Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 127

SNÁM DÁ ÉN

¶1] Snámh Dá Én cidh día tá? Ní ansa. Nar mac Feic meic Imcadha meic Conaill cernaigh robáei i cóicedh Olnécmacht. Esten ban-fhénidh is sí bá ban-chéle. Ba lendán di-sidhe Buidhe mac Derc a Crúachán Duibthíre. Nothathaighedh iarom Buidhi ocus a chomalta .i. Luán mac Lughair meic Luigheach ir-richt dá én co h-Estin ocus nochantaís céol sirrechtach don tshluagh, conoscuiredh a suán. In tan iarom ba codludh dóibh notheightis ina rechtaib fén andsidhe, ocus nocodladh Buidhe fri h-Estin. Rofhíarfacht Nar día drúidh can asa tigtis na h-eono út co h-Éstin. Roinnis in drái do corb íat bái ir-rechtaibh na n-én .i. Buidhe ocus Luan. Tancadar iaromh arnamarach for Sinaind co m-batar oc snám fuirre. Luidh Estin 'na comdháil. Tic Nár fora culo ocus nosdibraic na h-eona, condaromarb d' áen-urchur. Conidh on tshnamh sin dorónsat na h-eóin fair raiter Snam Dá Én de. Fágaibhther dano betha bec a Luán ocus luidh-sidhe lam fri sruth conérbailt oc Áth Luán, conidh uadh ainmnighther an t-áth. Luidh dano Estin co Magh n-Estin co n-apadh ann, conidh uaidhe raiter Magh n-Eistin. Marb dano Nar do cumaigh a mhná oc Móin Tíre Náir, conidh desin asbert an senchaidh:

    1. Is de sin atá Áth Lúain
      is Snamh Da Én fri h-aen-uair,
      is Móin Tire Nair, niamhdha an dal,
      is Mag n-Estin re imradh.

¶2] No dano as de ata Snamh Dá Én fair .i. dia n-derna Conán mil-bél mac an Daghdha ocus Ferdoman mac Ronáin, ocus Aedh


p.352

rind ainm ele dó, comruc and im Chelg ingin Fherrdomain rochuindigh Conán ocus dobreth Ferrdomhan éra fair. Ar isedh rotairrngiredh dó bass d' fhagbail an tan rofáifedh a ingen fria fear, conidh uime sin na tabradh-sam a ingin d' fhir. Rofogair dano Conán comruc for Fherrdomhun ar dorad eiteach fair ma ingen. Tangadar iarom a dha chomalta do shaidhthin Chonáin ir-rechtaib da én o Sídh Ban Fínd do chongnam leis .i. Remur ocus Cael a n-anmann. Robatar íarom ic snamh na linne na fiadhnaise, ocus comadh on tshnamh-sin adbertha Snamh Dá Én dhe. Lotar a sidhe ir-rechtaibh dá chon. Dorónadh iarom an comruc, ocus dorochradar a cethrar comthoitim ann. Conidh desin adberar Snamh Da Én ocus Ailén an Comraic ocus Inber Cháil.
    1. Snám Da Én, na éoin diatá
      sloindfet duib can immarga,
      senchas sár confeith in slúag
      inní datá in Snam sir-buad.
    2. Nár mac Feíc meic Conaill chais,
      nírsat briathra fir anbais,
      rob í a cheile, cáem in ben,
      Estiu in ban-fhennid bith-gel.
    3. Buidi mac Deirg co nníri
      a Cruachánaib Dubthiri
      ba lennan d' Estin amra
      Budi mac Deirg dath-calma.
    4. Budi mac Deirg dian-garta
      ocus Lúan a chomalta
      ir-richt da én, aebda sin,
      tictis co h-Estin imglain.
    5. Andsin dochantais don tshlúag
      ceol seng sírechtach sir-búan
      co cotlad in slúag uile
      risin ceol na síd-chuire.

    6. p.354

    7. Trath nachotlad cáth do chéin
      tictis 'na rechtaib fadéin:
      dobid Buide, nir deccair,
      is Estiu i n-oenlepaid.
    8. Andsin rosiarfaigend Nár
      dia druid, ba dichra in comrád,
      ca bale assa tecat na h-eóin
      co h-Estin alaind ard-móir?
    9. Is andsin atbert in drúi:
      ‘ni chélam-ni ort a rí;’
      is iat na h-eoin dothaet and,
      ‘Bude ocus Lúan nach lán-mall.’
    10. Andsin tecait forsin n-áth,
      immar nathictis co gnáth:
      ní-ma-tancatar 'na n-dáil:
      luid Estiu issin comdail.
    11. Téit mac meic Conaill Cernaig
      ara n-druim, ba mór d' erbaid,
      co rodibairg, trén a cur,
      corosmarb do en-urchur.
    12. Facthair bethu bec il-Lúan,
      cor-ránic in n-ath n-induar,
      ocus 'conn áth túas atbath
      Lúan mac Lugair meic Lugdach.
    13. Luid Estiu lám frisin sruth
      ocus nir garit in ruth:
      is úadi sluinter in mag,
      bail is marb im-maig Eisten.
    14. Luid Nár co Tír innaír
      ar cinniud ara comdáil;
      is marb do chumaid a mná
      Nár mac Feic, fer ná terna.

    15. p.356

    16. Is desin ata Áth Lúain
      is Snám Da Én ri h-oen-úair,
      is Móin Tíri Náir, niamda in dál,
      is Mag n-Esten Sinna na snám. S.
    17. Ata senchas aile dó,
      cia 'dera ní h-imargó,
      ocus is fír cechtar de,
      cia bether 'ca innise.
    18. Aed mac Rónain cor-rathaib
      Find romarb a deg-athair:
      desin ba foglaid dond Fheín
      Aed rind mac Rónain rogéir.
    19. Aed mac Rónáin meic Aeda
      meic Imchada, ba h-aebda,
      is meic Laigsig, láthar n-dil,
      meic Conaill meic Amairgin:
    20. Cét n-armach n-álaind n-argda
      im thrí rígaib rogarga
      i torchair leis, mod cose,
      co cath Masten mór-gairge.
    21. Trath romemaid in cath
      ar Aed am-Mastin immach,
      focraid comrac oen-fhir úad,
      forin Feín, ba feidm fír-búan.
    22. Aed is Fiachu is Cu Lagen
      rosmarb ar galaib dag-fher,
      ocus nír thairind a laím
      Aed mac Rónáin co rograín.
    23. Da m-bet co bráth forin chnucc
      Aed rind, ropo rigda a chucht,
      nocon fhuair fer 'na agaid
      Áed mac Ronáin rorebaig.

    24. p.358

    25. Is and roerig Find féin
      in trath rofhemmid in Féin:
      rogab a armu uile
      Find mac Cumaill Almaine.
    26. Is and asbert Cailti cáid
      ‘a Fhind tairind do throm-gáir!’
      ‘comrac oen-fhir, aidblib ngleo,’
      ‘nitricfa céin beor-sa beó.’
    27. Is andsin atrubairt Find
      fri Cáilte ait bai asa chind,
      ‘ni ferr lim-sa th' ascin marb’
      ‘inna me féin tria chruad-arm.’
    28. Asbert Cailti, cruaid a chrí;
      ‘na geib-siu acut, a rí,’
      ‘a chend for Áed co h-ellam,’
      ‘is missi do dichennad.’
    29. Asbert Aedán mac Deirg dein,
      asbert Aed cul-dub cen chéill,
      rodingebtáis díb Aed rind;
      is friu thanic a imchimm.
    30. ‘Ciar maith Aedán, ciar maith Aed,’
      ‘ciarb inmain let iat ar óen,’
      ‘im ferr-sa re h-uair ngaile’
      ‘oc ascin na h-irgaile.’
    31. ‘Nach facci na tri curaid?’
      ‘dar lem is mor romudaig,’
      ‘ni thanic im Fhein cose’
      ‘triar aile bud ágmaire.’
    32. ‘Na h-apair-siu sein, a rí!’
      ‘ciarbtar inmain let-su th' úi;’
      ‘im ferr-sa uair cinnim cath’
      ‘indá ind ócbad amulchach.’

    33. p.360

    34. ‘Narb aichnid duit Nechtain nár?’
      ‘narb aichnid duit lúas a da lám?’
      ‘ba comlund cét cirthi cráeb,’
      ‘arapa raforraig Áed.’
    35. ‘Dard laim-siu, a Fhind aidblib níad,’
      ‘darm gae, darm chlaideb, darm scíath,’
      ‘noco geib armu fri fecht
      ‘láech frisimbia mo thig-lecht.’
    36. Berid Cailte ceím neime
      ina stuaig thruim tentide,
      co tarla dó forsin maig
      ocus mac Eónain raglain.
    37. Is and atrubairt Cailte
      ‘ina n-dernais ní maítte,’
      ‘rofaethais féin innossa’
      ‘ma darónais erndmossa.’
    38. Is and atrubairt Aed rind
      ‘ni maith cath can choma tind:’
      ‘gebat síd is erge de’
      ‘da fagtha dam, a Chailte!’
    39. Atrubairt fris Cailte cáid
      ‘cuir uait t' armu, tair im dáil,’
      ‘tairchi arm fhoesum, mad maith latt,’
      ‘co raccillem in n-airecht.’
    40. Andsin nostecat ar óen
      Cailte coscrach ocus Aed:
      rop ingnad ri fiannaib Find
      damthain d' Áed d' fhir in h-Erind.
    41. Is and atrubairt Find Fáil
      ‘im fáilid frib cen rograín;’
      ‘fota atáthi for sessam,’
      ‘ní maith aicned anfossad.’

    42. p.362

    43. ‘Ní shuidiub,’ ar Cailte cáem,
      ‘ocus noco suidfe Áed,’
      ‘Noco tartar a fherand do Áed,’
      ‘co fagba tuilled ré táeb.’
    44. Dorat a laim il-laím Find,
      is nir doraid dó, dar lind;
      is fuair a fherand uile
      Aed mac Rónáin in ruire.
    45. Selat dó 'sin tshíd rodnalt;
      sel dó ic Find i comaitecht;
      cor' fher eter dá domon,
      corb ainm dó feín Ferdomon.
    46. Masc ingen Maigni míadaig
      robúi oc Aed isna Fiannaib;
      di ba cland, ba cáem in ben,
      Énán ocus Celg caem-gel.
    47. Cach fer nochunged Cheilg cáemi
      ba dó féin a domaeni:
      an-nirt oen-fhir cen omun
      rothuitted la Ferdomún.
    48. Caraid Ossin mac Find
      Ceilg ingin Aeda alaind;
      ocus nocor lam a lúad,
      rop ecal leis Aed arm-ruad.
    49. Conán mac in Dagdai déin,
      atrubairt riss Ossin fodéin
      ‘Cunnig Ceilg, ársit cara,’
      ‘na rabais i n-oentama.’
    50. And sin érgis is' tig óil
      Conán mil-bél, mó cech glóir,
      Cor chunnig co tend Ceilg
      [gap: extent: monosyllablic word]

      for Aed aít imbái in mor-shluag.

    51. p.364

    52. ‘Dober-sa duit,’ ar Aed rind,
      ‘comrac oenfhír innisim,’
      ‘ocus nocon fhaigbe mnái’
      ‘a Chonaín meic in Dagdái.’
    53. Noscoisc Find ba ferr san tshlúag,
      con-nacharlaimed a lúad,
      con-narchumnig nechtar de
      úair baeth briathra brócoite.
    54. Bliadain i Formáil na Fían
      d' Ossín cen dul sair no síar:
      issed nasfast, forom [dot ]grind,
      serc ingini Aeda rind.
    55. Tecaiscid Ossín co h-án
      ar in curaid, ar Chonán,
      co tanic a ferg co trén
      do Chonan molbthach mil-bél.
    56. Atbert riss Ossín mac Find:
      ‘córu duit ferg fri Aed rind,’
      ‘rofhócair fhort ina thig,’
      ‘rotérastar mo ingin.’
    57. Luid Conán, ba crúaid in fis,
      co fuair Aed rind ina liss,
      corochunnig fair cert claidib
      no ingin co imdemin.
    58. Lotar bale ir-rabi ind Fhían
      ocus Find féin i nGarbdfhíad:
      leicid-sium dóib, feib ba gnath,
      comrac oen-fhir forsinn áth.
    59. Remur is Cáel, na da cranna,
      da mac Medbi is Ailella
      oen-ben rostuargaib cen tár
      's in caur comramach Conán.

    60. p.366

    61. Tancatar as Síd Ban Find
      ir-richt da én os cach dind;
      sna´t in sruth, súairc in dál,
      is on tshnám atá in Snám. S.
    62. Ir-rechtaib da chon co Áed
      dolluid Remur ocus Cáel,
      co rabatar 'ca mescad
      is Conan 'ca chruad-tescad.
    63. Nocor chomrac oen-fhir d' Áed
      Remur is Conán is Cáel:
      atrochratar a cethrur,
      rop h-í inn irgal imathlum.
    64. Conan is Aed rind nar-ríad
      rohadnaccit i nGargdiad;
      ic Áth Chind Gargden cen gád
      etarru siar issin Snám. S.