Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 50
CLEITECH
- Cleitech in druí díles daith,
scél cen mímes, ba mór-fhlaith,
sund roadnacht in fáid fir,
ó fil comainm cáid Cleitig.
- Bés ba h-é in tech turcbad and,
iar ngrés na n-ugdar nemgand,
dia n-ebrad cen tréithe the
cléithe tech n-Érend uile.
- Nó ba cléithe ach n-anbal
mac Erca do moch-marbad:
hi Cleitig crúaid cen chrábud
fúair guin, loscud, lind-bádud.
p.202
- Cléithe ach i n-Erind uill
díth cáid Cormaic uí chóem-Chuinn
hi tig Cleitig iar nglíaid glic
dia lil cnáim íaich 'na brágait.
- Adchúala mac ac Degaid
mac Sin meic Rois in rebaig:
and dorigne thúaid a thech
fer crúaid dar chomainm Cleitech. C.
- Iar labrad do fhlaith cach fhir
co fagbar a maith mór-dil:
in rí as nóebu ná cach nech
roscar ria chóemu Cleitech. C.