Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

Life 2


p.11

{folio 122b}

Betha Bhairre ó Chorcaigh

Mo Barri dino do Connachtaibh dó iar c-cenél, do Clannaibh Bríain meic Eachach an t-sainnrith .i. Bairri mac Amairgin, meic Duibh Duibhne, meic Airt, meic Carthaind, meic Flaind, meic Nindedha, meic Briain, meic Eachach Muighmedhoin. Tainic iaromh cenel & bunadh antí naemh Barri a criochaibh Connacht, gur gabh forba & ferannus ind Achad Durbcon i c-crich Múscraighe Mitine.

Is annsin bai baile ag Amairgin, occ athair Bairri. In t-Amhirgin-sin dino fa gabhai amhra h-é, & is h-é fá primh-gobha do righ Raithlenn an tan-sin .i. do Thigernach mac Aodha Uargairbh, meic Criomhthainn, meic Eachach, meic Cais, meic Cuirc.

Ro bái dino cumhal sochraidh i t-tigh in righ. Ro forcongair an dia mhuinntir na ro áentaigedh neach dibh lé i l-lánamhas. Ni cúalae dino Amhairghin inní-sin. Ro áentaidh iaromh an gobha & an chumhal go h-incleithe, & ro fes forra iarttain, úair ro coimpredh an chumhal. Iar sin ro gairmedh an cumhal on rígh .i. ó Thigernach, & ro fiarfaigh dhi cia ór bó torrach. Ocus at-bert an cumhal gurab ó Aimhirgin.

Is annsin at-bert an a c-cuibrech a n-dís .i. Aimhirgin & an cumhal, & fós adubairt teine mór d' fadudh & a c-cor innte a n-dís. Acht ní ro léicc Día do-somh sin, úair tainic saignén & torann & fleochadh dermáir ann, co nár fétsat tene d' fadúdh úair rob ionmhain la Día naemh Bairri, cidh ríasíu ro geinedh. Is annsin ro labhair in náidhia broinn a mathar, & at-bert: ‘A , na déna an gnímh n-eccóir, úair ní bá móide do gradh ag Día, cía do-gne’. Is annsin at-bert an fria mhuinntir: ‘Airisidh bicc, go f-faiccem & go f-fesam cía norn-aiccillenn’.

Is annsin tairisis an saighnén, & an torann, & an fleochadh; & ro h-aincedh Aimhirgin & in chumhal gan a losccadh; & ro tuisimh an chumhal an mac n-adhamhra .i. antí naemh Bairri. Iarna gheinemhain dino ro aiccill fo cetóir an , gu ro sáoradh dó a athair & a


p.12

mathair. Do-ratt an dó íatt a sáoiri, & do-ratt é fein cona síol do Bhairri {folio 123a} tré bithe.

Ní ro labhair in mac tra iar sin go h-aimsir coir. Tainic iar sin Aimhirghin & an cumhal, & an mac becc léo go h-Achadh Durpcon. Is annsin ro baistedh an mac; Mac Cuirp, espocc do Dál Modula do Corco Airchind Droma, is é ron-baist. Is e cet ainm do-radadh fair .i. Loán, & ro h-oiledh fri ré seacht m-bliadan i n-Achad Durbcon.

Ro battar dino triar cleirech d' feraibh Muman ina n-ailithre a crích Laighen isin aimsir-sin. Tangattar i c-cóir thurasa d' fios a t-tíre fén, & do-dechattar for a t-turus go tech n-Aimhirgin; & at-conncatar an gillae m-becc n-álainn istigh. Adubairt an fer fá sine dibh: ‘As caomh in mac becc-so’, ar se; ‘do-raithne rath an Spirtu Naoimh ina gnúis, & ro budh maith lind leighenn do dénamh dó’. ‘Masa maith’, ol Aimhirgin, ‘beiridh libh, & déntar dó’. Adubairt an senóir: ‘Ni beram anosa, go t-tísam arís an tan reccmáitt a Laighnibh’.

Tangattar iaromh an tríar cetna go tech n-Aimhirghein i n-aimsir samraidh, & ruccsatt leo an mac. O ró-siachtatar tra gusin slíabh díanadh ainm Muincilli .i. do Ros Coill, tainic íta ann don mac bhecc, & rochái ag cuinghidh dighe. At-bert an senóir fria thimtiridh: ‘Eircc do saigidh na h-eillte útt ar in t-sleibh, go t-tucca dhigh úaithi don mac’. Do-chúaidh an timthíridh, & ro blighlestar lán do lemhnacht uaithi, & do-radadh don mac becc.

Is ann adubairt an senóir: ‘áit a n-dérna Dia an firt n-adamhra-so ar in mac, is ann as cóir tinnsccetal leighinn dó, & a bherradh, & claochlodh a anma’. Ocus do-ronadh amhlaidh. Adubuirt an fer ron-berr: ‘As caomh & as find an barr fil for Lóan’. At-rubairt an senóir: ‘As maith a n-abra; úair bidh é a ainm óniu amach, Findbarr’.

Is é sin laithi tainic Brenainn Birrae a Sliabh Muincilli, go t-tárrastair in baili atát Crosa Brenaind aníu. Ro ling an carpat fo trí fáoi, co nus-tárla as; & ro cháiestair go mór, & ro fhaítbhestair iarttain. Ocus ro fiarfaighset a muinter de, cidh ar a n-derna cái ar tús, & gáire iar sin. Gillae becc tainic sund aniú, ar a n-derna Día míorbuil móir, is é fath ar a n-dernas {folio 123b} toirrsi.


p.13

‘Itche ro chuinghes go Dia, tri feranna i n-Desmumain, go ro foghnattais dom comharba im diaigh .i. ó Abhainn Móir go Láoi, o Láoi go Bannae & go Bai m-Béiri, o Bhándai go Cléiri. Ocus ní thard Dia damh-sa sain, acht is re fognamh Barra do-ratt Día íatt tre bithe’. Do-cuattar iar sin na tri cléirigh adubramur a no i crich Laighen, & Bairri léo. Ocus is é ro thórainn Ceall Meic Cathail i m-Bealach Gabhrain. Is innte ro legh Barri a psalmae.

Fecht do Bharrai occ leghadh a psalm, gu ro fher snechta mór ann, go raibhi cochall dhe immón m-boith a n-dénadh Bairri a leighenn. Adubairt Barrai fria oitti: ‘Ro badh maith lem an cochall-so do beith imom boith, go t-tairsittís lem mo psailm’. Do-righne Dia amlaidh, úair ro legh an sneachta don talmain, & ro mair an cochall bui dhe immon m-boith, go t-tairnic do Bhairri a psailm.

Feacht tainic araile duine saidbir, Fidhach a ainm, go h-áit i m-(báoi) Barrai .i. go Lóchan, dá gabhail d' anmcaraitt. At-rubhairt Lóchan ria Fidach: ‘Slecht don ghilla bhicc utt .i. do Bharrae’. At-rubairt Fidhach: ‘As becc lem slechtain dó’. Adubairt Lochan re Fidhach: ‘Dia n-gabar-sa h-é do anmcharait, an n-gebha-sae’? At-rubairt an laech, ro gebhadh. Is annsin ro shlecht an clérech do Bharrai, & ro slecht Fidach; & ro edhhair Lóchan a chill do Dhia & do Bharrai, & ro edhbair Fidhach é féin cona iartaighi. Adubuirt Bairri ria a oide: ‘Geibh uaim an laoch-so cona iartraighi, tar cenn mo psalm ro gabhad uait’.

Tainic iar sin Bairri for conair do tuidhecht h-i Mumain. Do-ruacht go h-airm i t-ta Cul Caissine aníu, i n-Osraighe, & ro thorainn an cill-sin, & ro h-edhbradh dó h-í tri bithe.

Do-chúaid Bairri iar sin go h-Achad m-Bó, & is ann ro gabh ionadh ar tús. Tainic iar sin Cainnech mac h-Úa Dhalann go Barri, & ro chuinnigh chuicce fágbháil lais an ionaid-sin. ‘Cidh rom-bia-sa


p.14

aire’? or Bairri. ‘Rot-fía{folio 124a} maith aire, a Bhairri’, ar Cainneach, ‘an t-ionad i n-gebhae, & i m-beitt do thaisi, immatt sruithi & sobhartan & airmittne ann do grés, fo bith na h-airmittne do-beiri dhamh-sa’.

‘Cidh n-aill’? oll Barri. ‘Rot-bia’, or Cainneach, ‘nemh da gach fir ghebhus th' ionadh’. ‘Ba ro moch lim-sa adubairtais-si sin’, ar Bairri, ‘doigh a thelgun doibh, & ateatha ar daigh na breithre-sin’. Adubairt Cainneach: ‘An uair ghébhas do chomarba-sae & fer th' ionaid, ní scéra cen anmchairdes fair on righ nemdha’. Ro thórainnsett an chill & an relecc, & adubairt Bairri: ‘Bát úaiti meic aptha na cille-so’. As-bert Cainnech: ‘Ni bat ili meic aptha do reilgi-si’.

Tainic iar sin Bairri go h-espucc Mac Cuirp h-í Clíu. Fer amhra dino an Mac Cuirp-sin, & comalta do Dauid Cille Muine, & dá dhalta do Grigoir Rúamha íatt a n-dís. In tan iarom tainicc Bairri go h-espucc Mac Cuirp rotn-aiccill an .i. Fachtna Fergach mac Cáelbaidh sen, Múscraighe Breogain, & isedh ro ráidh rís: ‘Riccim-si a les, go ro bhennacha-sa an dís-so .i. mo mhac dall & mh' inghen amlabhar’. Ro bhennach Bairri íatt a n-dís, & ro slánaighit .i. a roscc don mhac, & a h-erlabhra don inghin.

Ó ro bhattar iaromh acc imaccallaimh .i. Bairri & an , ro cualattar golghaire mór. ‘Cidh so’? ol Bairri. As-bert an : ‘Mo séitigh as marb anosa’. At-bert Bairri frisin righ: ‘As tualaing Día a tódúsccadh a bás’. Ro bhennach Bairri iar sin uiscci, & ro fotraiccit an rioghan ass, & at-racht a bás amhail bidh as a codladh at-résedh.

Ó ro bhattar occ imaccallaimh, Bairri & an , adubairt an ri: ‘Cidh ar na déini-si, a Bhairrai, ferta inar f-fiadnaissi-ne fós’? ‘As tualaing Dia a n-dénamh, madh áil dó’. Ind aimsir earraigh tra sin do shunnradh. Ro tuitset aráidhi cnai fáiscci don choll fo ra bhattar, gurbhat lána a n-ochta dona cnoibh. Is annsin ro edhbrastair an .i. Fachtna Raith n-Airrthir i m-bith-dilsi do Bhairri.


p.15

Ro legh iar sin Bairri leabhar Matha & leabar apstal {folio 124b} acc easpucc Mac Cuirp; & ro cuinnig espucc Mac Cuirp logh a leighinn for Bhairri. Adubairt Bairri: ‘Ca logh chuinghe’? Adubairt espucc Mac Cuirp: ‘Isedh as áil damh, gurab i n-áen-bhaile bhes ar n-eiseirge i l-laithe (brátha).’ At-bert Bairri: ‘Rot-bia-sa inní-sin, uair bidh i n-áen-baile rottn-adhnaicfider, & bhes ar n-eiseirge’.

Ro aittreabh iar sin Bairri i l-Loch Irce, & i n-Etergabhail ris anair. Ocus is í so scol ro bói occ Bairri isin loch .i. Eolang a oitte, & Colmán Dhaire Dúncon, & Baichine, & Nesan, & Garban mac Findbairr, & Talmach, & Finnchad Dhomhnaigh Moir, & Fachtna Ria, & Fachtna Ruis Ailithir, Luicer & Caman & Loichine Achaidh Airaird, Cairine & Finntan & Eothuile fuilet h-i Rus Caerach, Treallan fuil i n-Druim Draighnighe, & Caolchú & Mo Ghenna, & Mo Díomócc, & Santan, & Luiger mac Coluim. Tuccsat tra an lucht-sin a c-cealla do Dhía & do Bhairri i m-bith-dílse.

It e dino ro bhattar aicce i n-Ettargabhail .i. derbhshiúr Bhairri, & Crothru inghen Conaill, & tri h-inghena Meic Cártainn, & Cóch caillech Ruis Benncuir, & Mo Shillan Rátha Moiri, & Scothnat Cluana Bicc, & Lasar Achaidh Durbcon, & téora inghena Luigdech, Dune, & h-Er, & Brighit Airnaidhi. Ro edhbairset in lucht-sa uile a cealla do Dhía & do Bhairri i m-bith-dilsi.

Bairnech Mór i c-crich Múscraighe Mhitaini, Iuran Brit ceta ro-gabh ann, & Nath I, & Bróccán; ro idhbairset a c-cill do Bhairri .i. Bairneach Mór; & for-fáccaibh Bairri menistir & cethir-leabuir an t-soscela aca-somh. Lughaidh mac Findtain, do Dhail Mo Dúla Airthir Cliach, is e cétna ro-gabh Ceanna Droma h-i c-Carn Tigernaigh h-i c-crich Fer Muighi Féine, ro edhbhair a chill do Bhairri, & rucc Lugaid o Bharrai offertóir findruine. Báetan mac Eogain ro ghabh Glenn Caín h-i c-crích h-U Luigdech Eli, & Mo Dimócc dino daltai do Bharrai, & di easpucc iatt, ro edhbairsett a n-dís a c-cill do Bharrai i n-ógh-dílsi


p.16

.i. Glenn Caín. {folio 125a} Druim Eidhneach h-i c-crich h-U Luigdech Eli, Sáran ron-gabh. Ro edhbair-sein a chill do Bhairri, & ros-fucc-somh o Bhairrai a menistir n-umha, cona shacarfaic.

Goban Corr ro gabh h-i Fán Lopaist, & ro edhbair a chill do Bharrai; & do-rat Barrai do-somh offertoir airgit & cailech altora di ór. Finntan & Domhangein, it e ro gabhsat Cluain Fotai & Tulaigh Min, & ro edhbairsett a c-cill do Barrai. Do-rat Barra doibh-siumh offertoir & caileach altóra do ghlaine. Do-róine Bairri firt n-adhamhra annsin .i. ícaid an mac do dhoilli & an ingen do amhlobhrai, & ícaidh an clamh gurbo slán. Brogan mac Senain, daltai do Bhairri, do-gnidh tri h-aicechta gach láe la Barrai, go tuccad gradha fair. Ron-edhbair fodéin cona chill .i. Clúain Cárnai i m-bith-dilsi do Bharrai.

Tainicc iar sin Barrai, & aingil roimhe, go a crich féin, & ro chumhdaigh Cill Achaidh Dorbchon. Atá cúas annsin .i. cúas Barrai a ainm, & atá lind maith ina fharradh, as a t-tabharta brattán gach n-oidhce do Bhairri iarna ghabail i l-líon aen-mhogail. At-rubhairt an t-aingel fri Barrai: ‘Ní ba sunn bías th' esérghe’.

Tainicc iar sin Barrai tar an abhainn go Cill na Cluaine, & ro cumdaigh ecclas innte, & tárrastair innte fri ré cíana .i. go t-tangattar dá dhalta do Ruadhan chuicce .i. Corbmac & Buchin iar c-cuingidh ionaidh doibh for Ruadhan. Go n-ebert Ruadhán friú: ‘Eirgidh go m-bennachtain, & in bail a m-benfa a thengae re bhar c-clocc, & h-i meabhai iris bhar t-teighi liubhair, is annsin bías bhar n-eiséirghe’.

O dó-róchtattar iaromh go Barrai, go Cill na Clúaine, tangattar doibh na h-uile-so íar m-breithir Ruadháin. Ros-gabh toirrsi mór íatt iar sin, ar ní ro shaoilset an cheall do leigen doibh. At-bert Barra friu-somh: ‘Na bidh brón na toirrsi foraibh; do-beirim-si duibh-si & do Dhía an chill-so cona h-uilibh mainibh’. Ro cumhdaigh tra Barrai da cill décc resíu tainicc go Corcaigh, & fos-raccaibh uile ar umaloitt & ar mhét a dheirci.

{folio 125b}

Tucc aingel iaram eolus do Bharrai o Chill na Cluaini co n-uicci an ionadh i t-tá Corcach aníu; & adubairt fris: ‘Airis sunn uair bidh e so do port eisérghe’. Do-righne Bairri áine tredanais iar sin isin ionad-sin, go t-tainic cuicce Aedh mac Comgail do Uibh Meic Iair ag iarraidh bó at-rulla do bhreith laigh, go fuair h-í h-i f-farradh na cleirech.


p.17

Ro fhiarfaigh áedh dibh: ‘Créd ro-tabhar-fucc sunn’? Ro freccair Bairri: ‘Atám acc iarraidh inaid i n-guidhfem Día orainn féin, & ar antí do-béra dhuinn’. At-rubairt Aedh: ‘Do-bheirim-si dhuit an t-ionad-so, & an m-boin tucc Dia chuccat ann’. Tainic iar sin áedh mac Míandaig, & ro edhbair do Bhairri Foithrib n-Aedha i Muigh Tuath, & a maincine féin cona cloinn; & tainicc iartain Aedh, & rotn-edhbair cona cloinn a m-bith-dílsi do Bhairri.

Tainicc iar sin aingel Dé día thórromha, & adubairt fris: ‘In annso is áil duit airisiumh’? Adubairt Bairri: ‘Mass edh as áil le Dia, as ann’. Adubairt an t-aingel: ‘Madh sunn thairisi, bidhat úaiti meic bethadh as docum nimhe. Eircc seachat biucc co nuicce an ionadh atátt na h-uiscce iomdha frit anair, & airis ann ar comhairle an Choimdedh, & bidh imdha sruithi & meic bethadh an ionaidh-sin dochum nimhe’.

Tainic iar sin an t-aingel roime gusan ionadh ro cindedh dó o Dhía; & ro thorainn an t-aingel an chill, & ros-bennach, & tarrustair Bairri indti iar sin.

Do-chuaidh Bairri iar sin do Roimh, do ghabail gradh n-espuicc ar áen & Eolang, & M'aedhócc Ferna, & Dauid Cilli Muine, & da manach dec doibh. Grigoir dino, is e ro ba comarba Pettair an ionbaidh-sin. In tan dino tuargaibh Grigoir a lámh ar cind Barra do erleghadh na n-gradh fair, tainic lasar do nimh for an laimh, co n-ebert Grigoir fri Barrai: ‘Eircc dod tigh, & airleghfaidh an Coimde fein gradh n-espuicc fort’.

& as amlaidh ro comhailledh; óir tainicc Barrai dia cill féin, & ro airlegh an Coimdhe fein gradh n-espuicc fair ag an c-crois ar {folio 126a} acchaid an tempaill, bhail in ro h-adhnacht a thaisi iartain; & ro tebrinn ola tria talmain go h-iomdha ann, go t-tainicc tar a assa, & tar assa na sruithi ro bhattar ina fharradh. Ro bennach iar sin Barrai cona sruithibh an chill & an reilecc, & adubhrattar: ‘Imat sruithi do ghres h-i c-Corcaigh’.

Tarrustair iar sin Barrai i c-Corcaigh, & sccol mor do naemhaibh aicce innte .i. Fachtna ro gabh Cill Ria, Eltin mac Cobhthaig ro gabh Cill na h-Indsi; Fergus Findabrach ro gabh Findabair


p.18

na Righ; Condire mac Foirtchirnn ro gabh Tulaigh Ratha. Espucc Libar ro gabh Cill Ia. Espucc Sinell ro gabh Cluain Bruices. Fingin & Trian ro gabsat Domnach Mór Mitaine. Mu Cholmoc mac Grillin ro gabh h-i r-Ross Ailitir, & Fachtna mac Mongaigh beos. Colman espucc ro gabh Ceann Eich; Muadan & Cairpre espuicc ro gabsat Aill Nuaitin. Ro edbairset an fhoirenn-sin uile a c-cella do Dhia & do Bhairri.

Adubairt espucc Mac Cuirp fri Barrai: ‘Madh mo chorp-sa dech fon tálmain sunn ar tús, & madh mh' anam dheachus dochum nimhe, gach aon iaramh at-béla i c-cuairt Corcaighe nís-léicceabh-sa i n-ifern’. Conidh é iaramh espucc Mac Cuirp cedna marbh do-cuaidh fo úir Corcaighe.

Ro ba sniomh la Barrai beith cen anmcarait iar m-bás a shenora. Conidh iar sin do-cuaidh do saigidh Eolaing, & ro fhoillsigh Día do Eolaing Barrai do rochtain cuicce. co n-ebert ría muinntir: ‘Ticfat aidhedha uaisle sunn aniú, & frithailid iat im biadh & im fotraccadh’.

Ro-siacht Barrai iar sin, & do-rala fertigis Eolaing dó, & ro fher failte fris, & adubairt: ‘As fáilidh an senoir fribh; gatar dibh & dénaidh bhar f-fotraccadh’. Adubairt Barrai: ‘As túiseacha dúinn an senoir d' accallaimh’. Do-chúaid an ferthigis do accallaimh Eolaing, & ro innis dó aithescc Bharrai. Adubairt Eolang: ‘Denadh Barrai a fothruccadh ar tús; & do-ghénam iomaccallaimh iar sin. Táed chena imbarach dia reiccles, & ricciubh-sa cuicce h-i cind seachtmaine’.

Ocus isedh on ro comhailledh; {folio 126b} oir tainic Eolang h-i c-cinn seachtmaine co Corcaigh, & ro shlecht fo cétoir do Bharra, & isedh adubairt: ‘Edbraim-si duit-si mo chill, & mo chorp, & m' anmain’. Ro chái Barrai iar sin, & isedh adubairt: ‘Ni h-edh sin ro imráidhius-sa, acht gomadh mé ro edhbradh duit-si mo chill’. At-rubairt Eolang : ‘Bidh amhail at-berim-si bías; óir as h-í toil De. Ocus at ionmhain-si


p.19

ag Dia, & at móa inú-sa; acht cuinghim-si logh m' edhbarta cuccat-sa .i. gurab i n-aen-baile bhes ar n-eiseirge’. Adubairt Barrai: ‘Rot-bia-sa sin; acht am sniomhach-sa fós imon anmchairdes’. Adubairt Eolang: ‘Rot-gebha anmchara do dhiongmala dom laim-si aniú’.

Ocus isedh ón ro comhailledh; úair do-rad Eolang lamh Barrai h-i l-laimh in Coimdhedh budéin ag Ulaidh Eolaing h-i fiadhnaisi aingel & archaingeal, & asedh adubairt: ‘A Coimdhe, geibh cuccat an duine firén-so’. Ocus ro ghabh iar sin an Coimdhe lamh Barra cuicce for nemh. Adubairt immorro Eolang: ‘A Choimde, na beir uaim anosa anti Barrai, go ti aimsera tuaslaicthe a curp.’ Ro leicc an Coimdhe úadh iar sin lamh Barrai. Ocus on ló-sin ni cáemhnaccair nach n-duine feghadh a laimhe ar a taitneimhche; conadh aire-sin no bídh lámhann ima laimh do grés.

Tainicc for menmain do Bharrai tormach taisi naomh do chuinghidh dia reilicc. Tainicc iaramh an t-aingel dia accallaimh, co n-ebert friss: ‘Eircc-si amárach h-i c-crich Ua c-Criomhtainn súas, & ataid taissi espucc ann’. Do-cuaidh Barra iarnamarach do Dhisiurt Mór. co n-aca annsin senadh acc adhnacal na t-taisi dia n-deachaidh-siumh d' iarraidh. ‘Maith sin’, ar Barra fri Fiamma mac n-Eoghain; ‘cidh do-gníther lat annsin’? ‘Isedh so’, ar Fiama; ‘aingel Dé tainic dom accallaimh aráeir, co n-ebert frim teacht ar ceann na t-taisi-so ait i r-rabhatar, co nus-tuccus ass’.

‘As sí sin caingen dom-fucc-sa om tigh’, ol Barrai. ‘Cidh bías ann dino’? ar Fiamma. ‘Ni conntabairt’, ol Barra, ‘leiccfitther duit-si na taissi’. ‘As maith sin’, {folio 127a} ar Fiama, ‘& rot-fía-sa a logh. Bidh lat an baile-so, cona taisibh oniú co brath’. ‘As ced’, ol Barra, ‘bidh maith an baile, & bidh airmittnech a comharba i t-talamh’. Conadh aire-sin ro airiltnighestair Fiama tiodhnacal cuirp Crist do Bharrai h-i l-laithe a eitsechta.

As lir tra tuirim & aisneis, a n-do-róine Dia d' fertaibh & mirbhuilibh ar naemh Barra. Ar ni fhuil neach ele con-ísedh a faisnéis uile mina tísedh féin no aingel Dé dia n-innisin. As lór immorro araidhe an becc-so dibh ar deismirecht: a betha inmedhonach, & a airbert bith cach laithi, a inísle & a umhla, a chendsa & a cáen-bharraighe, a ainmne & a ailgine, a dheirc & a trocaire & a dhilgaidhchi, a áeine & a apstanaint, a ernaighthe grésach, a fhrithaire &


p.20

a menma innithmheach i n-Dia do grés. Ni fhuil nech aile co n-ic a innisin, acht mina tísadh budéin, nó aingel Dé dia innisin.

Ar robtar ili buadha antí naemh Barrai, ar fa fer firen go n-gloine aiccnidh amhail uasal-athair; ba fír-ailithir é amhail Abram; ba cennais, diuit, dilgadhach o chridhe amail Móysi; ba psalm-cetlaidh molbtach togaidhi amail Dauid; fa h-estadh eccna & eolais amail Sholman mac n-Dauid. Fa lestar togaidhe fri fóccra firinne amail Pól n-apstal. Ba fer lan do rath & do deolaidhecht an Spirta Náeimh amail Eoin macan. Ba leoman ar nert & ar chumachta, ba ar órdan & airechus, fri saeradh & dáeradh, fri marbadh & bethuccadh, frí cuibhrech & túaslaccadh. Ba nathair ar tuaicle & treabaire im gach maith; ba colum ar cennsa & diuite a n-aghaidh gacha h-uilc.

Ba h-e an lub-gort caín lán do luibhibh sualcha. Ba h-e an topur glainidhe triasa nighthe pectha in phopail ro erb Dia dó, do lessuccadh ó ghloine a fhoircetail. Ba h-e dino an nell nemhdha triasa tusmidhthea talamh ina h-eccailsi .i. anmannana firen o bráenaibh a forcetail sidhaigh sualtaigh. Ba h-é dino an lochrann órda ro h-adnadh on Spirut Naemh, as a teichit dorcha & targabal i tegdais an Coimdedh .i. isin ecclais. Ba h-e dino {folio 127b} an teine taidhleach go n-gris goirthi & fhadaidh déirci h-i c-cridibh na mac m-bethad. Ba h-e fós an barc bith-buadhach no laadh slogha na n-il-phopal tar ainbhtine an domhain co tracht na h-eccailsi nemhda. Ba h-e dino an fethal coisrecctha an righ nemdha do-gnídh sídh & caon-comrac eter Dia & duine.

Ba h-e dino an t-ard-máer & an rechtaire ro-úasal ro fháid an t-aird-ri nemhdha do thobach císa sualach & soighníomh o clannaibh na n-Gaeidel. Ba h-e dino an lia loghmar o c-cumhdaighthea an ruirthech nemdha. Ba h-e dino an lestar glainidhe triasa toáilte fín-breithre Dé dona h-il-poiplibh filet iarna cul. Ba h-e dino an mor-bhrughaid sona sobhartanach an eccna & in eolais nó ícad bochta na firinne o iomat a forcetail. Ba h-e dino gescca na fír-fínemhna .i. Crist do tharcudh bethaidh & sásadh don domhan. Ba h-é dino an fír-liaigh no ícadh gallra & tedhmanna cuirp & anma gach duine irisigh isin ecclais. Roptar iomdha tra buadha antí naomh Barrai co na cumaing duine a tuiremh ar a n-iomat.

Atad seacht míorbuili rele sunn, it e ro tionnlaic Dia do Bairri naemh seach na h-uile naemha ele .i. labhra dó ríana ghein


p.21

i m-broinn a mháthar; & labairt dino fhollus ele fo cettóir iarna ghein ria n-aimsir cóir; & edhbairt dó riana bhathais; & ferta do denamh dó gan a ettarguidhe impu; & aingil no beirtis h-é gach conair no téighedh, & no bíttis ina coimhitteacht; & Eolang do thabairt a laimhe i l-laimh n-Dé; & dá lá décc don gréin iarna écc gan a dorchughad o nellaibh; & dreimire óir do bheith ina ecclais do airicill na n-anmand naemh trit docum nimhe, amail at-connairc Fursa craibtech indsin.

O thainic tra laithi etsechta an fhir for a rabhatar na h-ilbuadha-sin .i. antí naemh Barra, iar n-íc do dall & clamh & bacach & bodhar & amlobhar, & áesa gacha h-inlubhra arcena; iar fotuccadh ceall {folio 128a} & recclés & mainistreach imdha do Dia; & iar n-oirdnedh inntibh-sein epscop & shaccart & áesa gacha graidh arcena, fri h-ongadh, & cosmadh, & coisreccadh, & bennachad tuath & cenel, fri bathais, & chomna, & anmchairdes, & foirchetal, & coimhett irse & creidmhe isna criochaibh-sin do grés, do-chúaidh iaramh Barrai do Chill na Cluaine do accallaimh Cormaic & Baithine.

Do-rocht immorro Fiamma ina comhdhail-siumh go Cill na Clúaine, go ro bhennach cach dibh dia 'roile ina m-braithribh naemhaibh; & do raidh Barra friu-somh: ‘As mithig damh-sa mo thúasluccad a carcair cuirp & teacht dochum an righ memhdha fil occam thogairm cuicce anosa’. Ro gabh iaramh Barrai sacarfaic annsin do laimh Fiama, & ro fáoidh a spirat dochum nimhe occan c-crois i medhon Cille na Cluaine.

Teccait iar sin a mhanaigh & a dheiscipuil, & senadh ceall Desmuman do thórromha & d' onóruccadh cuirp a maighistreach .i. antí naemh Barra, & non-berat léo co h-ionad a eiseirghe .i. Corcach.

Ro sínedh trá dona sruithibh an lá-sin .i. lá eitsechta antí náem Barra; nír leícc Día gréin fo talmain da la décc iar sin .i. an céin ro bhattar senadha cheall Desmuman im corp a maighistreach d' iomnaibh & psalmaibh, & aifrennaibh & ceilebhartaibh. Teccait dino aingil nimhe i frestal a anma, & nos-berat leo co n-onóir & airmittin docum nimhe, bail i t-taitne amail grein i n-aentaidh uasal-aithrech & fáthu, i n-aentaidh apstal & deiscipul Ísa, i n-aentaidh noi n-gradh nimhe na dernsat imarbus, i n-aentaidh diadhachta & daennachta


p.22

Meic De, i n-áentaidh as uaisle gach n-áentaidh, i n-áentaidh na naemh-Trinoitte, Athair, Mac, & Spirat Naomh. Amen. Finit.

2