Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 23
AILECH II
FLAND MANISTBECH cecinit
- Cía triallaid nech aisneis senchais Ailig eltaig
d'éis Echdach áin, is gait claidib al-láim Ercail.
- Ermór neich roiarfaig uli úa Maelcholuim
Eochaid iar cund rosluind ria sund do druing Dobuill.
- Derb mar roiarfaig cía sóer doróni Ailech,
ní cheil Eochaid arm-shlán airech: Garbán graigech.
- Cía robuí ar cáe 'ca dénam? Imchell fin-fher,
is Garbán sóer úa Gairb ó gáel fáel nofiged.
- Fég cía lasa n-dernad iarum in gním glanda?
in fer las' tucad a damna i n-deil Dagda.
- Dia n-iarfaigther cíasu fochond ar a n-dernad?
a maic im lecht cundail rofhecht in fert feb-glan.
- Fégthar cid dia n-apar Ailech airdairc etir?
dond ail túargaib Corrgend cicuil torgenn gletin.
- Geguin Corrgend mac Flathemain ó Chruaich, cluinid,
Áed ard amra ropo mac don Dagda duilig,
p.102
- Dia n-dechaid Áed co mnaí Corrgind ina lepaid,
ba h-olc opair, úair nách fer cotaig rochetaig.
- Cechaing Corrgend iarna chrád for lár a thige;
co romarb Áed iar n-óeth aire, ba bóeth bine.
- Bátar óic Érenn 'ca iarair, amra in lucht-sin,
co ná fúaratar dond fhecht-sin iarsind ulc-sin.
- Oirrgther, or cách, na h-anagar dáig na n-derna.
Nítha a díth, ol in Dagda, fo bíth Temra;
- Acht tócbaid in marb romudaig fora muin-seom,
is ferr dún trá trell dia thoil-seom andá a guin-seom.
- Co raib fo méla fon marb-sin, cen nach cáemna,
co fagba lícc bas bert búada for lecht n-Áeda.
- Arigis líc ós loch Fhebail, ba feidm fénned,
co tórgab súas co crúas chórad, úais int én-fher.
- Ed asbert oc breith ind eire dar sreith slige,
Ach ach do ail! is deshin domaid mo chride.
- Coir cid Ailech doraga ris, ol in Dagda;
corop ed a ainm in dindgna, airm i tarla.
- Techtad Néit mac Induí Ailech, bráthair athar,
ocus Nemain a ben brethach na cned cathach,
p.104
- Corop Ailech Néit asberthar ó cech duine
gibis glaine, ór is leis ind inis uile.
- Iarfais nech and cía díne rogab in insi,
tan dorigned in gním gland-sa ósind lind-si?
- Lán-memor lim, it Túatha Dé Danann drongaig
cona ngáib cona scíathaib cona congaib.
- Cía rí buí for Érinn uile glé-binn glaine,
acht in Dagda druine? ni chluine nach n-amra n-aile.
- A n-amm i n-dernad in dindgna, demne dolaid,
toimsech trebaid, in tres amser toirsech domain.
- Dorócht mór n-díne do Ailiuch i m-bíd Imchell,
ailig airmenn co tánic in fairmenn Frigrenn.
- Frigriu mac Rudi rúaid roglaig co n-úaill ergnaid
tuc la h-ór a h-Albain armaig óg a ernaig.
- Ergnaid in cerdd diarbo h-ainder Ailech imgel,
cíarbo do Fhubthaire fhond-gel ropo h-ingen.
- I n-athiud dosfuc dar muir mac Rudi rathaig
iar cnis chlochair, rop fhochaid cen fhis dia h-athair.
- Atracht Fubthaire dia iarair, cíarbo h-indsa,
glicc in band-sa, co toracht conici in dind-sa.
p.106
- Deshin bretha isin daingen co nglúair graigech;
úair ba debech rucad úaid Ailech i n-Ailech.
- And ba h-úamon ri Fubthaire Frigriu Fothart;
Fiacha Sroptine rodnanacht noco toracht.
- Tech dorigned and 'ma mnaí la Frigrinn foglaid,
ropo ergnaid os roí rebraid ar a roblaid.
- Rogníth do derg-ibur druimnech iarna dlugu,
co ngarg-brut glór de arggut de ór de umu.
- Rohecrad do gemmaib glainib, gním ronglen-ón;
ba samail trá adaig ocus lá 'na medón.
- Madngiúil dishein Ailech Frigrenn, fégaid find-chill,
Ailech Néit ní tréic tre thairthim Ailech Imchill.
- Ní fil i crí rofessed cach ní acht Día,
ríagail réa rofitir ó chíanaib cía. C.