Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 101

DRUIM TAIRLEIME

¶1] Druim Thairleme, cidh diatá? Ní ansa. Lía labar robaí and ó aímsir Thúaithe Dé Danann, & demun doberedh fregartha dó ass. Co n-apradh fri cach n-áen tairisem oca dia adhradh. Co tairb-lingedh cach aen nótheighedh seacha oca co m-bidís icá adhradh. Co rofhás desin coná téd neach ósin ille isin telaigh cen tairlem innte, amail budh ges dóib techt sece cen airisim ínnte. Conidh ón tairlem-sin rofhás Druim Thairléme do radh frisin tulaig osin ille.