Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 27
ARD MACHA
- In mag imríadat ar n-eich,
do réir Fíadat co fír-breith,
and roclass fo thacha thig
in mass, Macha ben Nemid.
- Nemed riana baile ar blaid
dá sé maige romór-shlaid:
ba díb in mag-sa, is maith lemm,
dara rag-sa im réim rothenn.
- Macha, robráena cach m-búaid,
ingen ard Áeda arm-rúaid,
sund roadnacht badb na m-berg,
dia rosmarb Rechtaid rig-derg.
- Hí rochum, cen chúairt cobra,
do maccaib dúairc Díthorba
nír gním deólaid, co n-deilg de
Eómain ós leirg in maige.
- Dia coíniud, ba bunad bil,
la slúag n-Ulad cach n-aimsir,
dogníthe cen tacha thair
óenach Macha 'sin mór-maig. In.
- Is cóir dam a rád i fus,
dáig is dál co n-dánatus,
scél diamboí cless cen chobair,
Ulaid h-í cess chomgalair.
p.126
- Laithe doríacht fo glóir glain
co h-óenach cóir Conchobair
in fer trétach ón tuind tair,
Cruind cétach mac Agnomain.
- And tucait, fri h-érim nglain,
dá ech, nach fégaim samail,
i n-ech-thress curad, ná ceil,
fo ríg Ulad in úair-sein.
- Cen co raib a samla sin
ar Maig dá Gabra d' echraid,
atbert Cruind, in mer mongach,
ba lúaithiu a ben balc-thorrach.
- Fastaid acaib in flaith fir,
ar Conchobar cath-chingid,
co tí ben bán in balair
do rith rán rem rogabair.
- Etha óen-fher ara cend
ó ríg na fóen-shleg fír-thend
co toirsed ó thuind tríathaig
do chosnum Chruinn chrín-bríathraig.
- Doríacht in ben cen fhuirech
óenach na reb roguinech:
a dá h-ainm thíar cen tacha
Grían gel ocus glan-Macha.
- A h-athair, nír thréith 'ca thig,
Midir Brig Léith meic Celtchair
ina treib thíar cen tuige
ba h-í sin grían banchuire.
p.128
- Mar doríacht co ngairge im glóir
rochuindig cairde a chétóir
co slóg na clann ná claíte,
ó dosrocht amm asaíte.
- Tucsat Ulaid bréithir riss
don mnaí théith-mir thúachail-chniss,
ná faigbed rath ria rige
ó chath chlaidbech cloth-Line.
- Iarum rosnocht in mer mend
roscaíl a folt 'ma fír-chend,
doluid cen om-grith n-áine
don chomrith don chomáine.
- Tuctha na h-eich dia tóeb thair
dia m-breith sech in saír samlaid:
d' Ultaib in braga co búan
robo clé mana in marc-shlúag.
- Ciaptar lúatha mairc in máil
eter thúatha fo thrén-dáil,
lúaithe in ben cen gním ngainne,
eich in ríg ba romaille.
- Mar rosíacht cenn na céite,
(ba sáer a gell glé-méite,)
ruc díis cen athbach n-úaire
fiad shlúag cathrach Cróeb-rúaide.
- Mac ocus ingen moalle,
rosalt imned tria áine:
emon ruc Grían cen gním ngann,
Fír ocus Fíal a n-anmann.
p.130
- Fácbaid bréithir co m-búaine
for cléithib na Cráeb-rúaide,
a m-beith fri tress fo thirbaid,
fo chess is fo chomidnaib.
- In bríathar dorat andsin
don tshlúag thríathach ba tirbaid:
roslen, nírbo gnó do gail,
cosin nómad nó n-arsaid.
- Ó fhlaith Chonchobair Cherna
ós trom-thoraib túaid-Emna
rosbraith tria báig in bine
co flaith Máil meic Rochraide.
- Andsin robo marb in ben
don galur garb, roglinned;
co roclass fo thacha thair
i n-Ard Macha mid-adbail.
- Dia bás, dia bethaid co m-blaid
eter srethaib síl Ádaim,
na mná cen bríg m-bailb ós bla
rolen a h-ainm in mag-sa. In.
- Co h-Ard Macha, dáltait fir,
ó thuc Pátraic prím-chretim,
in túaim cen tacha rothag
is rúaim ratha, cid romag. In.
- A rí, thuc Emain co h-úar
iarna dedail ria deg-shlúag,
m' anmain ní rop trúag it tig
iar salmaib súad h-i sáer-maig. In.
p.132