Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 126
DRUIM N-ASSAIL
- Druim n-Assail, iarfaigther dam
cid diatá in tilach thond-glan?
dund fir rothreb fora fhoír
diatá Assal mac Umóir.
- Acus meic Umoir uile,
cade a slonnud ar suide?
cade a craeb choibniusa immach,
acht mad fine Fomorach?
- Fer díb-side, Assal ard,
dessid uasin druim dron-ard
im-medón Muman, miad ngle,
uas Chliu Máil meic Úgaine.
- Adaig luid Fergus mac Róig
do thig Assail meic Umóir:
ferais Assal failte fris,
Muchen duit, dia caemsimmis.
p.348
- Cid, ar Fergus, cid diatái?
du menma cid araclóe?
Innocht, ar Assal,mu brath,
itá i tucthin mo marbath.
- Ni rag-sa, ar Fergus, istech:
ní maith aíge anairech:
rout, a gillai, dar druim sair,
scuir in carpat iar sodain.
- Áth Carpait Fergusa itá
aness do tháib na tulcha:
dessid and ed bec ón rót:
bai fer ocon fhorcomeót.
- Im-medón aidchi tic dám
assin tír dianid ainm Espán:
suil dressed súas, fír raclos,
bái tricha gae i Fergos.
- Atnaig Fergus na ferga
imna rennaib roderga,
marbais tricha díb didu,
rofacaib 'na chró-ligu.
- Tiagait ass na slóig iar sain,
gabait tall im thech n-Assail,
co rucsat cend Assail áin
ó h-Érind co h-Espáin.
- Othrais Fergus ilair ngal
i tig Conchind meic Dedad:
tanic Cú Rúi d' fhis scél
otá tír Franc cu fortrén.
- Accaínis a imned fris
Fergus fri mál Maige Mis,
co n-deochatar dib línaib
ir-rocheín dia rodigail.
p.350
- Cathir in ríg ruc in cend
tanic dias trén 'na thimchell,
muchsat marbsat immon ríg
in slóg direcra dírim.
- Co tucsat leo na da cend
ó h-Espáin co tír nh-Erend,
cend in ríg ronert innair,
cend n-Assail co Druim n-Assail. D.