Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 18

COIRE BRECCÁIN

  1. Coire Breccáin, bail i fail
    cen ettáil, cen imresain,
    ní rís co m' éc ar mesca
    in coire cét commesta.
  2. Cethri mara fo míbal
    cen bara fo bith-línad
    as cech aird ecrait ille,
    teclait isin sáeb-chuithe.
  3. Anair aníar, ní h-ettal,
    muir n-Orc is muir n-úar-Brettan
    condrecait im garg-blaid ngrinn
    eter Albain is Érinn.

  4. p.82

  5. Airm condrecait iar n-uide
    na h-uisci, na h-il-muire,
    cuirit cor n-dúairc, ce bé de,
    cách díb im chúairt a chéile.
  6. Fairsing in roth co rige,
    adba troch fo thrúag-bine:
    becc i n-óenfhecht dia lánaib
    slóg sáer-chert síl sen-Ádaim.
  7. Ní fhail ar bith, búan in t-ed,
    óen-fher for rith rosroised
    cúairt in choire, cor cen scís,
    a h-ur co h-or ri h-óen-mís.
  8. Cech flaith-fher fíal rofánic
    ar cúlu ní comtánic
    assa lár lecc-bán ille,
    ó roching Breccán Bérre.
  9. Breccán cen sam-thodáil sláin,
    mac Partholáin in prím-fháith,
    rombáid a choícait long 'le
    ilar tonn in tsháeb-choire. C.
  10. Eól dam senchas na sruithe
    for trebthas in trén-chuithe,
    ó fil cech tráth ria thomus
    in gairm gnáth, in glan-fhorus.
  11. Atchúala Breccán m-bladach
    dianid lechtán lond-galach:
    d' uíb Néill rothuill cech tellach
    éim il-luing ri lúath-chennach.
  12. Breccán mac Maine, mét snúad,
    rombáid in coire cith-rúad,
    co fil fo thráig thruimm thuilltig
    eter luing is láech-muintir.

  13. p.84

  14. Cía rofalaig Breccán m-búan,
    maraid a ainm ri imlúad,
    cona ethur fo aire,
    fo threthun in tsháeb-chaire. C.
  15. Ruibne trí rand in domuin,
    a cur and 'na n-urchomuir
    in tslúaig rosílad cose
    súail do línad in choire. C.
  16. Doriacht sunn oígi do chéin
    fer co noíbi d' uíb níam-Néill:
    co rolom rochinge de
    Colum cáid Cille in coire.
  17. Dia n-dechaid síar co Cluain cáid
    Colum dían ri dúain Ciaráin,
    búar, eich adair, ór engach,
    ní ragaib 'na rochennach.
  18. Acht trí duirn a h-úir deirg déin,
    muirn díamair rúin i rochéin,
    ed rothúir fria serc-bla sláin
    d' úir ligi leptha Cíaráin.
  19. Mar fuair Colum ón chill chain
    fíach ná romill a menmain
    doríacht ass ar cúlu aníar
    co Mag n-Úru, nírb imchían.
  20. And fuair dreim n-dedgair n-ittich
    do demnaib fo dímiccin,
    slúag teichthech iarna tuba,
    cúan breflech fo brón-guba.

  21. p.86

  22. Mar atchondairc Colum cáid
    in slúag rolond cen rath-báig,
    dorn úire dia soithib sunn
    rochuir foithib dia tafunn.
  23. In dorn aile, ba gním cáid,
    rochuir fo choire mBreccáin:
    a gail co timm rothaisig,
    co fil 'na linn lán-maisig.
  24. In tress dorn, cen gním ngalair,
    (mochin dian fonn fír-fhalaig,)
    roscaíl co comláir mo Chía
    i relic Odráin aird-Hía.
  25. Rosáerad Mag n-Úru de
    tresna rúnu rodemne,
    in coire co mongáir múir,
    is Mag n-Odráin, don óen-úir.
  26. Itge togaim ó Chríst cháid
    ar rath Choluim is Chíaráin
    m' áit ar talmain na trét te
    ri flaith raglain cét cuire. Coire Br.