Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 98

ÚAIG BÚANA

¶1] Uaigh Buana, cidh diatá? Ní ansa. Búan inghen Saméra dodhechaidh a n-deghaidh Chonculainn, dia n-deachatar triúr do chosnam an míre curadh .i. Laeghaire & Conall & Cúchulainn. Forfemdhes breth uime doib a n-Emain Macha, co túdchadar a fuighellaibh Cruachan. Foréimidh-sidhe dano, co ronerb co Samér do Eas Ruaidh, condacertsidhe iarom dóib, & dolotar fo chórai uadh. Luidh fer dib for Ess Ruaidh .i. Laeghaire. Luidh fer ele for Snamh Rathaind .i. Conall, & a ara Rathann is ann conapadh for Líg Rathain. Luidh ingen Saméra for lorcc na trí carpad. Athgeóin slicht fonnaigh Chonculainn, fódaigh nach sed cumang notheigedh. Rochlaidhedh na múra, & nofhairsingedh & nolingedh da gach thelaigh for araile. Roleblaing sí lem n-úathmar ina dhíaidh-seom, co n-ecmaing a tul imón all dofuiris in carpat. Conidh desin ainmnighther Uaigh Búana.