Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 99

MAG MUIRTHEMNE

¶1] Magh Muirtemne, cidh diatá? Ní ansa. Tricha blíadan íar n-dilind baí muir thairis, conidh de adberar Murthemne de. .i. temhe (?) in mara, nó fo scemil mara h-é. Nó mur draidhechta baí fair co muir-selche ann co n-aicnedh suightheach lais. Consuighedh in fer cona armgaiscedh chuige, co m-bidh for lár a ustudh-builg. Co táinic in Dagdha & a lorg anfaidh 'na laim & rothom uadh for an muir-tshelche & rochan na bríathra-sa. ‘Taí do chenn cúasachtach. Taí do chorp císachtach. Toí do thul toghuidhe. Báig thúaigh.’ Co rothraigh an muir-tshelche desin cosin muir n-druidhechta & comadh desin adbertha Mag Murthemne de.


p.296