Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 37

SRUTHAR MATHA

  1. Sruthar Matha, maídid lib,
    a shlúag faílid dian fír-dil!
    ma tá lib, cen tacha trell,
    aided Matha mic Roírenn.
  2. A Laignib na ferg fuilid
    da bás i crích comaithig
    toisc Matha i m-beól in buinne,
    eól a fhatha acainne.
  3. Fid cnúas imda atchúala mé
    i n-íarthur Macha maige,
    ar aí blaide ocus bolaid
    daire ní boí a baramail.
  4. Bolad noéirged don fid,
    an táeb le gaeíth noglúaised,
    ní fuigbthe adba folaig
    'sin Banba dia boltanaib.
  5. Cach muc nosúiged lia sróin
    bolad in doire dímóir,
    maided a croide re cois
    don doire mani dechdais.
  6. Tríallaid tocht fon m-bolad m-búan
    trét Cathaír móir na marc-shlúag:
    nír thús ratha don mór mall,
    Matha dia clód fo chumang.

  7. p.174

  8. Filled ná sóud 'na sét
    nír fhét Matha don mór-thrét:
    ránic co Cummar fon chás,
    ullam tánic a thig-bás.
  9. Maidis a chenn, ba táem troch,
    le tograim is le tesbach:
    téit co cíamair fon sruth súain,
    mar nár guth d' íarraid indúair.
  10. Mac Roírenn mic Rogain rúaid,
    ríg-muccid Cathaír Chonlúain,
    torchair sund co sáir-mer sain
    co robáided 'sin tshruthair.
  11. De roráid cach fer co fír,
    ‘In sruth tar Matha, is mór-gním:’
    méraid ria gairm, bid gním glan,
    a h-ainm sír corob sruthar. S.
  12. Sruth Nencha, nách scaílenn scol,
    ria mac Raírenn na rochor,
    fúarus ós cach rús rorad,
    ba h-ed ar tús in tshruthar. S.