Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 51

CERNA

  1. Cía bem sund 'nar suidi sel
    hi cnuc Cerna na coinnem,
    atá thall 'sin Cherna chrúaid
    drem, 'sa menma ri mór-úaill.
  2. Is and atá Cerna cass,
    mac ruc dar berna búadchas,
    isa athair cert Cairpre,
    tuc mór m-bert ar bláth-bairdne.
  3. Is and atá Femen find
    ocus Gemen ón gorm-glind,
    ocus Artán, ard aire,
    is Marcán mac Donngaile.
  4. Is and atá Fíngen, feith,
    fer nodírged cech n-dían-breith,
    is Gúaire glan gáesach grinn,
    ocus Báesach mac Tuilchind.

  5. p.204

  6. Is and atá co bráth m-búan
    días cen táth is cen tár-lúad,
    Find, scaíled cen bedg ri blaid,
    ocus Derg a derbráthair.
  7. Is and atá Néide nía
    Géide ocus Garb is Gartnía:
    and atá in slúag-thend cose
    Alduí úan-chend Iarlaithe.
  8. Is and atá Cían cen chor,
    ocus Casán cúl-remor,
    Dub Dá Chonn, dul cen daille,
    ocus Bresal Breg-lainde.
  9. Is and atát na trí h-Áed,
    Áed úa Temna, nach tár-máeth,
    Áed úa Húaine, in sonn sercach,
    ocus Áed donn dúr-bertach.
  10. Is and atá Bennán bind,
    is Loingthe luchair láed-grind,
    ocus Berr mac Eirc uide,
    is Conán cerr cét-guine.
  11. Is and atá Détla in dul,
    ocus Cétna cath-labur,
    Alduí nár athben for nech,
    ocus Cathgen cath-maínech.
  12. Is and atá cethri Gaírb,
    im Garb nGlinde, im Garb mac Scairb,
    im Garb rige na rúac rot,
    im Garb cúac a slíab sen-Chrot.

  13. p.206

  14. Is and atá Gúala in gel,
    ocus Goll mac Da Gemned,
    ocus Fíach dar Fálga fraig,
    ocus Slánga mac Dubthaig.
  15. Is and atá Túathal tan
    is Tipraite traig-lethan
    ocus Brúach don Brega, is bind,
    ocus Trena mac Loiscind.
  16. Is and atá Fúatach fáid,
    ocus Síthchend sochonáig,
    ocus Faidech na fine,
    is Laidech lór lán-fhile.
  17. Loingsech mac Óengusa and,
    Eochaid Lemna na láech-land,
    is Níall mac Cernáig cubaid,
    tuc i mBregmaig brón-chumaid.
  18. Is and atá Áed Sláine sáer,
    is Conall láeg Breg bronn-cháel,
    ocus Oengus óc Odba
    is Congal cáid cáem-cholma.
  19. Is and atá Ailill án,
    Diarmait, Bláthmac nár beó-bán.
    Sechnasach sodaing cose,
    is Conaing mac Congaile.
  20. Is and atá Irgalach, aig,
    ocus na dá Amalgaid,
    is Cendfáelad Bregach bind,
    Finnachta fledach fíal-grind.
  21. Cináed mac Irgalaig and,
    ocus Flaithbertach fúamann,
    ocus Cernach, cen chur de,
    is Dúnchad delbach Daíle.

  22. p.208

  23. Is mór ria n-áirim uile
    in slóg fáilid folt-buide,
    fil fon Chernai chruim chétaig
    do síl Chuinn, roscath-métaig.
  24. Fil mnaí fo brut cach fhir díb
    hi cnuc Cernai fo chét-bríg,
    don tslúag roáirmius cose,
    co n-áinius, co n-oíbinde.
  25. Dobiur bréithir, nach bec blad,
    dia m-beith nech las' m-bad chuman,
    ainm cech fhír bregda, cen bréic,
    fil 'sin Cherna a cét comméit.
  26. Is é as tóisech dóib 'na thaig
    Cerna nóisech náimtemail:
    is dó-sin fri foshnaidm fíal
    is comainm cert in Cerníam.
  27. Is úad-sin ri togairm thúaid
    comainm Cerna co cét-búaid
    sech cach ngell co nglund guide,
    cía bemm sund 'nar sír-shuide. C.
  28. A rí na baíde cen bréic
    ar do naíme co nert-méit
    co rísem nem na ngell nglé,
    cía bemm sund sel 'nar suide. C.

  29. p.210