Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 41
FÍCH MBÚANA
- Dorat Búan, in ben nár bán,
ingen Samaír, a sír-grád
do Choinculaind co m-broí bailc
diasloí for slicht a charpait,
- Dia rucsat réim co h-Ess Rúaid
in triar láechda co lond-búaid,
Lóegaire, láem ar brú bla,
Conall cláen, Cú na cerda.
- Imchosnam in míre mir
ruc thíar in díne n-daith-gil:
co Samáer sáersat a sreith,
dáig rofáemsat a óen-breith.
- Ruc Samáer, nach sín samail,
in mír don Choin chath-labair:
in Cú thúaid, diar bunad blad,
fuair mír curad cen chosnam.
- And rongrádaig in grúad glan,
dianid comainm Búan bladmar,
co tícht 'na degaid 'na dáil
co Fích Nemain in núall-gáid.
- And rochúala a díth 'mon all
hi Fích Búana na m-búaball:
ní mucechaing céim h-i fat,
ní fúair in m-béim dia tarat. D.
p.182