Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 45

TLACHTGA

  1. Tlachtga, tulach ordain úais,
    forbaid mór ríg co rochrúais,
    ón chéin rosgab Tlachtga thoich,
    ingen Moga réil ríg-Roith.
  2. Mug Roith mac Fergusa Fáil
    mac Rossa rígda ronáir,
    Cacht ingen Chathmind na cles
    a máthair dath-grind díles.
  3. Roth mac Riguill roalt h-é;
    de ba Mug Roith rogaide:
    dá mac Moga, Búan is Chorb,
    sona dar slúag a sáer-dord.
  4. Ba h-í máthair na mac mass
    Derdraigen dúr dron-amnass,
    ocus máthair chert Cairpri,
    is becht lem ó bláth-bairdni.
  5. Ingen Moga, mílib slúag,
    Tlachtga toga, nár tháeb-fhúar,
    luid ria h-athair n-dímór n-dil
    co Símón sáer sechtmisid.

  6. p.188

  7. Trí meic la Símón, ba sám,
    ba dímór a n-díabul-bág,
    Nero, Carpent is Uetir,
    ba balc-gent co m-beó-gletin.
  8. Doratsat na meicc 'malle
    seirc do Thlachtga tri tháide,
    cor' sílsat a broinn, cen bréic,
    do chloinn chomadais chomméit.
  9. Tlachtga di thriun, nírbo thimm,
    dorigne in roth rúad rogrinn
    maróen la Mug n-dímór n-dil
    is la Símón sechtmisid.
  10. Hí dorat léi in fuidell, fiss,
    forfácaib in roth rochliss,
    lía foirbthe i Forcarthain fainn,
    ocus in coirthe i Cnámchaill.
  11. Dall cach óen nodnaicfe sell,
    bodar cach óen nodcluinenn,
    marb risa m-benfa ní de,
    don roth garb-grennach gráinne.
  12. Iar tuidecht anair don mnaí
    ruc tri maccu co mór-gnaí:
    atbath dia m-breith in mer menn:
    scél mór cen chleith rocluinemm.
  13. Anmann na mac, lúad nad chres,
    Múach is Chuma is Doirb díles:
    in tshlóig ó Thoraig, rostecht,
    dóib (is comaid) a cloistecht.

  14. p.190

  15. Hi céin béit ós Banba blaid
    anmann na mac ar marthain,
    is scél fír fri sílad sin,
    ní tic díbad dia daínib.
  16. In cnoc in rohailed úag
    do mnaí na n-airer n-adúar,
    dar cach sogairm suí sana
    is dó is togairm tuí Tlachtga. T.