Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 68
BILE TORTAN
Ultan
- Bile Tortan dorochair,
doruart mór sín dia eochair:
cian comdatar minnain fris,
ba amne noscarfaitis.
Mochuma
- Bile Tortan tarcai tres
lúadaid fri gáetha graifnes:
atá sunn ón úair ba glass
cosin lathe bas n-aithmess.
Mochúa Clúana Dolcan
- Brónaig fir Thortan uile
ac caíned in óen-bile:
annsa dóib aní n-adchíat
do ní uili nádunbíat.
Cróin Galma
- Fir Thortan dia fertais dál
'mon crann n-deligthe n-dermár,
nícostaidled siled sín
cosin lathe bad erchrín.
p.242
Colum Cille
- Cía rocrínad nírbo rom,
cían úad ótá ar domun:
in Rí dorósat a chrí
rofuirim afrithisi.
Ultan Tige Túa
- Coíca ed remet in chrainn
dercad tar feda fír-druing,
ocus trí cét, comul nglé,
hi lán-airde a fhidbaide.
Mochuma
- Trí dindgna Erenn, doscí,
roscarsat fri trebairi:
Eó Rossa, Eó Mugna múad
ocus Eó Tortan táeb-rúad.
Mochúa
- Bile Tortan, trom a fhúaim
fri h-ainciss síne rorúaid:
rolá sunn mór saithe de
osnad gáeithe gem-aidche.
Ultán úa Conchobair
- Rogab foss ós Tortain truimm
ó ré mac Míled mór-uill
co torchair, tan rosaí a gné,
hi ré mac n-Áeda Sláine.
Cróin Galma
- Gáeth dorascair in bile,
ní fulaing nach dían cride,
co foraim trí coícta troch
do Chonaillib 'na n óenoch.
Sinche ó Chillín Íchtair Thíre
- Cía nodbena-su, a chaillech,
brosna dia ind fort tellach,
is mór do maccaib cóemaib
conatail foa glan-chróebaib.
p.244
Ultán Tige Túa
- In ben roscaíl a moing find
roscaíl mór cuarán cóem-grind:
is cass conatbi a gen
iar fuirmed Bili Tortan. Bile Tortan.
Cróin Galma
- Dotuit uile frismbí súil:
confersat gletin rodúir:
ní thall in gáeth láma de
co foraim bága in bile. B.
Mochúa
- Atá erchra ar gach rét
cid fir domuin, tíagait éc:
is úr derg, is crín a chré,
cach lucht robuí 'mon m-bile. B.
Ultán
- Mag Tortan, is mag cen chend
ó doroscar fria chóem-chrand:
dá trían a shochair luid de
ó dorochair in bile. B.
Torannán Tulcha
- Immarmus Adáim anall
romelt maccu na sáer-chlann:
is ed díl rontá-ne de
iar crínad a sár-bile. B.
Colum Cille
- Fás Ochann is Tlachtga án
d' éis Ailella na trom-dám,
mac Nathí, réided Mide,
ní frithirt is óen-bile. B.
Mochúa
- Is mé Mochúa, adbiur fri Cróin
ná dénad toirsi n-dímóir:
a frémaib in chrainn col-lí
noásfaitis il-bili. B.
p.246
Colum Cille
- Bá-sa laithe i n-óen na sam
ocond fhidbaid na n-dlochtan,
dorignius ní bad toisc dam,
romdín barr Bili Tortan. B.
Mochuma
- Nímtha díl cía feraid gen
gáeithe fri feda fortan:
indíu óen-banscál conben
brosna do Bile Tortan. B.
Ultán
- Cía roben gáeth cluiche friss,
hi céin ba h-óc ní rombriss:
do thalmain tairind cach sen:
tathum do Bile Tortan. Bile Tortan.5