Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 65
DRUIM SÚAMAIG I
- Druim Súamaig, dara saigid,
co slúagaib, co sídchairib,
fon druim dúanach co n-duba
fail Súamach mac Samguba.
- Ba fáith, ba fili, fír dam,
ba suí, ba sencha solam,
Súamach, cen chaite caccaid,
aite ríam do ríg-maccaib.
p.236
- Ingen Gaimgelta, in glúair glé,
meic Rodba meic Thúaig Tuile,
Caindlech, nírb étig ria h-ail,
ba sí sin sétig Súamaich.
- Altsat a n-dís immalle
Cormac, cond na loingse-se,
mac ríg Ulad co n-úath-bla,
hi crích curad cáem-Chrúachna.
- Diar' chechaing Cormac aníar,
in borr-shlat cosin bláth-níam,
ó Chrúachain, nach rabáid blad,
do gabáil ríge n-Ulad;
- Ó rosíacht bruidin na m-breth
Cormac, duilig a debech,
Da Choca, cen tlás temil,
fúair bas ocus beó-thenid.
- Cechaing Súamach dar cach sruth
dia aurgaire, dia astud,
is a ainder ér arnaid
co Tulaig nDér n-dron-adbail.
- Déra in Dagdai, díles dó,
ic caíniud Áeda ó Áth Nó:
roscí rí Cuilt, in curaid,
ina thuirt 'sin trom-thulaig.
- Ó doríacht cen laice ille
aite in maic maith 's a muime,
adcíat in daigid n-duilig
'na brainig don beó-bruidin.
- Díaid oirgne Cormaic adciu,
ol Súamach, ic serb-laigiu:
dalta romdechair cose,
ní béo im bethaid dia ésse.
p.238
- Ronguil Caindlech, cruth rochar
is roscaíl a folt find-glan:
fúair a tairnem, a tuirim
i n-Ard Chaindlech comduilig.
- Comainm na cnoc, ní celar,
ó díth na deise atberar:
réil cen min-dergnas don maig
dindshenchas Dromma Súamaig. D.