Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 69
LÉGE
- Senchas Lége, láthar sain
il-laídib is il-lebraib,
is léir amail érnid ass
do réir in légnid légas.
- Líag ingen Trescait trebair,
maic Throscaig búain, maic Belaig,
maic Booz, maic Agaill uird,
maic Malairn, is maic Licuirb,
- Maic Siabairt, maic Claraig cuir,
maic Coltaig, is maic Smirduib,
maic Mercill, maic Lecduib luind,
maic Iachduib, is maic Libuirn,
p.248
- Maic Lathairn, ris' lúate uilc,
maic Soailt, is maic Sibuirt,
maic Succait, maic Stairn fhíaclaig,
maic Sailt chláraig crúaid-íachtaig,
- Maic Cairr, maic Fuit, maic Ifit,
maic Filist, ba feidm trichait,
maic Cáim na clóë can scíath,
maic Nóë, is maic Lamíach.
- Genelach Lége, is lór dam,
ó Threscait co Nóe nertmar,
do réir na n-eólach cáem cass,
treórach ní sáeb ín senchass.
- Líag ainm na mná ba mer,
siur do Morc, mór-mac Deled;
bráthair don mnaí molamm immaig
Conand mac fergach Fáebair.
- Líag ropo lán, dar lib,
fofúair cánaid ó chardib:
for Érinn rop fíach fri h-ed,
trí coícait líag cach thened.
- Is iat tuc in cánaid cóir
don mnaí dífhrecra dímóir,
Conand mac Fáebair na fled
ocus Morc mór-mac Deled.
- Is úadib tucad in cháin,
ó Chlaind Nemid in nert-gáid,
ó Shemión, ó Fhergus ard,
ís ó Erglan fhíal fhír-garg.
p.250
- In cháin sin rocummad and
trí coícait líag, nír lán-gand:
dá trian d' arbar is imm oll,
in tres trian linn do lommomm.
- Ropo throm la Claind Nemid
in cháin-sin, ba dluig debig,
cor' fhúacratar cath cen chlód
for Morc, for Conand cend-mór.
- Tancatar do chur chatha
na fir sin, ba réim ratha,
co fúaratar Léig labair,
co ruc béim ó bidbadaib.
- Fergus leth-derg, rosloit sin
conosfargaib cen anmain,
mod nárbo thacha dia thig,
ria cur catha ria cairdib.
- Rochuindig for Fergus find,
mar ná beth cend ósa chind,
co m-beth ria gairm-si, ba glond,
a h-ainm-si forsin ferond.
- Arsin rocuired in cath
do fhúatuch na Fomórach:
ba rogarb araí in robud
arin mnaí do mudogud.
- In cath rolád, leth for leth,
ba cummasc claideb is cleth,
i torchair Morc, mór a blad,
ocus Conand na comram.
p.252
- Diar' marbad Conand 'sin chath
ocus Morc, ba móti in rath,
diar' fúabairthe isna h-áraib
rofúataigthe Fomáraig.
- Fríth sund in senchas cose
dia fail Lége for Lége:
ar nech ná celid co cass:
is demin a dind-shenchass. S.