Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 74

CNUCHA I

  1. Cnucha, canas rohainmnighedh? Ní ansa. Dia tangadar cóic meic Deala meic Lóith co h-Erinn, Gann & Genann, Rudraighe & Sengann & Slaine. Doradsad cóic righna leo .i. Fuat ben tShlaíne, a qua nominatur Slíab Fúait & Inis Fuata. Étar ben Gainn, isí adbath a n-Édar, & is uaithi ainmnighther Edar. Anust ben tSengainn, Liber ben Rudraighe, Cnucha ben Genaind, issi conabudh isin tulaigh sin & is innti roadhnacht, conidh uaithi raiter Cnucha frisin tulaigh, dia n-debradh:
  2. Coic mna tucsadar ille
    coic meic Deala co n-duilghe:
    da mnái dibh Cnucha co m-bladh
    is Étar étrocht imghlan.
  3. Adbath Cnucha sunna trá
    'sin chnuc fria n-abar Cnucha:
    adbath Étar ben Ghaind glúair
    a mBenn Étar fri h-aen-úair.
  4. Desin atá Étar án
    is Cnucha cétach comlán
    is Inis Fuada gan ail
    ocus Sliab Fúait co mor-blaigh.