad breth doibh i n-Eirinn.

Ocus do-lottar dochum n-Erenn doridhisi .i. Berach & Díarmait. Is annsin tarlatar co h-áedh n-Dubh mac Suibhne .i. ri Uladh. Ar-roétt dano Aedh Dubh co failte móir inní naemh Bherach; & do-rad onóir móir dóibh. Ocus ro edhbair an dún i r-n raibhe do Bhearach. Conad ísin Clúain na Cranncha i n-Ulltaibh, & ataid manaigh imdha friu innte. Ocus fa lía rea faisnéis ina sin i n-dénann Berach d' fertaiph & do mhiorbhuilibh innte.

Ocus do-dechatar iarsin co h-áedh n-Dubh mac Fergna, {folio 81a} & go h-Aedh mac Brénainn, do dénamh rere doib. Ocus do-ronsat comdáil do ló cinnti. Ocus is ann do-ronsat in comdáil-sin oc Lios Ard Abhla a Muigh Tethba. Do-luidh Berach & Diarmait cách dibh dia n-íath feissin in oidhce resin comhdáil. Ocus do-ronsat frithcomhdail arnamharach ag an sgíach ata i Tir Troma a Rathann; & ni dhechaidh


p.36

Berach isin frithcomhdáil acht do-luidh focettoir gusin c-comhdáil go Lios Ard Abhla.

Ro báoi dano socraidhe mór isin comhdáil-sin .i. ro báoi Aodh Dubh mac Ferccna, & sluagh Breifne maraen ris. Ro báoi áedh mac Brénainn, & sluagh Tethbha maráen ris. Ro batar sochaidhe do naemaibh isin dáil-sin. Ro bai Daigh mac Cairill, & Cruimter Fráoch, Mancán, & Cíaran, Mael & Aelitir, Failbe Find, & Dha Cúa, Samhtann & Arnáin; & ro battar náeimh imdha ele asin c-comhdáil-sin.

Do-roine dano Bearach mór do fhertaibh & míorbuilibh isin comhdáil-sin, & rainic Diarmait iarsin isin c-comhdáil, & do-róine éccnach Beraigh. Ocus do raidh inní-so: ‘A bhreccaire, ní scé fan dernsam comdáil i Rathunn’. In annsin do raid Berach: ‘As tualaing Dia a tabairt conicce-so’. Ocus tuarccaibh an chumhachta diada an scíaich i n-aírde isin áer, & nell impe, & ros-fucc iarsin go raibhe uas in comdáil. Ocus ro raid Berach fri Diarmait: ‘Féch i n-áirde’; & ro fech Diarmait, & at-connairc an scíaich, & ro an da égnach. Iarsin ro leigeadh an scíach go foill docum talman, conus tarla foran clad a raibhe Aodh mac Brenainn ina suidhe, & is amlaidh ro báoi an sccé forsan cladh, amhail as ann no fasfadh tre talmain.

Ocus do-dheachaidh imdherccadh mór annsin d' Aedh mac Brenainn. {folio 81b} Ocus ro aghsatt na sluaigh inní sin, & ro mhor-molsat an Coimdhe & Berach; conadh dó-sin ro ráidh an file:

    1. Toccbais Berach leis an sciaich
      Don muigh ar a m-bittis na slúaigh;
      For érim gusin cladh caemh,
      Fora m-biodh Aedh mac Brenainn buain.
    2. Ticc a ruidhedh Aodha aird
      Risin firt maerdha gan meircc;
      Gnuis rígh Tethbha, druim dar úir,
      Conus tarla 'na dlúim n-deircc.

Iarsin tainic álghus codalta d' Aedh Dubh mac Fergna, do rí Breifne. ‘A Shamhtann, mo chenn it ucht, a chaillech, go n-dernar codludh’. Do raidh Samthann fri h-Aedh n-Dubh mac Ferccna: ‘Eirigh go Berach, & cuinnigh fair do dhath do chlaochlódh’. Do-luidh dano Aedh go Berach, & ro raídh fris go n-dingnedh a oigh-réir, dia cáemhcloidhedh a dath. ‘As tualaing Dia’, ar Berach. ‘Tarr, & tucc do chenn fam chocaill, & codail’. Do-ratt Aedh a chenn fo cochall Beraigh, & ro chodail; & ro fer cioth flechuid focettóir. Ocus tuargaibh Aodh a chenn on cochall amach, & is e laoch ro ba finne do laochaibh domain é. Is annsin ro raidh aoin-fer da muinntir fein fris: ‘Dar lim as Aodh Fionn anosa antí rop Aodh Dubh o chíanaibh’. Ro raidh Berach: ‘Bidh Aodh Finn a ainm, & ainm a shíl & a shemen ó so amach go t-tí an brath’. Conadh de-sin ainmnigter sliocht Aodha Finn


p.37

o t-tad riogradh Oirthir Connacht. Ocus ro edbair Aodh Finn a righerredh & righ-erredh gach rígh ina diaigh go brath, & screpall gacha cathrach ó a síol & o a seimen go brath do Bheruch.

Do-chuattar iarsin na sluaigh a muinighin na Trinoide, go ruccadh an fír-Dhía breth fírén eter Bherach & Diarmait. Is annsin ro raidh {folio 82a} an t-aingeal uasna sluagaibh: ‘La Berach a dúthaigh oniu co tí an brath’. Is annsin ro raidh Aodh mac Brenainn: ‘At-chluinti go rucc an t-aingeal an m-breith .i. a tír la Berach go tí an brath’. Ro ferccaighedh Diarmait donní-sin fri h-Aedh mac Brénainn. ‘Ocus dar lem atátaoi-si aga radha ina diaigh’. Ocus ro fhoslaic Diarmait a bél do denamh gláimhe díginn d' Aedh mac Brenainn. Ro raidh Aodh mac Brénainn fri Berach: ‘Ar do chumairce damh-sa, a cleirigh, riasan f-fer n-dana’. Eírgis Berach go Diarmait, & do-bert a bhois fría bél, & ro raidh: ‘Ní thí áoir na moladh tar an m-bel san tre bhithbe, & foclaim bad comhainm an láoi-so a c-cionn m-bliadhna th' oidhidh’; & ní ro fétt áoir na moladh do denamh o sin amach. Ocus ro sáeradh Aedh mac Brénainn andsin tre rath m-Beraigh.

Ocus ro edhbair Aedh a righ-erredh fein, & righ-erredh gach righ ina diaigh, & screpall gacha cathrach ó Airther Tethba, & o a shíol fein, & ó a seimen do Berach go brath. Is annsin ro raidh Berach: ‘As ced don scíaich dol goa h-ionadh fein doridhisi’. Ocus ro thóccaibh cumhachta Dé an sgiach goa h-ionadh fein doridhisi i r-Rathonn. Ocus ro sccaoiledh an comhdail fon ionnus-sin.

Do-luidh dano Berach dia cathraigh. Do-luid Diarmait go Rathonn, & e tuirsech. Arnamárach dano do-luidh Berach go h-ait i r-raibhe Diarmait, & ro raidh fris an ferann d' fagbáil. Foro-fáccaibh Diarmait an feronn do Bherach; & forro-faccaibh Cruinicéin, & for-faguibh Dubán an cleirech. Do-luidh Berach go h-áit i r-raibhe Tromra, & ro raidh fris an feronn d' fágbail. Ocus ro raidh Tromra nach fáicfedh go brath.{folio 82b} Ro raidh Berach fri Tromra: ‘As ced duit dol fon talmain’. Sluicis an talamh fochettóir Tromra. Do-luidh Berach go Belach, & ro ráidh fris an ferann d' fagbáil. Ro raidh Belach, nach fúicfedh go brath. ‘Is cett duit-si’, ar Berach, ‘dol fon talmain fód comhair’. Sluiccis an talamh go h-opann Bélach. Do-luidh Berach go Colum n-Derg, & ro raidh fris an feronn d' fágbail. Ocus ni ro fháccaibh. Ro chuir Berach Colum fon talmain. Do-luidh roimhe Berach go Brandubh. Ocus do ráidh fris an ferann d' fáccbail, & ní ro fháccaibh. Ro chuiredh dano Brandubh fon talmain.

Do-luidh dano Diarmait ar chomairce espuic Soichill go Baislic. Anais annsin co cend m-bliadhna. An lá a c-ciond bliadhna ro gabh Diarmait for éccnach Beraigh. Ocus ro raidh: ‘Is aníu ro gheall an bréccaire bás damh-sa’. Increchais epscop Soichill inni Diarmait:


p.38

‘An doigh lat-sa na fil co h-oidhce fedh frisa t-tiosadh bás duit? Eirigh-si isin ecclais, & dúin fort h-í’. Do-luidh dano Diarmait isin ecclais, & dúnais fair h-í.

Tarfaidh immorro damh allaidh do lucht iarthair an fherainn, & do-lottar ina deghaid, eter cois & each, eter choin & duine. Do-luidh an fiadh i m-Baslec, & anaiss allanoir don ecclais fo comhair na fenistreach. Ro báoi mór gair ag cách immon fiadh. At-racht Diarmait co h-opann dia fhios cidh ro búi ann; & tainic gusan seinistir, & ro báoi ag fégadh trithe amach. Ocus ro teilcc fer don lucht ro bhatar i n-deghaid an fhiadha urchar do ghae sealcca frisan f-fiadh. Conus tarla tresin seinistir do Diarmait ina braghaitt, co torchair ar lár na h-ecclaisi, {folio 83a} co fuair bás & oidedh la breithir m-Beraigh isin ló a c-cionn bliadhna iarsan c-comhdail. Terna immorro an fiadh, & h-é slán.

O 'tchuala immorro Cú Allaidh mac Diarmata sin, & do-luidh do féghadh Rathonn, & da mallachadh ná fásadh arbhar tre talmain ann, & na beith bliocht ag boin, & na beith mes for crannaibh ina coilltibh, do fheghadh a suil. Naenbar dano diberccach dó.

Is ann do-rala Berach i n-Dún Imgáin i Maigh na f-Fert, & Conchennán ina fharradh. Ro foillsighedh do Bherach Cú Allaidh do dhol frisan toiscc-sin. Ocus ro fáidh Berach Coincennán ina dheghaid. Ocus ro ráidh Berach fris: ‘Fúaccair-si iad sin ar tús’. Do-luidh dano Coincennán a n-deghaid na n-díberccach, & rucc forra a slighid an charpait; & ni ro fúacair forra annsin, acht ni ro theilcc forra inní ro búi ina laimh. Co ro iompo Cú Allaidh a aghaid, co t-tarla do a t-tul a édain, co n-deachaidh trena chend, co torcair eter a mhuinntir. Co n-ebert: ‘Tóccbaidh mé go luath go mullach an t-sleiphe, go f-faicer uaim ferann Beraigh, co ro mallachar é go luath do mullach an t-sleibhe’. Ocus ro toccbattar é gusan máoil-sliab, & ro ba marbh Cú Allaidh annsin; & ni facadh ní acht daire n-dímain, & as éttorthach sein dogrés; & ro theichsett a mhuinnter uadh.

Ocus do-ruacht Conchennán chuicce, & ro ben a trilis de, & rucc leis do chomhartha; & rob eccail lais dano an cleirech, ar ni ebert fris duine do mharbadh. Ro bhen slait, & ro choraigh an trilis fuirre arin achad 'ar n-dol asin c-coill. Conidh {folio 83b} de-sin ainmnighther Achad Cuileburr. Do-luidh dano Coinchendán go h-áit i raibhe Berach; & ro foillsigheadh do Berach an gniomh do-rinne Conceandán, & ro bá ro-olc la Berach duini do mharbhadh; & do-roine Concendán aithrighe. Do-cuattar immorro muinnter Con Alltadh ar seachrán, conus-tarlattar go h-áit i raibe Berach, & ro slechtsattar do Berach, & do-ronsat aithrighe, & do-radsat a maincine do Berach; & is íad sin muinter Cille Lallóg, & is é Berach ro faguibh inte iad.

I n-aroile ló dano do-luidh seisrech Beraigh ar dhasacht


p.39

asinn cathraigh (ac) Rathand; & do-lotar á Cluain Cairpthi, & do-lotar tair Sionaind a Cluain Deoinsi, & a Chluain Inchais, & a Chlúain Dártha, & eiste-sidhe gonuighe Ath na n-Dham. Sois Cíaran Maol fora annsin; & de-sin ainmnighther Ath na n-Damh; & do-lottar ina frithing i Túaim Usci, & tar Sionainn siar; go rabattar tuirsigh (.i. na manaigh) co mor de-sin. Ocus do raidh Berach, cidh mór no sirdís na daimh, co n-dingnittís a l-laa ríana óiche.

Do-lotar immorro na daimh fon dithrebh i n-Eared Lara, & go Edargabhail, & go Raith Fearchon, & co Cluain in Buicc Finn, co Caill na n-Glasán, & co Lios Dúnabhra, & co Fan na m-Bhachall, & co Clar Lis mic Cíaráin i Maigh ái, & co Cluain Ingreac, & co Clúain Cái & go Léna Ghlúin áin, & isin sliabh, & i Dubhcaill, & a Rinn Daire Abréni, & a Tuaim Achad, & a Rathonn doridhisi, & do-ronsat a lá ria n-aidhche. Ocus ro bháoi a crandach forra, & an iaronn na n-dheaghaigh in comhfhad-sin uile, & ro dheargsat isna h-ionaduibh sin uile; & is lá Berach gach ionadh in ro dheargsat, & is ón sgat tárna damhuibh in la-sin ainmnighther Sgathoch i Rathonn.

I n-araile aimser do-luidh Coluim Cille mac Feidhlimidh, iar m-bhrisedh chatha Chúile Dreimne, go Berach, ar ni fhuair fáilte ag náomh aga taraill conige sin. Teagmuing dano gurbo adhaigh domnaigh an adhaigh-sin. Ocus ro bean in t-aistire moch-trath in clog i c-Cluain Coirpthe. Is annsin do-luidh Coluim Cilli dar Magh Ráthoinn, & suidis i c-cinn descertach in tóchair; & ata cros & annoit annsin. Ro foillsigheadh do Berach anní-sin, & do-luidh a c-comdhail Coluim Chille, & beannachais do. Beannachuis Coluim Cille dó-san, & ro fear Bearach mór-fhailti fri Coluim Chille, & ro ráidh fris ‘Tíagham fodechta don chathraigh’. ‘Nocha ragh-sa dom chasaibh annocht dhi’, ar Coluim Cille, ‘ar tainic an aghaigh domhnaigh’. ‘Berat-sa liom tú’, ar Bearach, ‘ar mo mhuin’. ‘Ni bherair’, ar Coluim Cille, ‘an aghaidh-si reamhom anocht di’. ‘Bérat-sa’, ar Berach, ‘tú, & do chúl reamhat’. Ro iomchuir dano Bearach Coluim Cille ar a mhuin, & cúl cáich dibh fría cheile, go rochtatar in prainnteach, & ro léig ar lár annsin.

Ocus ro marbhadh in

'damh' is added above the line unnecessarily.

t-seisrech an aidhchi-sin dó, & do-ronsat aontaidh & cotach, Berach & Coluim Cille; & for-fhagaibh Coluim Cille fagbhala maithe imdha i c-Cluain Coirpthe; foro-fhagaibh neam dia sagart, & dia h-abaidh, acht go n-dearna ernaighthe fo trí ag crois Coluim Chille co coibhérta; ro fagaib co tibhértha cummaidh fris féin ar neam dá gach manac Bearaigh nó rachadh día ailithre chuca. Ro fhagaibh in soisgél ro scriobh día láim feisin, a c-comarta a áenta & Bearaich; & faro-fhagaibh moir-bheannachtain ag Berach, & ro luidh fora shétt.


p.40

I n-araile aimser do-deachaidh dochma mór i n-Érinn. Is annsin ro boi {folio 84b} Laeghachan ar Loch Laeghacan ina inis fein, & ni raibhe biadh aicce. Do-luidh dano d' iarraidh bidh cona ceithirn, & ro fhaccaibh a séitchi isin inis, & si torrach, & oen-ben ina farradh; & ro raidh ria, dia m-beiredh lenamh dara a aeisi, a mharbadh, ar ni raibhe aca acfaing a

'leo' added above the line unnecessarily.

lesaighthe. Ocus rucc an ben mac dar a éisi, & ro fiarfaigh an ben ro báoi ina farradh, crét do badh indénta frisan mac; & ro raidh si: ‘A mharbadh’. Ro raidh an ben ele: ‘As cora a breith go cleirech na cille-si thiar dia bhaisttedh. Ocus tabhar a mhancine dó ar a bethughadh’.

Deisidh dano leo an comhairle-sin, & tuccadh go Berach; & ro bhaistt Berach an mac, & as é ainm tuccadh air, Ineirge, & ro h-edhbradh mancine a bhí & a mhairbh, & mancine a síl & a seimen co bráth do Berach, ar a leasucchadh. Ocus ro raidh Berach: ‘Berar an mac dochum a mhathar, & ticfadh cobair coda & máine dóibh’. Ruccadh an macan docum a mhathar la breithir an cleirigh.

Mar ro bhattar na mna ann co c-cúalatar in fuaim is in osnad. Do-luidh an bhen dia fechain, & ní facagtair nach ní ann. An cualatar dano an tres feacht in fúaim, & do-cuaidh an ben an tres fecht dia dechain, & ro báoi brádan mor ann, & dobhrán aga tharraing i t-tír. Ocus do-cuaidh an bhen, & ro tarraing an bradán for tír, & nír cumhaing a iomchar ar a mét, & ro gair an mnáoi ele, & ruccsat ina n-dis ar eiccin leo an bradan, & ro urlamhaighsett, {folio 85a} & ro tocaithsettar a n-dáethain, & ro lionsatar focettoir cíche mathar an meic do loim, & ro saoradh an mac amlaidh-sin.

Laeghachan immorro do-luidh i c-ciana, & do-rala baile dó, & a dhaoine uile, ar n-écc, & a bhae & a bhuár uile ann, & do-rochtattar leis dochum a thíre, & cuiris nech reimhe dia fhios an rucc a bhen lenamh, & má ruc, in ro mharbhadh; & fuair an mac, & é béo, & do-cuaidh go h-airm i r-raibhe Laeghachan, & ro innis dó. Ocus ro ba faoilidh Laeghacan don sccel-sin, & do-luidh dia inis i & ro fhiarfaigh fochann bethad an meic, & ro innis a mathair gurab é Berach ro bhethaigh é; & go ro h-edbradh a mhanchine dó. Ocus do-luidh Laegachan go Berach cona oigh-réir dó, & ros-cind manchine an meic go brath do Bherach.

Araile aimser do-chuattar h-Í Briuin na Sionna & Cu Cathfaidh a ri do dol d' orccain ina focland ro bhattar ar comairce Beraigh. Ocus do-lottar do denamh na h-oirccne. Is ann ro baoi Berach i c-Cluain Coirpthe, & ro foillsiccedh dó inní-sin; & do-luidh a frithsétt

added above the line by a later hand unnecessarily.

don t-sluagh. Ocus im-acomhraic doibh & don t-sluagh ag Bun Sruthra. Is amlaidh ro baoi Berach, & an glasan ina laimh, & ro

p.41

raidh re Con Cathfadh & risan sluagh anadh occa. Ocus ni ro ansat, acht do-chuatar seocha dia sharuccadh, co rochtatar na cathae co ra battar arin mónaidh allandes do Bhun Sruthra. Feghais Berach uadha íatt. Benais a clocc forra. Sluicis an mhóin íatt focettoir cona righ, & do-róine loch don monaidh gan fuirech; {folio 85b} & do-cíther la tascc righ an sluagh-sin, & a n-gai fria n-ais.

Do-lottar dano Dicholla & Toranach uatha a n-deghaidh an t-sluaigh, co tarla Berach doibh. ‘An accam’, ar Berach fri Dícholla. ‘Anfad’, ar Diocholla; & ro raidh fri Toranach anadh aige, & ro an. Is annsin ro cualatar mor-gháir an t-sluaigh aga sluccudh don mónaidh, & loch ar t-techt tarsa. Ocus ro fhiarfaighset cidh dos-faraill. Ocus do-cuaidh Berach doibh anní dos-faraill. Ocus do-dhechaidh omhan mór doibh focéttoir, & ro shlechtsat do Bherach, & ro raid Berach fri Dicolla: ‘An flaithius i r-raibhe Cu Cathbaidh, biaidh occut-sa & 'gutt síol go dheiredh an domain’. Ocus do-rad bennachtain do Dhícholla & do Thoranach & dona h-úaitibh ro battar immaille fríu.

Is annsin tainic oen-scolocc terno on t-slog chuca. Ocus do raidh fri Berach: ‘Ar do chomairce damh, a chleirigh’. Dechais Berach co h-opann h-e, & triallaidh an cloc do bein air, dia cor fon talmain, & ro aitchestair Dicholla & Toranach ainm De fri Berach, na ro mhalartnaighedh an scolóc; & ro raidhset: ‘Is uathadh duinn anosa, & reccmaít a les h-é’. Ocus ní ro mill Berach h-e. Do-roine an fer sin aithrighe, & do-rad a ogh-réir do Bherach. Ro fhaccaibh Berach do gan dol tar nonbhar, & fer leapta righ uathaibh, acht go m-beittis da réir. Is annsin targaidh Díocholla & Toranach a mancine do Bherach, & ni ro gabh inní-sin. Ro cinnsett annsin righ-erredh a rígh, & screpall gacha cathrach {folio 86a} & gacha gar-meic, & gach meic sethar, & cech dalta do-béradh gacha tres bliadhna; & ro saerait amlaidh-sin.

Araile aimser do Berach a c-Cluain Coirpthi, fáidhis manach fri h-umhalloitt uadh i Rathond, Sillen a ainm. Conus tarlattar dó naenbar diberccach, tangatara h-Airther Tethba do dhenamh fogla i c-Connachta, & ro marbhsat an manach, & tangattar iter a cend & a cholann. Ro foillsighed do Berach inní-sin, & do-luidh co h-opann dia n-ionnsaigidh. Ocus tarraidh iatt os cind an mairbh. O 'tconncatar immorro na diberccaigh inní Berach, do-cúaidh do ráith léo a mharbadh, & ros-gabsat a n-gaei dia marbadh. Ro lensat a lamha dia n-gaoibh, & ro lensat a n-gai don charraicc bói a c-comhfochraibh doibh, & méraitt slechta a n-urlann innte go brath.

Do-ronsat aithrighe, & ro raidhsett fri Berach: ‘Na gad nem forainn, & h' og-réir duit, a cleirigh’. Ros-anaic Berach annsin iad.


p.42

Ocus ro raidh fríu: ‘Coraighidh an cenn frisin meidhe’; & do-ronsat amlaidh. Ocus ro gabh Berach simhin luachra asin port-linn luachra ro bói a c-comhfoccus; & do-roine ernaigthe ind, & ro coraigh im bragaitt in mairbh, & at-racht focéttoir; conidh desin atad sibhne Beraich go brath. Ocus for-faccaibh Berach mór-rath forra; for-faccaibh dano dona diberccaibh gan a siol do dhol tar naenbhar go brath, & for-faccaibh fer umhaloitte uadhaibh i c-Cluain Coirpti; & {folio 86b} gach tan no biadh, gú na biadh acht aoin-fer a n-deghaid a ceile dibh. Ocus isedh on comaillter fós, & comhaillfider go brath. Ocus do-luidh fer umhaloitte la Berach, & ro deilighset amhlaidh-sin.

Araile aimser ro cinn Colman Caol Cluana h-Ingrech dol do Roimh; dalta dano do Berach eiside. Ocus is e Berach ro ordaigh e i c-Cluain Ingrech. Taraill aga oide & aga maigistir .i. ag Berach. Fuabrais Berach a fhosttadh, & ní ro fett. Imthigis Colmán Caol, & do-luidh Berach leis sealat 'san slighidh. Comraicit no do-rala doib & do Chiarán Maol i cind na faitce. Ocus fuabraid & Cíaran Maol Colmán Cáol d' fosttadh doridhisi. Ocus ro raid Colmán cáol, na h-anfadh no co f-faicedh dia suilibh in Roimh. Sénais Berach an t-áer, & do-bert airrde na croiche dar roscc Cholmáin Caoil, & at-conncatar a t-tríur, Berach, & Colman Cáol, & Cíaran Máol, inní Roimh, & ro molsatar an Coimde annsin, & do-ronsatar cros & annoid annsin do Bherach, & do Chiaran Máol, & do Colman Cáol. Ocus do-ronadh cros ele do Pol & do Pettar; & as ionann do neoch ionnsaigidh na c-cros sin & do imeochadh a coimhmeit do shligidh na Romha. Ocus ro fosd Colman Caol annsin.

Acht ata ní chena; no go n-airemhter gainemh mara, & rettlanna nimhe, & an fér & na h-uile luibhe fhásus tre talmain, & an drucht fásus no anus forsan fér & forna luibibh, ni h-airemhthar uile ferta naomh Beraigh. Fear firen tra an fer-sa. {folio 87a} Aon-gloine aicnid, amail uasal-athair. Fir-ailithir .i. o cridhi & o anmuin, amail Abram; cennais, dilgadach, amail Maoisi. Salmcetlaidh molbtach, amail Dauid. Escca

'no estad' inserted above the line.

egna & eolais, amail Sholmain. Leastar toccaidhe fri fuaccra firinne, amail Pol n-apstal. Fer lán do rath & do deolaigecht an Spirait Naeim, amail Eoin macan. Lubh-gort cain co clandaibh súalach, gescca finemhna co tortaighe. Tene thaidlech go n-gris ghoirtighe & tesaigte na mac m-bethad im andadh & im ellscoth deirce. Leo tria nert & cumhachta; colum ar cennsa & diuite, nathair ar treabhaire & tuaicle fri maith; cennais, umhal, áilgen, inísiol, fri macaibh bethad; fordorca eiccennais fri maccu báis; mogh sáethair & foghnama do Criost. Ri ar ordan & cumhachta fri cuimreach & fuaslaccadh, fri saoradh & daeradh, fri marbadh & beouccadh.


p.43

Iarsna mor-miorbuilibh si tra, iar todusccadh marb, iar n-íoc clam & dall & bacach, & gach tedma arcena, & iar n-oirdnedh espoc & saccart & deochan, & áesa gacha graidh isin ecclais arcena, iar forcetal sochaidhe & iarna m-baistedh, iar fothuccadh cell & mainistrech, íar t-traethadh ealadhan iodhal, & druidechta, ro comfoiccsigh laithe a etsechta antí naemh Beraigh, & a techta dochum nimhe; & ro artraigh aingeal dó ria n-dol dochum nime, & ra raidh ris, co raibhe mór deithite in Choimdhe ime, & imo mhancaibh, & imo cathraigh; & ro raidh cidh cia conaitcedh aitche fíren foirbhte aire, co tibertai dó, & ro foillsigh do laithe a thechta dochum nimhe.

Ro thocaith immorro Berach a bhethaid i n-aoinibh & i n-urnaighte & i n-almsanaib, h-i fiadhnaisi an Coimdedh. Ar-roet immorro Berach comain & sacarfaic o Thalmach & ro athain a foirb & cennacht a cathrach & a mhac n-eccailsi dó. Ro fáid a spirat dochum nime, & ro h-adnacht a chorp annsa tigh dorcha co n-onóir móir, & co n-airmittin, co fertaibh & co miorbuilibh abhus. Bidh mo go mór a n-dail brátha an tan thaitnifes amail grein i n-nimh i n-áontaidh apstol & deisciopal Iosa, i n-aontaidh daonnachta & diadachta meic Dé, i n-aentaidh na naemh-Trinoide uaisle, Athair, Mac, & Spirat Naemh. Ailim trocaire meic De uile-cumachtaigh tre impidhe naemh Beraigh dá f-fuil líth & foraithmet i n-eccailsibh úaisle imdha isin laithe-si, co risam, co ro airiltnighem, & co ro aitreabam in riced, in secula seculorum. Amen. Finis.

3