Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 42
LOCH DÁ GABAR
- Loch Dá Gabar, gním dia fail,
úaim co fír rofesabair,
a rígrad ón Bregrus balc,
ní do shenchus na sen-marc.
- Sund robáidit, bríg cen blad,
echrad Echach ríg Muman:
báeth in fíad rosforaim and,
Gáeth ocus Grían a n-anmann.
- Dorucait ria réir don ríg
ar fheis Temrach do thairb-ríg
ó Eochaid mairc-cend na mál
d' Enna fhairtend enech-nár.
- Rosfúaitgi serrach seng sel
óthá in glenn imba Glasgen:
rocingset reime, réim troch,
cor' lingset léim 'sin láech-loch. Loch.