Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 48
MAG LÉNA II
- Muc mic Dá Thó, tlacht-múad torc,
nocharb í in attrúag imnocht:
co cend secht m-blíadan, cen brath,
sesca gamnach dia bíathad.
- Ba h-airdirc in molbthach mas
feib sontar triasin senchas,
cen chleith m-bratha rodusbrú:
cethracha dam dia fothu.
- Amra cródaib, for creit chairr
aire nónbair 'na trom-thairr:
céin baí oc raind robailc co rath
dosromailt Conall Cernach.
- Ci aslúi Ailbe na ngrúad nglan,
cú dianad caidle in cosnam,
cé dorairg gressa don phurt,
nírbo messa de in mór-mucc. M.
p.196
- Mess Gegra, Mess Roída rán,
dá mac Dá Thó na trom-dám;
mac Mess Roída fri féth, fuit,
issé rométh in mór-muic. M.
- Lotar dó iar tóitib trell
cóic cóicid ána Hérenn,
dosfuc a combág cuicce;
mór in oll-dám óen-muicce. M.