Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 53

IRARUS

  1. In eól duíb fri derbthas
    in senchas fír fobaid
    fail d' Irarus úasal
    asa chnúasach, comaid?
  2. Fechtas diamboí Cairpre
    rí na bairdne beóda,
    ba Lifechair lígda
    in grith-echair gleórda,
  3. Hi Ráith Chairpre, atchúala,
    flaith na bairdne bágda
    for cind na n-én n-úagda
    in find slúagda sámda,

  4. p.212

  5. Cantais ceól trúag taidiúir
    ind eóin ainiúil úagda
    do Chairpre Luirc lígda
    ós chind a chuirp chúanna.
  6. Rop iat-so a n-anmann,
    nírb amgann a n-uide,
    Tortha ocus Tortha,
    cóem-días chomtha, atchluine.
  7. Ind eóin aile íarma
    don sceóin scíamda scáile
    Tíagu, Tíagu, in tan-sa,
    in días ban-sa báide.
  8. I ngalar úais fhota
    tucsat ríg búais buca
    secht coícait óg aidche
    céin baí a caibche chuca.
  9. Gairís Cairpre cúanach
    a druíd dúanach dogbaid,
    Bicne a ainm amlaid,
    fer co sam-graid sobraig.
  10. Atbert fria druí n-docht-sa
    ‘Ní bam ruí budecht-sa’
    ‘meni dingba in énlaith’
    ‘rothrén-gaib mo nert-sa.’
  11. ‘Cissi aird ó ngairet’
    ‘duit eóin gairg notgabat,’
    ‘a chara chóem Cairpre?’
    ‘cía h-alt airgne agat?’
  12. ‘Anair iarum agait,’
    ar Cairpre, ‘síar saigit,’
    ‘ó thurcbáil glain gréine,’
    ‘mór a géire gairit.’

  13. p.214

  14. ‘Tucthar dam-sa iarum’
    ‘in drem-sa cen díbad,’
    ‘crand as cach fhid óg-maith,’
    ‘ball slóg-daith fri sílad.’
  15. Cachain in druí détla
    cétla imda oraib,
    sund in cach amm agair:
    ní fúair crand dia cobair.
  16. ‘Fid Frosmuine, fégaid,’
    ‘co n-dosmuire dúinid,’
    ar in druí co n-dúanaib,
    ‘túagaid ocus túirid.’
  17. Co fríth h-erus chuca
    iar n-denus nárb fhota
    asin muine mesta
    don fhir chnesta atchota.
  18. Rochan air cen fhuirech
    in druí buidech bledech
    co roíc cen anad
    a amar, a enech.
  19. Tuargabad in crand-sin
    co slúag-balad sinnsir
    co rochoisc na h-eónu
    cosna ceólu, cinn-sin.
  20. ‘Ó ronert cech nósad’
    atbert in druí dúasach,
    ‘diar nglé-denus gnásach’
    ‘is Érerus úasal.’
  21. Is deshin atbérar
    forainm, fégar, filte
    Irarus na h-airgne
    ó h-íc Cairpre, is cinte.

  22. p.216

  23. Dorácbad dia apaid,
    scél ná lacaid logad,
    rotucad réil robreth,
    dia tomled a thorad.
  24. Is é sin co sobail
    cen fhogail a shenchas
    don sceól na muin min-chas
    in eól duib a derbthas? In.