¶1] Ath Crocha, cidh diatá? Ní ansa. Croch mór mac Daíre dornnmaír do Chlandaib Deadhadh atorchar ann la Coinculaind mac Sualtaimh for cath Finnchoradh, a quo Ath Crócha nominatur. Nó Crochán cenn-derg romarbsat Maic Morna ann, día n-debradh:
- Atorchair leo na h-inis
a siúr budhén Maighinis:
atorchair ann Cróch na celc
's a ingen Cróchu cenn-derg.
¶2] Et Maighinis ingen Garaigh glún-mháir romarbadh a Maighinis, conidh uaithe roghab ainmniugadh, & Cróch cenn-derg, & a ingen Crócha forsin áth út, conidh uaidhibh roghabh a n-ainm Ath Crócha.