Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 129

ARD RUIDE

¶1] Eochaid mór mac Luigdech meic Laisre meic Troitha meic Deirgthened cona brathrib, is acco bái int airechas mór i n-Ard Ruide, dia roráid Find:

    1. Trí tuili
      bít i n-dún Ardda Ruidi,
      tuile ócán, tuile ech,
      tuile mílchon meic Luigdech.
    2. Trí ceóla
      bít 'ca ríg, ségda sodain,
      ceól crott, ceól timpán, comaig,
      dord Fir Thuinne meic Throgain.
    3. Trí gáire
      bít ann cen úair do therca,
      gáir chetnata da fhaithche,
      gáir graifne, ocus gáir erca.
    4. Trí gáire,
      gáir a mucc n-dronnmar n-dega,
      gáir a shlúaig ós blai bruidne,
      gáir muirne ocus gáir meda.
    5. Trí cnúasa
      bítis ann úasa shlattaib,
      cnúas ic tuitim, foram ngnáth,
      cnúas fo bláth is cnúas abbaig.
    6. Trí meic rofhácaib Lugaid
      cársat rulaid a febda,
      Ruide mac Luigdech lethain,
      Eochaid is Fíacho ferda.

    7. p.370

    8. Dobér-sa teist ar Ruidi
      cus' tecat na trí tuili,
      nech ní rér Ruide im ní ríam,
      ocus ní ríarr ní ar duine.
    9. Dobér-sa teist ar Eochaid
      ná deochaid traigid madma,
      nad epert ríam ní bad gó,
      ná baí bad mó bad amra.
    10. Dobér-sa teist ar Fhíacho,
      cársat rulaid a fhebda,
      ná baí cen airfitiud gnáth,
      ná baí tráth cen ól corma.
    11. Tricha ruirech, tricha níad,
      tricha tríath, ba foram rí:
      ba h-é lín a shlúaig thrétaig
      tricha do chétaib fo thrí. Trí.