Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 46

MAG BREG

  1. Secht maic Breogain, bríg cen brón,
    Brega, Blad, Cúalu cath-mór,
    Cúalnge, Fúat, Murthemne maith,
    ocus íth úasal ard-fhlaith.
  2. Slechtsat maige ar maith dia claind
    in cumann daith derb-álaind,
    conid leó iar n-úairib airthir,
    ocus úaidib ainmnigthir.
  3. Roslecht Brega, bág cen chleith,
    in mag-sa imríadat ar n-eich,
    co mair ria gairm ngel, roglac,
    a ainm sel mar cach secht-mac.
  4. Dochúaid fri senchas nach snéid,
    iar sreith na súad co soréid,
    Brega cen bine blaide
    ainm daim Dile dell-glaine.

  5. p.192

  6. Aire rochar Dil, nár dúail,
    in dam ba muirech mór-búair,
    dáig i n-óen-fhecht rochin sí
    ocus in dam co n-dath-lí.
  7. Tulchinde druí, derbdait máil,
    tuc leis in n-ingin n-óc-náir
    co lóeg búadach na blaide
    co Mag m-búarach mBolcgaide.
  8. Rolen ainm in daim duilig
    do Maig Breg co mór-chuirib:
    bréit Breg, in dom-airm cen acht,
    rotréic sogairm na secht-macc. S.