Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 73

MAG NDUMACH

  1. Tír Úa Failge, fót na fían,
    in rót ríam co raibne rán,
    maigen daig-fher dénma dúan,
    in dara slúag Laigen lán,
  2. Life, Léige, Lechet lór,
    Réire, Rechet, Ross Mór mín,
    Géisille, im glaine gort ngúr,
    ocus Múr Dá Maige mín,
  3. Mag ocus móin, móin is fid,
    fid ocus móin, móin is mag,
    gaible ocus gaí glas dían-gon,
    gaí glas dían-gon, gaible glan.
  4. Éremón is Éber úais,
    rosglúais gaisced glé-mer gléis
    imon raind raindset na ríg:
    maraid 'ca síl tara n-éis.
  5. Ro thríallsat a rainn 'malle
    Érenn, iar tomus chrainn gaí,
    im thrí druimnib, soillse sét,
    co trichait cét for cach n-aí:
  6. Druim Cresaig, cert Maine múaid,
    Druim Bethach fo baile bríg,
    Druira Fingin i Mumain móir,
    fotha bunaid bróin don bríg.
  7. Atbert Éber, úair nár fhír,
    co lín a nglond nglé-mer nglúair,
    bec leis áen-druim aige díb
    ocus a dó 'sin tír thúaid,
  8. Atbert Éremón cen úath
    do glé-medón Gáedel ngnáth
    coná d' athchlaind mar dochúaid,
    ná bad athraind úaid co bráth.

  9. p.262

  10. Atbert Éber, úair nár ming,
    ‘Nímba féimed, óir ním fand:’
    ‘mina raindter ar mo rath’
    ‘dobérthar cath tara chend.’
  11. ‘Do chath i cind mís ó 'niu’
    ar Éremón, ‘tri chís cró’
    ‘co Tóchar eter Dá Mag’
    ‘co brú Brí Dam, toisc nad gó.’
  12. Tinólais Éber andess
    cona thress trén-fher 'na ais,
    co slúagaib in descirt déin
    ó Ath Clíath co Loch Léin lais.
  13. Atracht Éremón co n-ír
    do glé-medón Gáedel nglúar
    ó Shrúib Brain co Brig Molt moch,
    ó Chrúaich Aigle co Loch Cúan.
  14. Co ráncatar in dá ríg
    'sin tír táncatar na slúaig:
    romebaid in cath fodess
    óir ba trumma in tress atúaid.
  15. Tóchar mór itir Dá Mag
    's a chlad fri bóthar anair,
    Éber mac Míled rosmert
    is dia lecht indister sain.
  16. Slige fhlatha Lugach lán
    Mag nDumach na n-dám dar dúal,
    at imda and duma n-dúr
    'na múr ar marbad na slúag.
  17. Resíu ba Mag nDumach n-dúr
    airm ir-rubad in rí rán
    a ainm Mag Tendais na n-uch
    co n-imad guth ocus gár.

  18. p.264

  19. Adrochair Palap don glíaid
    mac Éremóin áin cach thír
    la Conmáel mac Ébir uill
    ar taidecht ó thuinn do thír. Tír.