Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 88

SLIAB BADBGNA

¶1] Sliab Badhna, cidh díatá? Ní ansa. Día tangadar Fomóraigh a tochosal chatha Muighi Turedh, tangadar ann na cethri righ-fheinnigh .i. Goll & Irgholl, Omna & Badhgna, ceithri meic Innigh meic Tuire thort-builligh. O romebaigh in cath íarom for Fomoraibh rolen cach a toghraím asin cath. Dorochair Goll & Irgholl fora sleib, conidh úaidhibh raiter Slíab nGuill & Slíab n-Irghuill. Docher Omna fora áth, conidh uadh Ath Omna for Buíll. Robith Badhghna ina sleib i n-airrthiur in tshlebe, conidh uadh raiter Slíab Baghna. Dorochair dono Fer Dá Laarc oc Buill, conidh uadh raiter Ath Dá Laarg for Buíll. La Lugh lámh-fhada atorchradar. Atorchair Clárach a Corann, conidh uadh raiter Clárach. Cnamha a Cuil Cnamha.