Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 62

BRÍ LÉITH

  1. Mebuir lemm aní dia fail
    senchas Brí Léith meic Celtchair
    ocus díach na slúag-bann slan
    for Líath Cúalann na comdál.
  2. Líath mac Celtchair Chúalann chóir
    carais ingin Midir móir,
    Brí brúach-bricc búadaig co m-blaid:
    nídusráinic mac Celtchair.
  3. Ní baí bad chaíme 'na ré
    bad saíre, bad súlchaire:
    cor' char in didil nár duí
    ingin Midir maic Induí.
  4. Cechaing 'na báig Brí in ben
    'na dáil co lín a h-ingen,
    co ríacht Temraig na tríath tair
    d' fháilti fri Líath mac Celtchair.
  5. Ní arrlaic Midir Mide
    in Líath dochum a thige
    acht roscaíl in tríath co taí
    in Líath ocus in láech-mnaí.
  6. Iarsin dochúaid 'na congaib
    ingen Midir mór-glonnaig,
    co n-érbailt co téith iar tain
    túaid i mBrí Léith meic Celtchair.
  7. ‘Cen co foam, clú cen geis,’
    ‘mise ocus tú, a Brí co m-breis,’
    ‘bid h-é do chomainm tréith tall’
    ‘Brí Léith meic Celtchair Chualann.’
  8. Rop h-é sin a athesc ard
    in Léith lúaides cach láech-bard
    fri Brí m-brúach-bricc riana scur
    labrad lúath-glicc lán-mebur. M.

  9. p.230